Author |
Message |
Dennis King
| Posted on Friday, December 10, 1999 - 02:27 am: |
|
Ba mhaith liom liosta sláintí Gaeilge a chur le chéile le haghaidh oíche chinniúnach Y2K. Má tá ceann beoga blasta agat, cuir chugainn é, le do thoil. - I'm looking to collect some choice toasts in Irish (or translatable to Irish) for the coming New Year celebration. If you have a good one, please post it. Here are some old favourites that I already know: Sláinte agus saol! Sláinte agus táinte! Sláinte do bheo agus trócaire do mharbh! Go mbeirimid beo ar an am seo arís! And the ever popular "cheers!" line: Caith siar é agus ná lig aniar é! Dennis http://www.eskimo.com/~donncha/stair3.html |
|
Aonghus
| Posted on Friday, December 10, 1999 - 02:58 am: |
|
Tá liosta fada i Seanfhocail na Mumhan, agus i gCroí Cine. Más maith leat, cuir ríomhphost chugam ag agus deanfaidh mé iarracht iad a chuir chughat. Aonghus |
|
Dennis King
| Posted on Friday, December 10, 1999 - 10:32 pm: |
|
GRMA, a Aonghuis. Is mithid dom, is dócha, an chéad leabhar sin a cheannach. Scríobhfaidh mé chugat go príobháideach mar gheall ar an liosta atá ann. Idir an dá linn, b'fhéidir go bhfuil sláinte Ghearmáinise agat a bheadh oiriúnach i nGaeilge chomh maith. Mar shampla, is féidir "Salud, dinero y amor, y tiempo para disfrutarlos", a thaitin liom riamh, a aistriú gan dua mar "Sláinte, airgead agus grá, agus am chun sult a bhaint astu!" Dennis |
|
Aonghus
| Posted on Saturday, December 11, 1999 - 02:46 pm: |
|
Níl - ní deireann na Gearmáinigh ach "Prosit" nó Prost - focal a tháinig ón laidin de réir mo Dhuden. An Gúm an foilsitheoir do Sheanfhocail na Mumhan. Níl ISBN air. Tá an liosta sláintí san leabhar san an ghearr 8 gcinn ar fád. An ceann is fearr liom fhéin ó Croí Cine ná "Bean ar do mhian agat Talamh gan chíos agat Dea-fomhair gach blian agat Agus bás in Éirinn!" Cuirfead an liosta eile chughat, agus anseo amarach le cúnamh Dé. |
|
Dennis King
| Posted on Saturday, December 11, 1999 - 08:48 pm: |
|
Tá an ceart ag do Dhuden. "Prosit" = "go ndéana sé maith (duit)", ón mbriathar "prodesse". Seo leagan eile den tsláinte chéanna: Sláinte is saol agat, Bean ar do mhian agat, Talamh gan chíos agat, Leanbh gach bliain agat, Ón mhí seo amach! Health and long life to you, A wife of your liking to you, Land without rent to you, A child every year to you (!), From this month forward. It's a bit of a museum piece, though. Ní dóigh liom go mbeinn in ann é sin a rá gan gháire ar Oíche Chinn Bliana! Dennis |
|
Aonghus
| Posted on Sunday, December 12, 1999 - 08:21 am: |
|
Sláintí ó Seanfhocail na Mumhan 770 Faoi thuairim do shláinte 771 Sláinte mhaith 772 Sláinte gan slaghdán chughat 773 Sláinte an bhradáin chughat - croí folláin agus gob fliuch 774 Saol gadhair agus sláinte an bhradáin chughat 775 Sláinte na bhfear is go maire na mná go deo 776 Siúd ort 777 Nár dheine an braon seo díth na dochar dúinn 778 Dia linn is deoch is na rabhad choíche bocht Maidir leis an gceann eile, ní ró shásta a bheadh mo bheansa le leanbh gach bliain! |
|
|