Le tamall anuas tá an pobal an-tógtha leis na "Head Shops" a dhíolann "legal highs" mar dhóigh dhe (mar dhea). Is cosúil go bhfuil lúb ar lár sa reachtaíocht a thugann cead do bhligeáird an t-ábhar contúirteach seo a dhíol le daoine ar bheagán céille idir óg is aosta.
Ba mhinic mé ag ceapadh gur mór an t-ionadh gur féidir leis na siopaí gránna seo dúshlán toil an phobail a thabhairt gan éiric a fhulaingt ach le deireannas feictear dom go bhfuil an feall ag filleadh ar na feallairí: dóiteáin. Tá cúpla ceann acu tar éis dul trí thine.
Ní ceart do dhaoine an dlí a bhriseadh fiú má tá fearg orthu.
Siopaí Siabhráin a thugtar orthu ar Raidió na Gaeltachta agus is maith liom é mar fhocal. Beidh sé againn go léir feasta: "Cén siabhrán atá ort?"