Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 183 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, March 29, 2009 - 07:50 am: | |
Is fada ó chuala mé an nath sin "cora cainte" agus bhítí dár ngríosadh fadó len iad a bhailiú. Lughaidh a luaigh iad ar an taobh eile de chlaí na teorann ar an láithreán seo: taobh an dá theanga, Béarla is Gaeilge. Nílim féin cinnte cad iad ach is dóigh liom go bhfuil dhá shampla agam anseo: "D´fhéadfainnse ceann cuinge a choinneáil le fear ar bith" -- "cuing" an barra bhíodh idir dhá chapall a bhíodh ag tarraingt céachta in éindí. ("Seisreach" ??) Tá an duine seo á rá go bhféadfadh sé oiread oibre a dhéanamh is a dhéanfadh fear ar bith, go raibh sé ionchurtha le fear ar bith chun oibre. "Bhí mo bhó curtha thar abhainn agam gan bhogadh ón stáitse." Maidhc Dainín Ó Sé a scríobh agus é ag cur síos ar an ngliúcaíocht a bhí idir é féin agus cailín deas i halla damhsa. Eisean ar an ardán ag seinm agus ise ag damhsa thíos faoi. Thoiligh sise castáil air tar éis an damhsa. Bhí an sprioc bainte amach aige, a chuspóir curtha i gcrích. Sin a bhfuil agamsa de chora cainte don tráth seo. Ba bhreá liom cinn eile a fhoghlaim. |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 12 Registered: 03-2009
| Posted on Sunday, March 29, 2009 - 12:04 pm: | |
maidhc dainín - an laochra is fearr in éirinn tá daithí ag scríobh leabhar anois faoin rudaí ''gránna'' i ngaeilge (Message edited by conchubhar1 on March 29, 2009) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 241 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 03:22 am: | |
In áit eile scríobhas: "Is léir gurb iomaí cloch atá ar pháidrín bhaill an fhóraim seo de bhreis ar fhoghlaim na Gaeilge" agus rith sé liom gur cor cainte é sin "cloch ar pháidrín" nó an ea? Cad is brí leis? Is iomaí cuspóir atá ag baill? Tá rún acu eolas a chur ar ábhair eile de bhreis ar eolas a chur ar an nGaeilge, an teangeolaíocht mar shampla? Is de dhlúth agus d'inneach na teanga iad na cora cainte. Ba chóir iad a fhoghlaim. [recte: ba chóir domsa iad a fhoghlaim.] |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8142 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 06:23 am: | |
An bhfuil paidrín agat? Tá an nós craiféach ann machnamh ar leith a dhéanamh ar gach cloch den phaidrín - a seasann do phaidir de chuid an choróin mhuire (nó d'ainm de chuid Allah más Moslamach thú) Má tá mórán cloch ar do phaidrín, tá mórán nithe a bhfuil tabhacht leo dhuit. Murab ionann a cloch sa mhuinchille a bheith agat do dhuine.... |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 243 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 09:06 am: | |
Is deas an nath é sin "cloch sa mhuinchille" ["cloch sa mhuirilte" a chuala mé fadó i gcanúint Bhaile an Fheirtéaraigh] cé gur gránna an smaoineamh. Is fada ó bhí páidrín agam, mo léan. D'imigh san is tháinig so! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8144 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 09:16 am: | |
Is deas i gconaí nath a bhfuil íomha soiléir ag dul leis (ach is minic smaoineamh gránna leis). Nath clochach eile - an cloch is mó ar do phaidrín - rud atá cosúil leis an gad is giorra do'd scórnach. Sin dá mbeadh ceangal na gcúig caol ort! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 244 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 09:47 am: | |
Gan trácht ar chos ar bholg ... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8145 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 10:32 am: | |
Ná uisce faoi thalamh! In ainm Chroim, nach féidir linn corr dearfach a chuir sa scéal? Dar duach, táimid dubhach inniu... Cá bhfuil na hiomáinithe ar an gclaí? Níor chaill fear an misnigh ariamh é... (Message edited by aonghus on April 15, 2009) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 935 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 12:37 pm: | |
"Lughaidh a luaigh...," Ó, baby now... Ar chuala aon duine eile an t-amhrán sin nuair a léadh na focail sin? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 245 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 02:42 pm: | |
:-) Maith go bhfaca tú é. Mairimse i saol eile ar fad is dóigh liom, saol gan mórán Béarla ... |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 936 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 04:07 pm: | |
Ní raibh mórán Béarla san amhrán sin, muise! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 246 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 06:53 pm: | |
Cén t-amhrán é seo atá i gceist agat? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2813 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 07:28 pm: | |
'Cora cainte as Tír Chonaill', sin leabhar dá scríobh Seán Mac Maoláin... Cor cainte = idiom... Focal ar fhocal: "turn of speech". Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 937 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, April 16, 2009 - 09:47 am: | |
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 325 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, April 16, 2009 - 01:44 pm: | |
Tarcaisne dhiabhlaí a d'aimsigh (nó sciob) an snag breac dom: go ndéana an diabhal dréimire as cnámh do dhroma! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 938 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, April 17, 2009 - 10:17 am: | |
Ach ní snagcheol atá ann...cé gur bhreac-Bhéarla... |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 56 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 09:49 am: | |
