Author |
Message |
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 279 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, February 12, 2009 - 05:51 am: | |
Thit sé isteach i mo chloigeann gurb é trua é gur i nGaeilg amháin atá na cancracháin teanga ar mairthean. Is é an trua eile é go bhfuil siad ar an dé deiridh, más ann dóibh in aon chor, i saol an Bhéarla. Ba cheart do chuid againn nach labhraíonn oiread Béarla le muintir eile na hÉireann, iompú inár mBéarlóirí dílse agus tathaint ar mhuintir eile an domhain gan a bheith ag brú a gcuid mionteangacha, mórtheangacha agus teangacha measartha orainn, tharla nach dtuigimid iad. Mura nglacfaidh siad leis an tathaint, is cinnte gur cancracháin iad. Cruthaíonn sé sin é. Ach i mBéarla, sea, i saol na míne, tá líon na gcancrachán Béarla róghann. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi. Is trua gur i nGaeilg amháin atáid na cancracháin teanga ar mairthean agus is trua go bhfuil laghad lín na gcancrachán i saol an Bhéarla bhreá, réasúnaigh, shláin, mhín, ...... |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 80 Registered: 08-2007
| Posted on Thursday, February 19, 2009 - 07:26 pm: | |
Tá an fhírinne lom agat, a Mhic, is rud scannalach é an slí ina bhfuil teangacha éagsúla ag brú isteach ar an mBéarla. An gcreidfeá go bhfuilid ann anois atá ag iarraidh An Fhraincís a chosaint ón mbás? Deirtear liom go bhfuil Raidió na Maori ag craoladh sa Héileann Nua agus de réir dealraibh tá iarracht á dhéanamh ar teangacha na mBundúchach san Astráil a h-aithbheochain fiú amháin! Ach fan go fóillín, tá cúpla loing chogadh fágtha fós! Seanfhear :-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8111 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 20, 2009 - 04:37 am: | |
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 20, 2009 - 07:53 pm: | |
'A stimulating and rewarding career' ambaist! An bhféadfadh éinne gairm bheatha níos leadránaí nó níos leimhe ná an ceann sin a shamhlú? Smaoinigh air: a t-aon saol amháin atá agat a chaitheamh ag cur Béarla ar bhéarlagar mhaorlathas na Bruiséile - b'fhearr liom go mór bheith ag tochailt salainn, ag briseadh cloch, ná ag glanadh leithreas. Bheadh níos mó sásaimh le baint as an obair sin agus is mó a rachadh sé chun leas an phobail. Ní ag caitheamh anuas ar an mBéarla atáim, dála an scéil: bheadh sé chomh dona céanna dá mbeadh ort Gaeilge ná aon teanga eile a chur ar an dríodar céanna. Caithfidh go bhfuil conradh éigin a bhaineann le cúrsaí cearta daonna á shárú ag an rannóg aistriúcháin úd. |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 82 Registered: 08-2007
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 10:38 pm: | |
Ach fan neomat a GOF, smaoinigh ar an dtuarastal! Seanfhear :-) |
|
|