|
|
|
Author |
Message |
Usjes
Member Username: Usjes
Post Number: 1 Registered: 04-2010
| Posted on Friday, June 11, 2010 - 02:14 pm: | |
Bhíos ag smaoineamh ar roinnt frásaí le déanaí agus conas iad a scríobh i gceart ó thaoabh na gramadaí de. Agus mé ag caint deirim: 1. Dia dhuit. 2. Nollaig shona dhuit. 3. Lá breithe shona dhuit. 4. Is amadán thú. 5. Is mo ghrá thú. An fhadhb atá agam ná cé go bhfuaimníonn siad seo ceart, domsa, níl aon míniú agam cén fáth gur cheart séimhiú a úsáid i ngach cás. 1. Dia: baininscneach => +séimhiú ar aideacht a leanann é, ach ní aideacht é 'duit' => cén fáth go séimhítear é? Cén riall atá in úsáid ? 2. Séimhiú ar 'sona' toisc gur aidiacht a leannann ainmfhocal baininscneach é tuigim seo, ach arís cén fáth an séimhiú ar 'duit'? 3. Tá lá firinscneach => NÍOR cheart go mbeadh séimhiú ar 'sona' sa chás seo ach tá mé beagnach cinnte gur cuimhin liom an t-amhrán seo á fhoghlam agam sa bhunscoil agus séimhiú ar 'sona', an eisceacht é seo? Nó an bhfuilim mícheart? Nó an bhfuil riall éigin eile ? 4. Cén fáth an séimhiú ar 'tú' nó an bhfuil sé mícheart agam ? 5. Mo + séimhiú ceart, ach arís, céard faoi 'tú' ? Usjes. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9981 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 11, 2010 - 02:38 pm: | |
De réir an chaighdeáin, ní séimhítear iad. Ach sa chaint, séimhíonn go leor daoine iad. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3479 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 08:06 am: | |
1. Dia dhuit. --> séimhiu ar chuis fhoghraiochta (ta guthai roimhe). Ni bhaineann séimhiu ar dhom dhuit srl ar chuis ghramaduil, ach ar chuis fhoghraiochta... Ni dhéantar séimhiu in achan chanuint : go bhfios domh cha ndéantar séimhiu ar "duit" srl i gCuige Uladh, agus ghnithear i Mumhain i ndiaidh guthai. Agus sileam go ndéantar i gConamara in achan chas. 2. Nollaig shona dhuit. --> rud céarna 3. Lá breithe shona dhuit. --> ni ceart séimhiu a chur ar "sona" : Nollaig sona dhuit, an abairt cheart. Cuirtear séimhiu ar "dhuit" de réir na rialach a luaigh mé thuas. 4. Is amadán thú. --> cuirtear séimhiu ar "thu" mar nach ainmni briathair "normalta" (ie. achan bhriathar seachas "is") é. 5. Is mo ghrá thú. --> "Mo ghra thu" an cor cainte ceart. Rud céarna lenar mhinigh mé thuas. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 838 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 09:15 am: | |
Go raibh maith agat, Lughaidh, as an míniú ar an séimhiú ar "dhuit." Ní bhfuair mé míniú ar sin go dtí seo. Maidir le "lá" tá sé firinscneach. Dá bhrí sin ní ceart séimhiú a chur ar aidiacht a ghabhann leis: lá fada; lá breá; lá ciúin; srl I gcás "lá breithe" nó "breithlá" is le lá a théann an aidiacht. Mar sin ba cheart "lá breithe sona" a rá. Tá "Nollaig" baininscneach áfach. Cuirtear séimhiú ar thúschonan na haidiachta: "Nollaig mhaith mhór" a deir muintir na Gaeltachta. "Nollaig shona" a deirtear de ghnáth. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3480 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 02:39 pm: | |
>Go raibh maith agat, Lughaidh, as an míniú ar an séimhiú >ar "dhuit." Ní bhfuair mé míniú ar sin go dtí seo. Ni hionadh é, o tharla nach bhfuil "dhuit" srl sa chaighdean. So ni dhéantar tracht ar an fheiniméan sin ins na graiméir... >Maidir le "lá" tá sé firinscneach. Dá bhrí sin ní ceart >séimhiú a chur ar aidiacht a ghabhann leis: lá fada; lá >breá; lá ciúin; srl >I gcás "lá breithe" nó "breithlá" is le lá a théann an >aidiacht. Mar sin ba cheart "lá breithe sona" a rá. go direach. >Tá "Nollaig" baininscneach áfach. Cuirtear séimhiú ar >thúschonan na haidiachta: "Nollaig mhaith mhór" a deir >muintir na Gaeltachta. "Nollaig shona" a deirtear de >ghnáth. seidh. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
|
|