mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 04, 2010 » Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 39
Registered: 05-2008
Posted on Monday, June 22, 2009 - 06:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chara,
Mise arís! Fuair mé tuairimí nua spéisiúla as mo thuras tar éis Cásca. Bhí cainteanna spéisiúla agam in Inis, Contae an Chláir. D'insíodh dom go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge áirithe ar siúl i gContae an Chláir agus gur tháinig athnuachán ar an nGaeilge le déanaí. Cuireadh "an Clár as Gaeilge" ar bun. Roimh mo thuras, chuir mé glaoch ar Chonradh na Gaeilge an Chláir. Creidim gur cainteoir dúchais as Contae an Chláir bhí ar an bhfón. Mar bhí blas a bhí deacair dom le tuiscint ag an bhfear. Sin ar thug mé faoi déara go háirithe ná C in ionad CH sa chaint de réir blais Mhumhan.
I mBÀC chas mé ar Ghaeilgeoir na cathrach. Ò am go ham bhí air a éisteacht liom go cúramach toisc go raibh fóghraíocht an-dhifriúil de fhocail áirithe aige. Uaireanta, tá caint Ghaeltacht Dhún na nGall an-dheacair le tuiscint dom, go háirithe cainteoirí níos sine as áiteanna áirithe. An síleann sibh go bhfuil tionchar na canúna áitiúla atá ag na daoine níos óige níos laige ná an ceann atá ag na daoine níos sine?
Sílimse go n-imeoidh canúintí áitiúla na nGaeltachtaí amach anseo de réir an cheangail leis an Éirinn ar fad. Thairis sin, foghlaimeoidh mórchuid na leanaí an Ghaeilge sa naíonra nó ar scoil, chomh maith sna Gaeltachtaí. Agus ansin, baintear úsáid as an gcaighdeán go cinnte. Amach anseo, ní bheidh fágtha ach blas an mhòrcheantair. Ach in Uladh, fanfaidh an chanúint éagsúil as an féinchoinsias áitiúil na ndaoine. Dar liom, inniu cheana féin, is féidir a labhairt faoi Gaeilge Tuiscirt (in éineacht le Dún na nGall) agus Gaeilge Deiscirt.
Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 42
Registered: 05-2008
Posted on Sunday, June 28, 2009 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach bhfuil mórán le rá agaibh faoin chúrsa seo?
Mar sin féin, tá aidhm an dhátheangachais san Éirinn dosroichthe i mo thuairim, ach amháin in áiteanna áirithe. Ba ghá réabhlóid a bheith ar siúl. Agus níor thug mé faoi déara go bhfuil an toil ag formhór an dhaonra réabhlóid mar sin a chur ar bun. Is éard atá ar siúl in áiteanna éagsúla ná gníomhíochtaí mionlachta chun cultúr gaelach agus an Ghaeilge a fhorbairt agus a choinneáil sa choinsias. Mar sin is dóigh go mbeidh neart daoine ag iarraidh Gaeilge ar an dtoil a bheith acu amach anseo. Tá sé sin níos fearr ná rud ar bith. Ag deireadh an bháis teanga, bíonn imeacht na teanga as coinsias an phobail.
Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 376
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, June 28, 2009 - 03:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

tá aidhm an dátheangachais doshroichte



Ní aontaím leis an tuairim sin. Más 100% Gaeilge agus 000% Béarla a bheith in úsáid ag 100% de mhuintir na hÉireann ag am ar bith glacaim leis gur fada uainn an staid sin. Ach cheana féin tá céatadán éigin Gaeilge á húsáid ag líon áirithe daoine mar rogha ar an mBéarla sa Ghaeltacht, sna meáin, sna Gaelscoileanna, agus i dteaghlaigh áirithe in gach aon chearn den tír.

D'fhéadfadh an Rialtas an-chuid a dhéanamh. D'fhéadfadh sé cur go mór leis an méid Gaeilge a chloistear go poiblí, mar shampla, sna hárdaitheoirí in oifigí Stáit "Going up" "Ag dul suas" "Going down" "Ag dul síos" agus ar thraenacha: "Stand clear of the doors" "Fan siar ó na doirse" agus san iliomad áit eile. Tá Gaeilge de chineál le cloisteáil ar an LUAS. Eiseampláir é sin den méid ab fhéidir a dhéanamh in áiteanna eile.

