Author |
Message |
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 129 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, March 10, 2009 - 02:08 pm: | |
Thosaigh beirt againn ag dul siar ar bhóithrín na smaointe inniu agus sinn ag fanacht i scuaine an ospidéil ar an gcóireáil leighis a chuirfeadh fad lenár saol araon. An Choróin Mhuire an t-ábhar a bhí againn. Seasca bliain ó shin deirtí an Choróin Mhuire in gach teach in Éirinn. Gach teach? Bhuel, sa teach s'againne agus i dteach mo charad. Bhíodh fadhb ag ár dtuismitheoirí na paidreacha a chomhaireamh: cúig cinn de Rúndiamhra, Ár nAthair amháin, deich gcinn den Is é do bheatha, a Mhuire, agus Glóir amháin. Cén chaoi a bhféadfá deich bpaidir a chomhaireamh? D'inis mo chara dom go mbíodh de nós sa teach s'acusan na deichniúir a ghiorrú chun ná beadh ach sé cinn d'Avéanna in ionad deich gcinn. Sa teach s'againne bhíodh mo mháthair i bhfeighil an Pháidrín agus bhíodh liodán agus paidreacha ócáide aici a chuireadh sí leis an gCoróin féin le fad a bhaint as agus muide a chur le báiní. Bhímisne ag dúil leis an Top Twenty ó Radio Luxembourg nó The Foley Family, clár grinn, ó Radio Éireann. An bhfuil aon duine eile ar an bhFóram seo atá ar comhaois liom agus a bhfuil caitheamh aige nó aici le laethanta ár n-óige nó an bhfuilim i m'Oisín i ndéidh na Féinne? A dhifriúla is a bhí an saol sna daichidí agus sna caogaidí ó shaol na linne seo? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4405 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 11, 2009 - 12:24 am: | |
Níl mé chomh sean leat, is dócha, ach tá mearchuimhne agam ar an am nach raibh teilifíseán sa teach fós. Tá ceann sa teach seo anois, ach ní bhaintear aon úsáid as ach amháin le haghaidh na DVDs. Bíonn an scáileán dorcha níos mó ná nócha faoin gcéad den am. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 910 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 11, 2009 - 03:43 pm: | |
Maidir le giorrú na bpaidreacha, is é an tuiscint atá agamsa ná gur cumadh Coróin Mhuire don ghnáthdhuine nach raibh ábalta an rud a rinne na manaigh a dhéanamh - ba é sin na céad is caoga salm a rá gach lá! |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 90 Registered: 08-2007
| Posted on Wednesday, March 11, 2009 - 10:28 pm: | |
A Thaidhgín, mo náire tú; nach raibh bhur bpaidríní páirteacha agaibh chun na paidreacha a áireamh ? Agus rud eile, ós ag caint sinn ar na sean laethanta cár fhág tú na 'miraculous medals', na 'scapulars agus na 'pioneer pins'? Seanfhear |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 911 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 12, 2009 - 09:48 am: | |
Caithimse bonn míorúilteach, muise. Ach ní bheidh mé i mo staonaire riamh! Cad é an chloch is mó ar do phaidrín, a Sheanfhir? ;-) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 268 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, March 12, 2009 - 05:54 pm: | |
An chloch dhomlais? (Message edited by ormondo on March 12, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 91 Registered: 08-2007
| Posted on Sunday, March 15, 2009 - 01:02 am: | |
Fair play dhuit, a Shéamais, tá an dá thrá á fhreastail agat :) Agus is deas an rud e nár staon tú ón ngreann ach an oiread. Maidir liom féin níl paidirín ar bith agam, ach muna bhfuil ní hí mo mháithrín bhocht [trochaire uirthi] atá fé ndeara é - sin an saol! Sonas orainn go léir. Seanfhear |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 136 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, March 15, 2009 - 07:26 pm: | |
Ní hamháin go mbíodh an Páidrín inár lámha againne ach bhíodh muid uilig ar ár nglúine os comhair na tine agus an cat, Piní Bocht, ina codladh ar an mata. Codladh na súl oscailte a bhíodh aici siúd ar ndóigh mar nuair a d'fheiceadh sí croisíní na bPáidríní ag bogadh timpeall ar an urlár chuireadh sí suim iontu ag ceapadh gur lucha a bhí iontu. Shíneadh sí lapa leisciúil amach i dtosach agus ansin phreabadh sí. Phléascadh muide le gáire d'ár n-ainneoin agus b'é dícheall ár máthair an gáire s'aici féin a cheilt agus smacht a chur ar an gcuid eile againn chun go leanaimis leis an bpaidir. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 913 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 16, 2009 - 10:36 am: | |
Chuala mé faoi phaidir chapaill, ach níor chuala mé faoi phaidir chait roimhe seo! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 915 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 16, 2009 - 12:54 pm: | |
http://www.daltai.com/discus/messages/21/39800.html?1237222394 Táim ag súil go mbeidh cuimhní cinn ann go rialta, agus féachaint go bhfuil sibh ag díriú air sin sa téad seo...arb fhéidir libh cúpla focal a bhreacadh síos ar an am a chuaigh thart? Nó pé ábhar ab áil libh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 139 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, March 16, 2009 - 04:04 pm: | |
Ceartúchán: b'é dícheall ár máthar ... |
|