Os rud é gur mheabhraigh Ggn dúinn gur cláir d'fhoghlaimeoirí na teanga iad "The Daltaí Boards"
quote:Anois, an 'Daltaì na Gaeilge' seo nò ardàn do dhaoine ag ligint orthu go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge?
is dóigh liom nár mhiste dúinne, na baill ar cás leo staid na Gaeilge san Ard-Teist agus sa chóras oideachais i gcoitinne aistriú go dtí ár gclúid phríobháideach féin anseo ar "Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only)". Glacaim leis go dtugann an focal "oscailte" sa teideal cead dúinn an plé a leathnú beagán. Maidir liom féin is foghlaimeoir mé atá ag iarraidh mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú.
Ceist agam oraibh, sibhse a bhfuil an t-eolas agaibh, cad é staid na Gaeilge i scoileanna na Sé Chondae? An bhfuil seans ar bith gurb shin an sprioc ar a bhfuil Feighan agus Kenny ag díriú?
FRC.