Author |
Message |
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 291 Registered: 10-2009
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 10:40 am: | |
Chuala an scéal seo ó m'athair cúpla laethanta seo cáite: Duine 1 - "Tá cuma amaideach ort agus tusa ag tarraingt an théad san". Duine 2 - "Bhuel, a dhuine uasal, bheadh cuma níos amaideach ormsa má a bhíos á bhrú". 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10347 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 11:00 am: | |
Ceann maith. Ach tá "má" agus "dá" curtha tré chéile agat Páid: Tá cuma amaideach ortsa ag tarraingt na téide sin Tadhg: Bhuel, a dhuine uasail, bheadh cuma níos amaidí orm dá mbeinn á bhrú. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 206 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 11:53 am: | |
"dá mbeinn á brú", sa chaighdeán. Tá téad baininscneach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10348 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 11:56 am: | |
Muise, nach géar atá do shúile! Ceart agat gan amhras. Is léir go bhfuil séimhiú anseo is ansiúd de dhíth orm fós. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 207 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 12:17 pm: | |
Ach! Ní peaca marfach é "tá an téad á bhrú agam" mar gur minic anois a cloistear a leithéid ó dheas. An ghramadach á thabhairt (!) chuin símplíochta, an dtuigeann tú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10349 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 12:24 pm: | |
Tabharfar dóthain ár gcrochta den téad fós dúinn, má leanann muid ar an dtéad seo. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 208 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 12:35 pm: | |
An téad - gan séimhiú!!!!! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10350 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 02:19 pm: | |
Cár séimhíos é? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 209 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 05:10 am: | |
Cár shéimhíos é! Ní tusa nár shéimhigh ach Séamas91 thuas. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 210 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 05:11 am: | |
Ní tusa a shéimhigh . . . |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 867 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 01:08 pm: | |
quote:Ceann maith. Ach tá "má" agus "dá" curtha tré chéile agat Ná coitianta go bhfuilid siad á gcur trí chéile i gcanúint na Mumhan? Creidim gur léigheas sin áit éigin ar na mallaibh. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3632 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 02:40 pm: | |
Nior léigheas-sa féinig a leithéid ariamh... agus chuirfeadh sé ionadh orm. Bheadh sé deas da bhfaighfa car léighis é sin. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 219 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 06:59 am: | |
Is fíor do Dhomhnaillín. Úsáidtear ideir "má" agus "dá" le briathra sa mhodh coinníollach agus an deifir seo chéille eatarthu, dar le comhghleacaí liom go bhfuil eolas an-chruinn aige ar Ghaelainn Chorca Dhuibhne: 1) Má bhuailfeadh comhghleacaí leat an doras isteach anois, cad é a déarfá leis? - rud a d'fhéadfadh tarlú, coinníoll ná beadh chomh docht san. 2) Dá mbuailfeadh an Taoiseach Brian Cowan an doras isteach anois, cad é a déarfá leis? - coinníoll níos iata, rud nár dhócha dho tarlú. Féach samplaí eile aige Diarmuid Ó Sé, mír 798 agus tá dornán samplaí eile agamsa do má + modh coinníollach ó Chléire agus Mhúsgraí. Tá breis samplaí aiges na Bráithre, mír 32.7 |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3634 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 12:46 pm: | |
Aisteach... cha rabh's agam. Chreid mé go mbeadh sé micheart :-) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 869 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 09:34 pm: | |
A Lughaidh, i Modern Irish is ea a léigheas sin. Ar leathanach 320 scríobhann Ó Siadhail: "There is a tendency in Munster to replace dá with má (which then, apart from the use of lenition instead of eclipsis, behaves exactly like dá)." M.s., "Má dhéanfá aon fheabhsú ar an dtalamh". (Message edited by Domhnaillín_breac_na_dtruslóg on September 29, 2010) |
|