Author |
Message |
Celtoid
| Posted on Tuesday, April 20, 2004 - 08:32 am: |
|
Tá mé fós ag léamh "Tnúthán an Dúchais" agus tá ag éirí liom go han mhaith, cé bhfuil sé mall go leor. Tá ceist agam faoi abairt ann. An abairt: "Ainneoin go raibh Colm chomh grádiaúil agus chomh diaganta le haon duine dár tháinig riamh ar a chine, ba mhinic, gan fhios dó féin, a thagadh carghas air scaradh le pingin an Aifreann Dé Domhnaigh." Cén fáth a bhfuil "thagadh" ann san áit "thiocadh"? Ni raibh mé in ann "tagadh" a fháil i mo fhoclóir. |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, April 20, 2004 - 10:36 am: |
|
an aimsir gnathchaite de "tar (teacht)" atá i gceist |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, April 21, 2004 - 03:15 am: |
|
Tháinig sé ( Past ) Tagann sé ( Present ) Tiocfaidh sé ( Future ) Thiocfadh sé ( Conditional, formed from Future ) Thagadh sé ( Past Habitual, formed from Present ) "Thiocadh" isn't a word. |
|
Celtoid
| Posted on Wednesday, April 21, 2004 - 10:01 pm: |
|
((("Thiocadh" isn't a word)))---------------------------------------------------------------------------------Ooops! Bhí fúm "thiocfadh" a scríobh. Mo dhearmadsa. (Cén chaoi a (n?)deireann tú "ooops!" as Gaeilge?) |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, April 22, 2004 - 05:19 am: |
|
"ooops!" na Gaeilge? Feileann 'óra ' dhiabhail' dom féin an chuid is mó den am. Other options depending on negativity/positivity factors can be 'a chac', 'a mh'anam' agus a leithéid. |
|
|