Author |
Message |
Batsheva (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 04, 2010 - 10:23 am: | |
Hi a chairde, Mo mhíle leiscéal faoi bheith ag cur isteach oraibh anseo, ach tá ceistín beag amháin agam. Is seanchaí mé agus tá mé ag reiteacht scéal as Gaeilge le haighaidh eisteacht. Níl Gaeilge céad fan gcéad líofa agam, sin é an fath go bhfuil ceisteanna agam anois is arís! Tá mé ag iarraidh caint faoi fear atá ag obair, mar bhoss, mar a déirfeá,i dteach tabhairne. Fuair mé an focal Ghaeilge: "tábhairneoir" sa foclóir Uí Dhónaill, ach níl fhios agam, fuaimíonn an focal sin saghas sean aimsirtha agus aisteach. Is dócha nach cuma, ós rud é go mbeidh mé ag úsáid an focal féin do scéal, tá sé in ann a bheith sean amsirtha, ach níl an focal "tábhairneoir" cliste agam riamh i mo shaol agus sílim go bhfuil sé ag soundal aisteach. Bhí mé ag smaointiú b'fhéidir faoi rud ar nós: "fear an tí tabhairne", ach níl fhios agam an mbeadh sin soiléar? Bheinn iontach buíoch ar fad má tá sibh in ann freagairt mo cheiste mar sin. Agus bíodh Domhnach Chásca deas agaibh! :.) Ádh mór is go rabh maith agaibh. Batsheva. :.) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1224 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 06, 2010 - 08:13 am: | |
Fear an leanna, ab ea? (Ní ag cur isteach atá tú ar chor ar bith!) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9735 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 06, 2010 - 08:29 am: | |
Sin ceann nadúrtha, ceart go leor. N'fheadar. Ní cuimhin liom ainm faoi leith air tabhairneoir a chlos nó a léamh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 712 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, April 06, 2010 - 02:57 pm: | |
Tá na focail seo ann: "óstach" -- "óstóir" -- "óstlannaí" agus "biatach". Nílim cinnte an bhfeilfeadh aon cheann díobh do chás. Tabhairneoir an focal is coitianta cheapfainn. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 269 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, April 06, 2010 - 04:01 pm: | |
Fear an tí b'fhéidir. |
|
Batsheva (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 07, 2010 - 07:18 am: | |
Oh, go rabh míle, míle maith agaibh! Tá sibh iontach cinnealta ar fad. :.) Seans go bhfuil "tabhairneoir" níos cotianta, ach bhuel... Léifidh mé gach aon freagra, agus má tá cinneadh déanta agam, déirfidh mé libh faoi! Go rabh míle, míle maith agaibh. Batsheva. :.) |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 253 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, April 13, 2010 - 10:04 am: | |
Is tabhairneoir é m'athair chéile agus tugann mé "fear an tí" air go minic. D'fheadfá "tabhairneoir" a thabhairt air sa chéad tagairt agus "fear an tí" as sin amach? |
|