Cheana féin d'aireofá tionchar an Achta ar na teileafóin. Is minic a fhreagraítear an fón as Gaeilge anois agus labhraímse Gaeilge oiread agus is féidir liom go dtí go dtuigtear dom nach bhfuil tuiscint ró-mhaith ag an duine eile. Labhraím Béarla ansin agus molaim an té a labhair Gaeilge i dtosach liom. Mar a dúirt mé in áit eile níl athbheochan na Gaeilge ach ina thús.

D'fhéadfaí breathnú ar an rud seo ar bhealach eile: gur dána an mhaise d'oifigigh Stáit neamh-aird a dhéanamh den teanga agus í á múineadh do gach páiste sa tír. Ba cheart go mbeadh náire orthu gan seirbhís as Gaeilge a bheith ar fáil.

Treisímis leis an gCoimisinéir! Bainimis leas as an Acht. Coinnímis orainn ag brú. Beifear buíoch dinn amach anseo.

Agus maith thú féin, a Alexderfrank, as a fheabhas atá an Ghaeilge agat. Tá éacht déanta agat. Go raibh saol fada agat.

(Message edited by Taidhgín on June 28, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8504
Registered: 08-2004


Posted on Monday, June 29, 2009 - 07:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh liom gurbh é a bhí i gceist ag Alexander ná nach mbeidh an pobal iomlán inniúil ar idir Béarla agus Gaeilge.

Ná fiú go mbeidh sciar mhór chomh hinniúil ceanna ar an dá theanga.

Bheadh dóchas agam go dtiocfaidh fás ar ár leithéidí lasmuigh de theorainneacha na Gaeltachtaí Oifigiúla.

Maidir le cad tá i ndán do na pobail Gaeltachta, sin ceist thar a bheith casta. Tá bánú na tuaithe le cuir san áireamh, agus teip an iascaireacht agus go pointe an fheirmeoireacht mar slí beatha abhus.

