|
Bhuel….tá samhradh
eile thart anois, agus seachtain Ghaeilge
eile thart chomh maith. Bhí
an-spórt ag
na freastalaithe go léir, mar is gnáth:
bia blasta, comhluadar cairdiúil agus
spreagúil, agus neart scoláireachta—bhí
siad go léir le fáil tríd an tseachtain Ghaeilge in Esopus i mbliana. Ceithre rang Ghaeilge a
bhí ar siúl i dtrí
seisiún gach lá, agus bhí níos mó ná ochtar mac léinn i láthair go
hiomlán.
Agus na páistí….!
Ní
raibh an oiread sin páistí linn riamh roimhe sin—beagnach fiche idir
ghirseach
agus ghasúr, ag freastail ar naionrá agus “ranganna
glan-thosaitheoirí,” lenár nEthel
i gceannas orthu. Mar
a deirtear: tús
maith, leath na hoibre!
Ar ndóigh, bhí
múinteoirí den scoth againn arís i rith na
seachtaine: Eibhlín
Zurell, Pádraigín
Collum, Rath DeHoust,
Walter Stock,
Maitiú Tully, Séamus McCabe, agus Donncha Ó Cuinn ar an leath lá saoire
(tráthnóna Dé Céadaoin).
Freisin, bhí cailín
cliste linn i mbliana mar mhúinteoir ard-rang: Caitríona
Ní Chléiricín, as Muineachán. Is
mac léinn í féin í Caitríona, ag freastail ar Coláiste na hOllscoile
i mBaile Átha Cliath faoi láthair, agus ag múineadh daoine fásta le
Bord na
Gaeilge. Seo a céad chuairt go Meiriceá ach tá
súil
againn go bhfeicfimid í ar ais arís linn..…
I measc buaiceanna eile na seachtaine:

-- ranganna ceoil gach lá: bhí Gobnait agus Siobhán,
na múinteoirí,
ar fheabhas, agus bhí grúpa
“féin-mhúinte” ar an bhfeadóg stáin
--
léacht an-suimiúil faoi rúndiamhra na teanga Breatnaise,
le Walter Stock
-- taispeántas iontach faoi thuras fada
ar an Appalachian
Trail (beagnach 2,200 míle ar fad, ó Georgia
go Maine!),
le Noel Cotter
-- dúnmharú
(bréagach!), le leideanna le bheith réitithe ag
na rannpháirtithe — “Cé a rinne é?”
-- lá spóirt i lár
na seachtaine, le Stiobhárd agus Liam mar stiúrthóirí.
Bhí cluiche “Truth or Dare” ann, le
ceithre
fhoireann in aghaidh a chéile. Roimh
deireadh an chluiche, bhí cúpla pióg uachtar caite i gcúpla aghaidh…(!)
-- ceardlanna damhsa ar siúl
gach oíche sa ghiomnáisiam le
Noel Cotter —cleachtadh maith roimh an gcéilí oíche Dé hAoine
-- bailiúchán
scannáin éagsúla, i nGaeilge agus i mBéarla, ar
fáil chun sos a sholáthair tar éis na laethanta fada ag foghlaim
Gaeilge!
-- agus an céilí
mór ag deireadh na seachtaine, le spraoi
agus spóirt agus “party pieces” ón ngrúpa go léir!

Ar feadh na
seachtaine, bhí ár smaointe agus ár gcroíthe
lenár gcairde as láthair i mbliana—go háirithe le Seán Tierney. Go mbeannaí Dia sibh, go
dtí an am seo
arís….
Agus míle
buíochas arís le hEthel
agus a foireann as ucht seachtain iontach eile.

|