A Chairde,
Is mise Eilís Ní Mhuirneáin agus is mac léinn mé atá i mbun Tráchtais MA faoi láthair i Léann an Aistriúcháin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Bheinn buíoch díot dá mbeadh 5 nóiméad agat agus páirt a ghlacadh sa taighde seo.
Is mian liom leis an suirbhé seo nósanna agus tuairimí scríbhneoirí na Gaeilge a fháil amach maidir leis na háiseanna foclóireachta atá in úsáid acu, agus féachaint ar Líonra Séimeantach na Gaeilge mar uirlis shaibhir lán-Ghaeilge a d’fhéadfaí a chur san áireamh ann.
Bheinn buíoch díot dá mbeifeá páirteach sa suirbhé trí chliceáil a dhéanamh ar an nasc seo.
http://www.surveymonkey.com/s/S9STWZJ Ní thógfadh sé ach 5 nóiméad chun an cheistneoir a líonadh. Is é 7 Bealtaine 2010 an dáta deiridh a nglacfar le freagraí. Go raibh míle maith agat.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil amach faoin taighde seo ar an mblag:
http://barrdotheanga.wordpress.com/ Déanfar nuashonrú air dé réir mar a thagann na torthaí chun cinn. Má bhíonn aon cheist agat maidir leis an suirbhé seol ríomhphost chugam:
Míle buíochas as ucht aon cabhrach a d'fhéadfá a thabhairt liom.
Eilís Ní Mhuirneáin
MA (Léann an Aistriúcháin)