Author |
Message |
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 364 Registered: 10-2009
| Posted on Tuesday, September 27, 2011 - 03:43 am: | |
Bhíos-sa ag smaoineamh ar an gcúrsaí Uachtaráin le déanaí agus go hobann, d'aithníos nach raibh a lán Gaelainn le cloisint óna iarrthóirí. B'fhéidir go bhfuil gaelainn acu, ní a fhios agam go direach. Mar sin féin, cuirfead an ceist seo a leanas oraibh: Cén duine acu a bhfuil in ann a c(h)uid Gaelainn a labhairt go líofa? 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11707 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 27, 2011 - 03:53 am: | |
Michael D. Tá cúpla focal ag Norris. Sin é, go bhfios dom. |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 365 Registered: 10-2009
| Posted on Tuesday, September 27, 2011 - 09:57 am: | |
Is dóigh go bhfuil roinnt gaeigle ag Martin McGuinness, faraor. Ní thaithníonn sé liom in aon chor. 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Dalta_seán
Member Username: Dalta_seán
Post Number: 10 Registered: 05-2011
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 11:51 pm: | |
Is ceist an-mhaith ach ní féidir liom aon eolas a thabhairt faoi. Is dócha go bhfuil Gaeilge réasúnach ag gach ceann acu ach is iontas é nach bhfuil siad os comhair na meáin leis mar a rinne ceannairí na bpáirtithe polaitiúla ar TG4 roimh an toghcháin ginearálta i mbliana. Tá an uachtaránacht díghrádaithe mar geall ar. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 241 Registered: 01-2011
| Posted on Thursday, October 06, 2011 - 09:29 am: | |
Tá súil agam go bhfaighidh Michael D vóta na nGael is na nGaeilgeoirí. Gheobhaidh sé mo vótasa ar chaoi ar bith mar is é a thug TG4 dúinn agus sheas sé an fód in aghaidh spíd agus gangaid na ngall. Is cosúil gurb é atá chun tosaigh sa phobalbhreith is déanaí. Faoin gcóras ionadaíocht chionmhaireach (cionúrach?) atá againn in Éirinn gheobhaidh Michael D a lán vótaí ó lucht leanúna Dana, Gay Mitchel, agus David Norris. Gheobhadh sé vótaí ó lucht leanúna McGuinness freisin. Fágann sin Gallagher agus an bhean sin nach cuimhin liom a hainm. |
|