Braitheann sé ar réimniú an bhriathair. Is féidir "labhair" a bheith sa chéad nó sa dara réimniú.
Sa chéad réimniú déarfá "labhras" (foirm tháite) nó "labhair mé" (foirm scartha) ach sa dara réimniú déarfá "labhraíos" (foirm tháite) nó "labhair mé" (foirm scartha)
Maidir leis an "í" sin is fusa a fheiceáil cé as a dtáinic sé leis an mbriathar "ceannaigh" (dara réimniú).
Is é "cheannaios" an fhoirm tháite do "cheannaigh mé" ach d'fhéadfaí "an seanlitriú" a shamhlú: "cheannaigheas". Athraítear "~ighe~" go "~í~" i litriú an lae inniu agus cuirtear ~o~ in éis ~í~ Sin agat é.
Maidir le Gaolainn na Mumhan cheapfainn go gcloistear an fhoirm tháite in gach aon áit. Go háirithe mar fhreagra aonfhoclach ar cheist.
Tá de nós ag Coimisinéir an Gharda baill den fhórsa a tógadh i nGaeltacht na Mumhan a sheoladh go Tír Chonaill, go hIorras, agus go Conamara d'fhonn is nach mbeadh trua acu do na comharsana dá gceapfaidis iad ag tiomáint abhaile ón bpub.
Cé gur chuir na Gardaí óga sin an dlí i bhfeidhm d'fhág siad a rian ar chanúint na háite. Phós siad na cailíní ab áille sa cheantar agus thóg siad scaoth páistí nárbh eol dóibh ar cheart "labhair mé" nó "labhraíos" a rá.
Mar an gcéanna le múinteoirí, banaltraí, státseirbhísigh den uile ghrád, agus daoine le tuarastal agus carr nach iad. Má tá Gaeilge de chineál ar bith acu seoltar chun na Gaeltachta iad. A luaithe is a fheictear san áit iad sciobtar agus póstar iad sula mbíonn deis acu smaoineamh ar mheascadh na gcanúintí.
i.e. et ergo tá na canúintí an-mheasctha inniu. Tá pobal na Gaeltachta féin an-mheasctha: bunadh na háite; daoine gan Ghaeilge a tógadh thar lear; daoine gustalacha a bhfuil jab mór acu sa chathair is cóngaraí; cuairteoirí, teifigh, jaingléirí, agus bodaigh bhóthair. An-mheasctha. Chaithfeá cluas ghéar a bheith ort chun Gaeilge a chloisteáil.