Tá an córas bainistíochta inneachair( CMS) PHP-Fusion aistrithe go Gaeilge mar thoradh ar thogra de chuid Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.
Tá PHP-Fusion as Gaeilge le fáil saor-in-aisce ach gliogáil ar
http://php-fusion.co.uk/downloads.php?cat_id=18 Le PHP-fusion, is féidir suíomh idirlín a chruthú le go leor gnéithe éagsúla air cosúil le fóraim (a bhreathnaíonn go deas), teachtaireachtaí príobháideacha, gailearaí grianghraif, nuacht, ailt, íoslódálacha, naisc &rl.
An buntáiste is mó a bhaineann le PHP-Fusion ná go bhfuil sé an-éasca suíomh idirlín a chruthú agus a bhainistiú leis. Ní theastaíonn scileanna cláraitheoireachta ar bith agus tá an painéal riarthóra an-simplí le tuiscint agus len úsáid. Ag an am céanna, cuireann sé neart roghanna ar fáil dhuit agus tú ag cruthú suímh.
Tá súil ag Coláiste Cholmcille agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe go gcuirfidh an leagan Gaeilge de PHP-Fusion le líon agus caighdeán na suíomhanna idirlín Gaeilge atá amuigh ansin.
Go n-éirí libh!