mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through October 07, 2010 » Watcháil do theanga! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 31, 2010 - 11:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

http://www.gaelsceal.ie/watch-il-do-theanga

Fonn ar éinne freagra a thabhairt?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 848
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, June 19, 2010 - 07:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Pobal dúchasach na Gaeltachta a labhraíonn an Ghaeilge go poiblí sna siopaí, sna tábhairní, sna hallaí cruinnithe, ní ceart dúinne foghlaimeoirí bheith á gceartú is á scagadh. Ainneoin go nglacann siad le focail Bhéarla ina gcuid cainte gan smaoineamh gan náire tá dul na Gaeilge is dúchasaí ar a gcuid cainte agus leaganacha acu nach smaoineodh foghlaimeoir orthu dá gcaithfidis caoga bliain ag foghlaim. Is minic gur le greann agus le clisteacht a dhéanann siad é. Déanann siad idirdhealú idir an rud traidisiúnta a bhíodh ag a sean-mháithreacha amhail "scuab" agus an rud a cheannóidis i TESCO inniu: "brush."

Muide a chónaíonn i bhfad ón nGaeltacht agus atá ag brath ar de Bhaldraithe "we can't see the wood for the trees." Na daoine seo a deir "Christ, cé a ghoid an pump de mo bhicycle?" tá níos mó Gaeilge cloiste acu lena linn ná mar a bheidh agamsa go deo. Dá mba ghá dóibh d'fhéadfaidis "foclóirís" agus "meamráiméis" a úsáid ach is ag magadh faoin Bhéarla a bhíonn siad go minic. Cuid díobh ar ndóigh is ag foghlaim Béarla atáid agus ní léir dóibh cén teanga atá á labhairt acu.

Ar chaoi ar bith ní cuid dár ngnó é agus b'fhearr dúinn ár ngaosán a choinneáil as.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3482
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, June 19, 2010 - 08:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ta i bhfad nios mo focal Fraincise no Laidne sa Bhéarla na ata d'fhocla Béarla i nGaeilg na Gaeltachta. Ach seo an duifear : nil's ag na Béarloiri go n-usaideann focla Fraincise no Laidne an t-am ar fad. So nil's acu go ndéanann siad an rud ceannann céarna.

D'urt teangeolai (cainteoir duchais Béarla) liom an rud seo : "da mbeadh orainn Béarla a labhairt gan usaid a bhaint as focla Fraincise no Laidne, chan éireochadh linn.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Angafraidh
Member
Username: Angafraidh

Post Number: 1
Registered: 06-2010
Posted on Monday, June 21, 2010 - 06:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh. Sea, seo mo chéad phóstáil :)

Ní aontaím leis an ginearálú seo ón Bhéarla don Ghaeilge. Ní bhunaítear an cineál tearmaí chéanna i mBéarla ó thaobh na Gaeilge agus a bhunaítear i Laidinis agus i bhFraincís ó thaobh an Béarla. Tharla stair an Béarla go hiomlán éagsúil ó stair na Gaeilge.

Labhraím an teanga beagnach chuile lá, agus ní gá liom Béarla a chur ann seachas focail nach bhfuil ar eolas agam (agus ceartaítear mé). Ná smaoinigí gur chóir dúinn todhchaí na teanga a fhágáil i láimh luchta na Gaeltachta toisc go bhfuil siad ina gcainteoirí 'is dúchasaí'. Tá a fhios agam daoine a bhfuil Gaeilge níos cliste acu anseo i mBaile Átha Cliath ná ag an gnáth-duine thall i gConamara nó pé áit mar sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 852
Registered: 07-2006
Posted on Monday, June 21, 2010 - 10:08 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Daoine níos cliste i mBaile Átha Cliath ná ... an gnáth-dhuine thall i gConamara"

Hmmmn! Duine fánach. Is maol gualainn gan bhráthair. Cén mhaith Gaeilgeoir amháin as míle áitritheoir a labhraíonn Béarla i gceantar ar bith i mBaile Átha Cliath agus míle duine in aon bhaile fearainn amháin i gConamara ag saothrú na teanga go laethúil agus go poiblí.

Caithfidh an Gaeilgeoir i mBaile Átha Cliath fanacht ina thost ina theach féin gan trácht ar an tsráid nó an chomharsanacht ina gcónaíonn sé. Dá dtiocfadh scata mór de dhaoine fásta le chéile i mBÁC chun an Ghaeilge a shaothrú mar a dhéantar chuile lá i gConamara d'fhéadfaí aitheantas a thabhairt dóibh ach duine aonair anseo is ansiúd dá chliste ní bheidis riamh inchurtha le pobal na Gaeltachta in áit ar bith. Is ionann pobal Gaeltachta agus na sluaite daoine ag labhairt na Gaeilge. Cá bhfaighfeá a leithéid sin d'allagar in aon áit eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Angafraidh
Member
Username: Angafraidh

Post Number: 2
Registered: 06-2010
Posted on Tuesday, June 22, 2010 - 06:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá neart fabhtanna leis an méid a dúirt tú.
'Cén mhaith Gaeilgeoir amháin as míle etc...'
Ceist fhóntaíoch is ea í. Ceist eile: cá bhfuil tusa i do chónaí? Ní dóigh liom gurb in Éirinn atá tú, ach más rud é go bhfuil tú ag iarraidh fóntachais, cén mhaith a bheith soiniciúil i dtaobh pobail na Gael taobh amuigh de na Gaeltachtaí agus tusa féin an té amháin a bhfuil Gaeilge aige i measc na mílte nó milliúin fiú? Tá sé seo ráite gan trácht ar na háiseanna atá ar fáil sa phríomhchathair agus an pobal-- mionlach a bhfuil neart dínite air. Tá an cheist Ghaeilge bainte leis an oileán iomlán, agus tá gníomh mór déanta ag roinnt againn futa fata na tíre chun í a normalú inár bpobail féin.

Má tá fóntachas i bhfeighil chuile rud teibí agus dósmachtaithe ar nós forbartha teangacha na laethanta seo, caithfear a admháil an maith atá déanta againn sna mílte chaoi i ngach aon áit a bhfuil troid ann ar a son, pé líon daoine atá ann. Is é sin má tá fóntachas i bhfeighil, ar ndóigh.

Agus, dála an scéil, ní fhanaim i mo thost i mo theach in aon chor.

(Message edited by angafraidh on June 22, 2010)



©Daltaí na Gaeilge