Author |
Message |
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 28 Registered: 02-2006
| Posted on Sunday, May 17, 2009 - 12:25 am: | |
Ní raibh ach beag a chríochnaigh an tseirbhís sochraide nuair a thit splanc thintrí agus cúpla caor thine agus go tobann a bhí toirneach ar an aimsir ar fud na háite… agus an bhaintreach fir, faoi mar a rinneadh stangaire de, chlaon sé a cheann go sollúnta agus dúirt sé go ciúin dona sagairt, “Bhuel!Tá sí ar neamh anois, ceart go leor!!” |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8280 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 17, 2009 - 12:53 pm: | |
Go deas! |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 60 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 04:48 am: | |
Tá fear ina shuí i bPáirc an Chrócaigh lá Chluiche Ceannais na hÉireann. Bhí tóir mhillteanach ar thicéid agus tá iontas air go bhfuil suíochán folamh idir é féin agus seanfhear atá ag fanacht go foighdeach le tús na himeartha. ‘Gabh mo leithscéal,’ a deir mo dhuine leis an seanfhear. ‘Chím go bhfuil suíochán folamh in aice leat. Nach iontach sin?’ ‘Ó is ea,’ a deir an seanduine. ‘Chuir mé an suíochán sin in áirithe míonna fada ó shin ach d’imigh mo bhean chéile bhocht ar shlí na fírinne ó shin.’ ‘Ní maith liom do thrioblóid,’ arsa mo dhuine. ‘Ach nach bhféadfadh an ticéad a thabhairt do do mhac, b’fhéidir?’ ‘Bhuel,’ arsa an seanduine, ‘sin an rud is iontaí ar fad. Bhí seisean ag iarraidh bheith ar an tórramh inniu.’ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8283 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 05:13 am: | |
Sean cheann, ach ceann maith. An fir pósta sibh araon? |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 61 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 05:20 am: | |
Tá síceolaithe Éireannacha i ndiaidh staidéar a dhéanamh ar dhaoine a mbíonn eagla orthu roimh Brian Cowen. Tá siondróm nua ainmnithe acu – clabhstar-phobia. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8284 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 06:30 am: | |
Is eagal liom nach dtuigim. Cén bhaint atá ag Ó Cobhain le mainistir? Nó an bhfuil brí eile ag baint le clabhstar nach bhfuil agam? Dála an scéil, an bhfuil a leithéidí ann agus duine a bhfuil eagla air roimh an dTaoiseach? |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 62 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 06:45 am: | |
A Aonghuis, a laoch ...an bhfuil brí eile ag baint le clabhstar nach bhfuil agam? Clabhstar - Cumbersome, unshapely object. Cumbersome person; shuffler. (FGB) Eejit de dhuine. Dála an scéil, an bhfuil a leithéidí ann agus duine a bhfuil eagla air roimh an dTaoiseach? Cuireann se fein agus a rialtas mo shaith eagla ormsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8285 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 08:22 am: | |
Ah! Feicim. Tá Clabstrálaí san liosta úd "Is iomaí duine ag Dia", a tógadh ó FGB (i meacs foinsí eile) Maidir leis an rialtas, eagla roimh a ndeánann siad seachas rompu atá orm. Agus imní faoi easpa teagar aon dream a d'fheadfadh teacht ina n-áit. Más fíor go bhfaigheann muid mar phobal an rialtas atá tuillte againn.... |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 29 Registered: 02-2006
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 02:48 pm: | |
"Ní raibh ach beag a chríochnaigh an tseirbhís sochraide nuair a thit splanc thintrí agus cúpla caor thine agus go tobann a bhí toirneach ar an aimsir ar fud na háite… agus an bhaintreach fir, faoi mar a rinneadh stangaire de, chlaon sé a cheann go sollúnta agus dúirt sé go ciúin dona sagairt, “Bhuel!Tá sí ar neamh anois, ceart go leor!!”" --------------------------------------------------- Aincheist An bhaintreach fir (agus an seanfhear i bPáirc an Chrócaigh): Luath nó mall a bheidh rogha an dá dhíogha aige! Abair--Má tá a bhean chéile ar neamh, agus nuair a thagann glothar an bháis chuige, ní bheidh ach rogha amháin aige…ag dul ‘síos an staighre!’ Alors! Beidh comhluadar maith go leor aige a thaithí ansiúd, nach ea!?? |
|