Beidh le feiscint.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 45
Registered: 05-2008
Posted on Monday, June 29, 2009 - 09:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar liom, ní hiad na gníomhaíochtai na gcomhlachtaí poiblíthe a dhéanann an dátheangachas. Is sa phobal atá sé cruthaithe. Mar sin féin, creidim nach bhfuil an Ghaeilge fós faoi láthair an lá atá inniu an go simplí don mhórchuid na gcomhlachtaí príobháideacha. Go h-anmhinic, ní fheicim ach suímh idirlín as Béarla amháin. Agus ní chuala mé an Ghaeilge labhartha sa sráid ach amháin i gcathair na Gaillimhe. Agus uaireanta, breathníodh orm mar a bheadh Bantu a bhí mé ag caint leis an duine. Ní hé sin sochaí dátheangach! Do chuid mhaith an dhaonra, is í an Ghaeilge neart ó na hamanna ó shin. Agus ní athróidh sé riamh toisc nach bhfuil an toil ann sa dhaonra. Cad is féidir a dhéanamh ná an Ghaeilge a fhoghlaim do pháistí agus líonraí do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre a chruthú.
Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 51
Registered: 05-2008
Posted on Thursday, July 09, 2009 - 12:21 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach bhfuil mórán le rá agaibh faoin chúrsa?
D'éist mé le hagallamh éagsúla as Béarla le beirt dhuine i nGaeltacht Dhún na nGall ag Youtube. Agus thug mé faoi déara difríochtaí áirithe idir an duine níos sine agus níos óige. Bhí blas láidir Ghaeilge ag an duine níos sine, ach ní raibh sé le cloisteáil ag an duine níos óige.
Ar thug sibh faoi déara difríochtaí idir chaint de dhaoine níos sine agus na cinn níos óige as an nGaeltacht cheana féin? Léigh mé in alt ar bith gur fíor go bhfuil sé ag dul i dtreo canuintí measclaithe le fada idir dhaoine níos óige sna Gaeltachtaí. D'ainmnítear na naisc trí na meáin tráchta agus cumarsáide nua-aimseartha. Go háirithe, tá foirmeacha na Gaeilge Chonnachta agus Mhumhain san áireamh sa Chaighdeán. Ach baintear úsáid as foirmeacha áirithe na Gaeeilge Ulaidh go hannamh ach amháin cainteoirí as Uladh, mar shampla "cluistint" in ionad "cloisteáil". Taobh eile de, léigh mé in bhfóram ar bith go mbaineann daoine óga úsáid as foirmeacha an Chaighdeán go minic i nGaeltacht Dhún na nGall. I dTuisceart Éireann, tá an tuil ag cuid mhuintir na Gaeilge caighdeán féin a chur ar bun. Mar a dúirt mé cheana, is dóigh go mbeidh sé ag dul i dtreo Gaeilge Tuiscirt agus Deiscirt. Ach ní fheicim toghchaí do Ghaeilge speisialta an Mhumhain toisc nach bhfuil Gaeltachtaí láidre ná gluaiseacht láidir mhuintir na Gaeilge sna cathracha ná féin-mhúinín áitiúil láidir faoi láthair i Mhumhan.
Beir bua, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 354
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, July 14, 2009 - 01:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 355
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, July 14, 2009 - 01:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 54
Registered: 05-2008
Posted on Thursday, July 16, 2009 - 03:22 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh míle maith agat as do naisc. Ba cheart do Ghaelgeoirí sna Gaeltachtaí cogadh don féinrialtas a thosú sna fichidí nuair a bhí an Ghaeltacht fós sách-láidir. Sna seachtóidí bhí muintir na Gaeilge sna Gaeltachtaí i bhfad níos beige agus mar sin níos laige ná sna fichidí. Inniu, is gá do Mhuintir na Gaeltachta tacaíocht a fháil ó Phobal na Gaeilge lasmuigh di.
Beir bua, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Daniel (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, October 15, 2009 - 03:54 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is an rud na tá Gailge fós ag fás mar shampla táim san méanscoil as Gailge i Éiré ach níl sé ach 3 bhliain a daois fresin ní fuir Éire saoirse o Sasana go dtí timple 90 bliain o thin fresin thigam go leor gailge(is fuath liom gailge dun na ngal) ag níl fios ag mo tuistí aon agus tá siad ó eire fresis.
Mise le mais.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 64
Registered: 05-2008
Posted on Wednesday, October 21, 2009 - 01:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Léigh mé faoi rud eile spéisiúil. Tá eolas ar an nGaeilge spreagtha go forleathan inniu timpeall na gceantar i dTuisceart Éireann an raibh (sean-) c(h)ainteoirí dúchais faoi dheireadh le fáil iontu. Mar shampla, tá na sléibhte Spéiríní eatarthu. Is dóigh liom go bhfuil cainteoirí dúchais nua ann inniu a tógadh trí mheán na Gaeilge ansiúd. Ach ní labhairtear an tsean-chanúint áitiúil go cinnte, ach an caighdeán Ulaidh. An bhfuil sé ar eolas ag éinne anseo cá bhfuil torthaí áitiúla an dhaonáirimh Thuisceart Éireann ar fáil? An bhfuil fós aon lorg fágtha i gceantair na Poblachta ina raigh an Ghaeilge labhartha ag an gcuid is mó na muintire roimh an gcogadh? I gcontae an Chláir, tá fúthu Gaeltacht a chur ar bun arís. Tá sé deacair torthaí an dhaonáirimh faoi cheantair tuaithe a fháil amach gan eolas maith ar an áit.
Go raibh míle maith agaibh.
Slán agus beannacht, Alex

(Message edited by AlexderFranke on October 21, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Alexderfranke
Member
Username: Alexderfranke

Post Number: 65
Registered: 05-2008
Posted on Friday, October 23, 2009 - 02:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach bhfuil aon ní le rá agaibh faoi?
Ba mhaith liom a fhios a bheith agam an bhfuil fós Gaeilge faoi láthair i nDúlainn. Mar is eol dúinn, tá cáil ag an mmbaile sin as an gceol traidisiúnta. An bhfuil amhráin as Gaeilge ar fáil ansiúd?
Slán agus beannacht, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Darren_j_prior
Member
Username: Darren_j_prior

Post Number: 3
Registered: 10-2009


Posted on Sunday, November 01, 2009 - 04:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Féach ar an r-tionscal seo a chur mé le chéile agus na moltaí a rinné mé sa sórt preas-ráiteas. Labhair mé faoi ar RnaG, RnaL agus Nearfm: www.slideshare.net/darrenjprior/presentations

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, November 04, 2009 - 03:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhliain seo chaite, tá scéim againn i Léic Snámha (sin é i gCiarraí Thuaidh) - ghlaoigh siad é "Comhrá Cois Tine". Ceapaim a bhí sé rathúil.
Do Chara Uasle
Seamás91



©Daltaí na Gaeilge