An bhfuil aon gá Craobhacha de Chonradh na Gaeilge a bhunú in Iarthar Béal Feirste mar tá Ceathrú Gaeltachta ann agus Gaeltacht Bóthar Seoige agus i ndeisceart Béal Feirste tá léitheidí An Droichead?
Dá mhéad eagraíochtaí atá ann is ea is fearr, dar liom. Ar an gcaoi sin ní gá cur isteach ar an seandream ná baint de stádas na hoibre a bheadh ar siúl acusan go dtí sin. Tig leosan leanacht orthu le cibé gníomhaíocht atá ar bun acu agus tig leis an dream nua gníomhaíocht de chineál eile ar fad a tharraingt chucu féin.
Más obair dheonach atá i gceist agus muna bhfuil deontais á dtarraingt acu cén dochar a dhéanfadh dhá nó trí chraobh? Cuireadh ceann acu "Díolachán Cístí" ar bun chun airgead a bhailiú don Ghaelscoil; cuireadh ceann eile díobh Céilí nó Dioscó ar siúl don aos óg; agus bíodh ceann eile fós ag iarraidh grúpa Gaeilgeoirí a chruinniú le chéile chun dul chun na Gaeltachta le chéile (Molaimse Cléire i gContae Chorcaí nó Barra in Inse Gall na hAlban.) B'fhéidir go bhféadfaí ceann eile fós a bhunú le dráma a chur ar ardán nó le cór a chur ar bun don eaglais nó don Oireachtas.