Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 271 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, October 17, 2009 - 09:58 am: | |
1. Ciallaíonn i mbliana "sa bhliain seo". 2. Is ginideach de bliain é bliana. Ceist: an féidir an patrún céanna a leanúint le tréimhsí ama eile? Mar shampla: i míosa = "sa mhí seo"? i seachtaine = "sa tseachtain seo"? Ar chualathas a leithéid riamh? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8940 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, October 17, 2009 - 01:30 pm: | |
Níor chuala mise. Feictear dom gur tréimhse leanúnach atá i gceist le i mbliana, agus nach bhfuil an call chéanna le foirm do tréimhse níos giorra. Ach níl ansin ach tuairim lag. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 273 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, October 21, 2009 - 02:25 am: | |
Is trua sin. Thaitneodh sé liom. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1161 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 21, 2009 - 11:18 am: | |
Foirm cailcithe an tseantabharthaigh atá i gceist dar le Stair na Gaeilge. Chuile sheans nár chailcigh sé i gceart ar na tréimhsí eile. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 274 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, October 21, 2009 - 05:07 pm: | |
Á, tuigim. Ní ginideach atá ann, mar sin. Bhí dul amú ar fad orm, mar sin! Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|