Is féidir dul thar fóir leis na cora cainte céanna. Tá aithne agam ar fhear a bhí ag moltóireacht ar chomórtas díospóireachta idir scoileanna. Sheas bean óg agus d’fhógair don slua: ‘Le fada an lá, tá na fir ag déanamh beag is fiú, cos ar bolg agus éirí in airde ar na mná.’ Níl tús ná deireadh, bun ná barr ná ord ná eagar air, dar liomsa. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 267 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 01:01 pm: | |
Hí Hí! Sin ceann maith! Ach mí-chruinn. Bíonn éirí in airde ar dhaoine sotalacha móiréiseacha ach ní cor cainte é san abairt a bhí ag an mbean óg úd. Cur síos liteartha a bhí ansin. [Nach deas na focail iad "sotalach" agus "móiréiseach". Meastú cá fhad ó úsáideadh iad go deiridh?] |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8168 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 23, 2009 - 06:21 am: | |
Meas tú? Tá débhrí nach raibh i gceist aici le "éirí in airde ar mhná...." Tá sotalach feicthe agam measartha minic. Móiréiseach, n'fheadar. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 335 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, April 23, 2009 - 06:17 pm: | |
Seo é ceann a d'aimsigh mé i leabhar a luaigh mé áit eile le déanaí (Cuir Gaeilge Air le hAntain Mac Lochlainn): "bhí an iomarca ceoil ina gcuid caointe". Mar aistriúchán ar "d(h)eora crogaill" an Bhéarla a mholann sé é. Ag déanamh tagartha atáthar do na mná caointe "a d'íoctaí chun dul ag drantán ceoil caointe ar thórraimh." Sna cásanna nach raibh aithne acu ar an duine marbh ba é ba dhoichí nach raibh an brón chomh trom sin orthu - dá mba rud é go raibh brón ar bith orthu. Líonadh an bhearna ansin, dar ndóigh, le ceol. Sa chás seo, ó thaobh an aistriúcháin de, nílim cinnte go bhfuil gá leis an t-aistriúchán díreach a sheachaint. Úsáidtear an nath céanna sa Ghearmáinis (Krokodilstränen), mar shampla. Níl an nath fréamhaithe go speisialta i nós tíre eile agus an nós úd gan a bheith inaistriithe maidir le comhthéacs gaelach. Is ar fhíoras bitheolaíochta atá an nath bunaithe a thugann gné idirnáisiúnta dó. Mar is eol, nuair a bhíonn íobartach an chrogaill i mbéal an bheithígh leis an ngiall sábhach agus é dá fháisceadh aige tagann "deora", nó leacht uisciúil éigin, amach as súile an chrogaill - d'ainneoinn gurb é féin fear (nó crogall) déanta na "coire". Agus tá go leor taithí déanta againn lena leithéid de "fhimíneacht*" sna míosa beaga anuas - ach táim bréan de bheith ag tagairt don ábhar céanna. * Dála an scéil, ní féidir fimíneacht a chur i leith crogaill, is dócha, os rud é gur antrapamorfachas a bheadh i gceist; an amhlaidh an scéal i gcás na mbaincéirí? (Message edited by ormondo on April 23, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8179 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, April 24, 2009 - 06:16 am: | |
Ar an gcúis céanna nach níonsaíonn nathair dlídóirí is dócha? (Cuirtéis gairmiúl, deirtear, ach seans gur antrapamorfachas atá ansin fosta) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 339 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, April 25, 2009 - 01:51 pm: | |
Cad a tharla don nathair a bhain greim cheilge as dlíodóir? (Message edited by ormondo on April 25, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8185 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, April 26, 2009 - 06:23 am: | |
Cuireadh ar fionraí ón gCumann Dlí é. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 343 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, April 26, 2009 - 01:54 pm: | |
Dicigoromorfachas* atá ann anois! Is amhlaidh gur stiúg an créatúr bocht. *dikigoros = dlíodóir Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 277 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, April 26, 2009 - 02:36 pm: | |
Nath a chuala mé ar TG4 anois díreach: "Beidh an gabhar á róstadh i gCorcaigh anocht." An cor cainte é sin nó meafar nó cad é in aon chor é? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 345 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, April 26, 2009 - 03:09 pm: | |
Ní dóigh liom go n-úsáidtear "gabhar" mar leasainm nó téarma meafarach do "thraenálaí foireann iomána an chontae" i gCorcaigh ach ní bheinn ró-chinnte de faoi láthair! (Message edited by ormondo on April 26, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8189 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, April 26, 2009 - 03:57 pm: | |
Nath (go bhfios dom) nua aimseartha atá ann, a chiallaíonn go mbeidh spraoi mhór san áit go mbíonn an ghabhar á róstadh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 292 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, May 06, 2009 - 08:45 pm: | |
Foilsíodh "Cora Cainte as Tír Chonaill" fadó riamh ó shin. Is dócha go bhfuil sé thar am é a chóiriú agus a athfhoilsiú. An eol d'éinne ar foilsíodh mórán eile ar aon dul leis? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 326 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 07:19 pm: | |
Ó thárla gur aimsigh mé cóip den leabhar sin "Cora Cainte as Tír Chonaill" luigh mo shúil ar an bhfocal "deilín" agus is mar seo atá sé ag an údar: Bíonn deilín sonnruigheadh ag Brian .i. Bíonn an domhan cainnte aige. Thig an Ghaedhilg leat ina deilíní .i. Thig stealltracha móra Gaedhilge leat go réidh. Deilín na mbacach .i. an chainnt a bhíos ar bharr a dteanga ag na bacaigh agus iad ag iarratas. (Is mar sin atá sé sa leabhar.) An fáth go roghnaím an focal sin? Bhí sé sa chaint i mBéarla againne sa bhaile agus mé im ghásúirín: "Cén deilín atá agat anois?" -- "Cén leithscéal atá agat" (.i. scéal nach gcreidfear, scéal áiféiseach, scéal i mbarr bata.) An bhfuil a leithéid d'fhocal "ar deil" ann agus, má tá, cad is brí leis? |
|