Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 18, 2010 - 07:24 am: | |
An bhfuil ciall ag duine ar bith don fhrása- tua cheatha de sheanduine liath? GRMA |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 5 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, August 20, 2010 - 07:29 pm: | |
tua cheatha = tuar ceatha |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 690 Registered: 07-2009
| Posted on Saturday, August 21, 2010 - 02:03 am: | |
Déarfainn aisteach nó corr ón chomhthéacs. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10143 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 22, 2010 - 12:34 pm: | |
Ciallaíonn "Tua[r] ceatha" go mbeidh cith báistí ag teacht. Shamhlóinn (gan an comhthéacs a bheith agam) gur duine é seo a chuireann gruaim ar an gcomhluadar, mar a dhéanfadh tuar ceatha. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10144 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 22, 2010 - 12:35 pm: | |
|
|
Alan D (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, August 22, 2010 - 03:37 pm: | |
An bhfuil aon suíomhanna ann chun an Gaeilge a cleactadh beo ar an idirlíon? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1270 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 23, 2010 - 03:28 am: | |
Leithéidí chatrooms atá ag teastáil uait, nó grúpaí Skype nó cén sórt? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 295 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, August 24, 2010 - 07:21 am: | |
quote:Ciallaíonn "Tua[r] ceatha" go mbeidh cith báistí ag teacht. Shamhlóinn (gan an comhthéacs a bheith agam) gur duine é seo a chuireann gruaim ar an gcomhluadar, mar a dhéanfadh tuar ceatha. Nach gciallíonn tuar ceatha "rainbow" chomh maith? Más é, seans go bhfuil an malairt i gceist. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10150 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 24, 2010 - 07:45 am: | |
Ciallaíonn: ach cad is ea rainbow? Comhartha go bhfuil báisteach le bheith ann, nó díreach tar éis a bheith ann. Sin atá á thuar aige! Cuireann bogha ceatha gliondar ar muintir na cathrach, toisc go bhfuil sé gleoite. Mar sin féin, beidh nó bhí cith ann! |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 296 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, August 24, 2010 - 11:39 am: | |
Is "cityboy" mé, gan dabht. Cé nach dtagann bogha baistí gan an báisteach féin, ní breathnaím air mar rabhadh. Is docha go bhfuil muintir na tuaithe i bhfad níos praiticiúla! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10153 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 24, 2010 - 11:52 am: | |
Mise freisin. Ach tá nod sa bhfocal "Tuar" Ba bhreá liom an abairt ar fad ó Chaisleáin Óir a fheiceáil, áfach. Lorgódh mé i dtobar na Gaedhilge anocht é. Níl an leabhar agam (go bhfios dom) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10154 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 24, 2010 - 11:55 am: | |
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 297 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, August 24, 2010 - 12:12 pm: | |
Níl aon amhras faoi níos mó. GRMA. |
|
Scooby
Member Username: Scooby
Post Number: 20 Registered: 07-2009
| Posted on Saturday, October 23, 2010 - 08:34 pm: | |
Bhfuil seans ar bith gur cóir 'tua chatha' a bheith ann? Old battle-axe... Nath Béarla atá ann ar ndóigh nach ceart a aistriú focal ar fhocal. Níl ann ach smaoineamh. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 443 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 26, 2010 - 05:32 am: | |
quote:tua cheatha de sheanduine liath tuar ceatha de sheanduine = a bent old man (Dinneen) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10534 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 26, 2010 - 05:37 am: | |
Níos ciallmhaire ach gan a bheith leath chomh fileata. Trua nár chuimhnigh mé féin ar Dinneen a cheadú ( ) sular chuir mé téis fileata le chéile. |
|