Author |
Message |
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 32 Registered: 06-2007
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:54 am: | |
Rinne mé scrúdú ar bhall-liosta Beo.ie. -As na 18694 úsáideoir cláraithe faoi láthair níor chuir ach 99 úsáideoir post suas. -Níor chuir éinne a chláraigh tar éis 9 Márta 07 post ar bith suas mar ní bhfuair aon duine acu údarú, sin níos mó ná bliain ó shin. Cé gur seoltóirí turscair iad formhór na clárúcháin, tá daoine eile a bhí ag iarraidh páirt a ghlacadh san fhóram ach ní bhfuair siad údarú - mé féin san áireamh. Ní iontas ar bith go bhfuil daoine ag cnáimhseáil faoi cé chomh ciúin is atá an suíomh mar níl éinne nua in ann iad a fhreagairt. Chuir mé eagarthóir an tsuímh ar an eolas faoi fadhb seo cúpla uair ach fós níl aon athrú ar an scéal. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 243 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 08:34 am: | |
Ar ndóigh fad a mhair sé, a Dhranoel, bhíodh siad ag cnáimhseáil ar aon chuma. Níor lucht cnáimhseála go dtí iad. Is é an bainne a bhfuil luch ann agus is é an bainne nach bhfuil luch ann acu é! Feicfimid linn go fóill. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 893 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 09:24 pm: | |
Sin an fhadhb a bhí ag an suíomh sin riamh - ní thugtar aon aird dó. Ní raibh sé riachtanach clárú fadó, agus ansin scriosaigh na spamadóirí is na hionsaitheoirí an suíomh. Anois, ní mór clárú, ach ní fheiceann éinne air chun na spambots a ghlanadh de agus, más fíor a deir tú, chun cead isteach a thabhairt d'éinne. Is mór an trua sin. Ach ní scéal nua é, faraor. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 895 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 10:01 am: | |
Ní fheadar cé acu dá ath-thógáil nó faoi ionsaí atá sé, ach tá clár plé Beo marbh um an dtaca seo inniu... |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 7 Registered: 02-2006
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 03:06 pm: | |
Ní fheadar cé acu dá ath-thógáil nó faoi ionsaí atá sé, ach tá clár plé Beo marbh um an dtaca seo inniu... -------------------------------------------------------- Ní féidir liom Clár Plé Beo a aimsiú! Cad a tharla? Warning: mysql_connect() [function.mysql-connect]: Access denied for user 'beodoti_phpbb'@'win18.hosting365.ie' (using password: YES) in E:\hshome\beoanois\beo.ie\clar_ple\db\mysql4.php on line 48 Warning: mysql_error(): supplied argument is not a valid MySQL-Link resource in E:\hshome\beoanois\beo.ie\clar_ple\db\mysql4.php on line 330 Warning: mysql_errno(): supplied argument is not a valid MySQL-Link resource in E:\hshome\beoanois\beo.ie\clar_ple\db\mysql4.php on line 331 phpBB : Critical Error Could not connect to the database |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 896 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 04:39 pm: | |
D'inis Liam dom go bhfuil siad á ath-thógáil ó bhun. Níl aon fhios agam cathain a bheidh sé ar ais. |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 8 Registered: 02-2006
| Posted on Friday, January 23, 2009 - 03:00 pm: | |
D'inis Liam dom go bhfuil siad á ath-thógáil ó bhun. Níl aon fhios agam cathain a bheidh sé ar ais. ------------------------------------------- Chonaic mé fógra go mbeidh CPB glan glé ar fáil go luath. Cad a bhí an fhadhb ann? Bhí CPB ag feidhmiú go maith, dar liom! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 901 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, January 25, 2009 - 03:14 pm: | |
Tá Nikki R ag obair ar chóras nua. Faoi ionsaí i gcónaí é, sílim gurb amhlaidh an cás. Cá bhfaca tú an fógra? |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 9 Registered: 02-2006
| Posted on Tuesday, January 27, 2009 - 10:50 am: | |
|
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 10 Registered: 02-2006
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 03:08 pm: | |
“Tig maith mór as moill bheag!” d'accord...ach cá fhad a mhairfidh an mhoill bheag?! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 902 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 02, 2009 - 11:03 am: | |
Cuir gach rud ar an méar fhada, beidh an mhéar fhada róghearr ar ball... Anois, cé acu an mhéar fhada? ;- ) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 903 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 02, 2009 - 01:33 pm: | |
Tá sé idir eatarthu inniu - tá http://www.beo.ie/clar_ple/ ann ach níl ach an teachtaireacht chéanna ann ag http://beo.ie/fogra/ClarPle.html, an nasc atá ar an bpríomhleathanach. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 904 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 02, 2009 - 04:39 pm: | |
Deisithe (briste) anois... |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 11 Registered: 02-2006
| Posted on Monday, February 02, 2009 - 07:00 pm: | |
Cuir gach rud ar an méar fhada, beidh an mhéar fhada róghearr ar ball... Anois, cé acu an mhéar fhada? ;- ) -------------------------------------------- Nuair a bhíonn ceist reitriciúil san áireamh,faigh fad gach ceann de na méara agus má tá duine faoi ordóga uile, sin é an freagra!!Tsk! Uaireanta is deacair suíomh gréasáin a dheisiú. Bonne chance do Liam!! |
|