mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Preas Ráiteas Gaelscéal « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Admin
Board Administrator
Username: Admin

Post Number: 13
Registered: 01-1999


Posted on Sunday, January 10, 2010 - 11:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Trevor Ó Clochartaigh ainmnithe mar Bhainisteoir Tionscadail ar an nuachtán nua Ghaeilge ‘Gaelscéal’. Is comhfhiontar é seo idir An Curadh Chonnachtach agus Eo Teilifís, a bhuaigh an conradh ag deire na bliana seo caite ó Fhoras na Gaeilge le nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tá siad anois ar thóir Eagarthóir agus foireann oibre don nuachtán seachtainiúil is núálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann.
 
I ráiteas a d’eisigh na comhluchtaí dúirt siad go bhfuil ríméad orthu duine chomh h-ildánach le Ó Clochartaigh a bheith faighte acu leis an nuachtán a stiúrú. ‘Tá taithí leathan aige ó thaobh cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta, na meáin, na h-ealaíona agus cúrsaí pobail. Beidh ‘Gaelscéal’ ag cruthú ré nua ó thaobh na meáin i nGaeilge nuair a fhoilseofar é roimh deire mí Márta agus ní fhéadfaí duine níos feiliúnaí a aimsiú don dúshlán seo’, a deir siad.  Tabharfaidh ‘Gaelscéal’ spleáchadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, naisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta. 
 
Deir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé ar bís tabhairt faoin dtionscnamh uaillmhianach seo. ‘Creidim go daingean go bhfuil an t-am ceart chun foilseachán, d’ardchaighdeán a chur ar fáil a bheidh in freastal ar na Gaeil in Éireann agus thar lear. An chéad céim eile sa bpróiséas ná foireann fuinniúil a earcú, ina measc Eagarthóir, scríbhneoirí agus dearthóirí. Tá neart daoine cumasacha ar fáil amuigh ansin agus tá muid ag iarraidh cloisteáil ó dhuine ar bith a cheapann go bhfuil ról dearfach le n-imirt acu sa togra seo,’ a deir Ó Clochartaigh.
 
Cuirfidh Gaelscéal áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil freisin, chun teagmháil le chéile tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtán féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhair. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.
 
Is féidir tuilleadh eolais faoin nuachtán agus na folúntais atá fógraithe a fháil ach teangbháil a dhéanamh le nó glaoch ar (091) 558400.



©Daltaí na Gaeilge