Rud dá leithéid atá i gceist agam, ceart go leor.
I gcás cluiche le dhá chaitheamh is iad seo na dóchúlachtaí
roimh ré -
den té leis an gcéad caitheamh: 1/6
den té leis an dara caitheamh: 5/6*1/6 = 5/36 (<1/6).
Tá an buntáiste i gcónaí leis an duine leis an gcéad caitheamh - ríofa ó phointe cinnte amach.
5/6*1/6: cén fáth sin? Tá dhá choinníollacha le forlíonadh ag an té leis an dara caitheamh chun an cluiche a bhuachan. Ní leor dósan amháin a uimhir shéin a chaitheamh (1/6) ach ina theannta sin tá sé ag brath air nach bhfuil uimhir shéin an duine eile caite go díreach roimhe sin (5/6).
Ach conas a cháinnítear buntáiste an chéad teilgeora i gcás cluiche nach bhfuil a fhad réamhtheoranta?
quote:Bíonn an bua ag an chéad duine a chaitheann a uimhir shéin fhéin.
Is é sin a rá, má chaitheann an chéad duine an uimhir shéin ar an gcéad caitheamh tá an cluiche thart. Ní cuairteanna le dhá chaitheamh atá i gceist ina bhfuil caitheamh amháin ag ceachter agus ina gcríochnaítear i gcónaí cuairt reatha chun an toradh a fháil amach. Dá mba rud é gurbh é an córas réamhluaite a bheadh i gceist, bheadh sé éasca, déarfainn, an dochúlacht a mheas: ½ - mar bheadh an seans céanna ag ceachter.
Ach ní hé sin an cheist a chuir Fearn.
Arís, chomh luath is a bhfuil uimhir shéin éigin caite, tá an cluiche thart ag an bpointe sin. (Agus ó thaobh na dóchúlachta de is cuma cad iad na huimhreacha séin.)
Tá leagan simplí den fhreagra agus leagan níos casta de.
An freagra simplí: ag gach aon phointe ama bíonn an buntáiste i gcónaí ag an gcéad caitheamh eile: seans de 1/6 ag an té a chaitheann agus seans de 0/6 (= 0) ag an té nach gcaitheann.
Maidir leis an bhfreagra níos casta bheadh sé riachtanach, dar liom, an cheist a bheachtú beagáinín sula leanaimid ar aghaidh: ó phointe tugtha éigin amach cad é an dóchúlacht go mbeidh an cluiche buaite i gceann
n caitheamh ag an duine leis an gcéad caitheamh - i gcomparáid leis an duine eile?
Tá dóchúlacht de 1/6 go mbuafaidh an duine leis an gcéad caitheamh ar a chéad chaitheamh.
Tá dóchúlacht de 5/6*5/6*1/6 go mbuafaidh an duine leis an gcéad caitheamh ar an tríú caitheamh tar éis an phointe tagartha agus mar sin ar aghaidh.
Tá dóchúlacht de 5/6*1/6 go mbuafaidh an duine eile ar an dara caitheamh tar éis an phointe tagartha.
Tá dóchúlacht de 5/6*5/6*5/6*1/6 go mbuafaidh an duine eile ar an gceathrú caitheamh agus mar sin ar aghaidh.
Dá réir, seo í foirmle den dóchúlacht buaite ar chaitheamh uimhir a
n.
5easp(n-1)/6easp(n).
Is leis an té leis an gcéad caitheamh na corruimhreacha agus is leis an té eile na ré-uimhreacha.
Ó phointe tosaigh de chluiche ina mbeadh
n caithimh ag teastáil go dtí go mbeidh an bua bainte amach seo hiad na cairn dhóchúlachta a bheadh “bailithe” leis an mbeirt imreoir:
an duine leis an gcéad caitheamh: ∑5easp(2n-2)/6easp(2n-1),
an duine eile: ∑5easp(2n-1)/6easp(2n-2).
I gcás gach
n is mó 5easp(2n-2)/6easp(2n-1) ná 5easp(2n-1)/6easp(2n-2) agus mar sin is mó ∑5easp(2n-2)/6easp(2n-1) ná ∑5easp(2n-1)/6easp(2n-2).
Mar a dúradh thuas, i tsraith uainíochta neamhtheoranta mar sa chás s’againne tá buanbhuntáiste ag baint leis an gcéad caitheamh.
An méid a bhí le léiriú (QED ?) ?