mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through March 16, 2009 » Anspéis lucht foghlama na Gaeilge sa bhfóidín meara. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 238
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, January 10, 2009 - 11:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tagaim le Dennis i dtaca le híonghlaine canúna. Scríobh sé amuigh ar thaobh an Bhéarla nach bhfuil an-mhórán leasa san íonghlaine úd. Tá an ceart aige. Tá gnéithe eile de scéal na Gaeilge atá i bhfad níos íogaraí faoi láthair. An té a thosaigh an snáithe áitrithe sin amuigh, níl aon amhras orm ach gurb é a bhealach féin é le cur in éadan dul chun cinn lucht foghlama d’fhonn a gcoinneáil chomh domhain san aimiléis is atá sé féin. Sin é is máthair liom a bheith amuigh anso, taobh na Gaeilge amháin, ionas nach gcuirfead lena shnáithe amaidí, i mBéarla ná Gaeilge thall.

Thosaigh mé an diabhlaíocht ar na mallaibh mé féin chun scéal an tóir ar chanúint seachas a chéile a thabhairt chun sliobarna ar fad uilig. Ní maith liom an sárú a thitfeas amach anois is arís ar shuíomhanna idirlín, ach braithim go gcaitear an iomarca ama uilig ar ghné a baineann le buntús foghlama a chíoradh ar an suíomh so. Is gné shochtheangeolaíoch ann féin é an bhéim a leagan lucht foghlama na Gaeilge ar chanúint X thar X.1, nó thar Y, le hais na ceiste céanna i measc lucht foghlama an Bhéarla, fágaim. Is éard a tharlaíonn i gcás an Bhéarla, glac do rogha, blas Mheiriceá nó Shasana, sin a bhfuil de, agus luí isteach, láithreach, ar an teanga a fhoghlaim ansan. An áit a gcailltear feanntar, a bhfuil le déanamh, déantar, agus ní chuirtear an saol amú le cíoradh neafaiseach.

Ní as an aer a tharla sé go bhfuil daoine ag lapadaíl amuigh ar thaobh Béarla an tsuímh le cioradh canúintí, cíoradh caighdeáin, cíoradh foghraíochta, sochtheangeolaíochta, síctheangeolaiochta agus gach eolaíocht dá dhúire, cibéard, amhail is nár cheart an teanga a fhoghlaim gan leath aois an duine a chaitheamh á mheá roimh ré. Is cuid den 'mhionteangachas' an t-iompar san, braithim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7864
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 10, 2009 - 11:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is beag atá le cuir leis sin.
An bhfuil leigheas air?
Níl, seachas scéal éigin eile a tharraingt anuas thall agus an fuinneamh a sheoladh i dtreo úr.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 79
Registered: 07-2006
Posted on Saturday, January 10, 2009 - 12:47 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuir sé iontas orm an chéad uair a bhreathnaigh mé ar láithreáin Ghaeilge an idirlín a liacht eachtrannach a bhí ag cur suime sa teanga agus eolas acu ar ghnéithe di nárbh eol domsa tada futhu. (B'fhurasta dhóibh, a deir tú.) Is maith ann iad agus cuid acu níos fearr agus níos díocasaí ná duine ar bith in Éirinn.

Is minic a chloisim an deilín ag daoine nár chóir dúinn bheith ag scríobh faoin teanga féin in aon chor ná faoin nGaeltacht ná faoi rud ar bith in Éirinn ach níl d'ábhar suime i gcoitinne againn ach sin. Má dhéanaimid trácht ar Gaza (an tír seachas an peileadóir) nó Easpaig nó staid an gheilleagair agus an tobhach ioncaim seo cuirfimid olc ar dhuine éigin.

Níl fágtha againn ach an aimsir: goimh san aer isló, sioc istoíche, agus fuacht. Maróidh sé na frídíní.

Meas tú ' bhfuil jóc maith ag éinne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7866
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, January 10, 2009 - 02:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba chuma, dá mbá i nGaeilge a bhí an cíoradh seo á dhéanamh.

Ach cén chabhair síor chíoradh mionghnéithe (faoi easpa eolais céad lámha, go minic) - as Béarla?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 890
Registered: 11-2004


Posted on Saturday, January 10, 2009 - 02:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ábhar machnaimh á phlé agaibh, agus baineann na ceisteanna seo le saol an idirlín (agus na hathruithe air) le b'fhéidir ocht mbliana anuas. Bíonn an iomarca daoine sásta bheith ag caint faoin teanga i gcónaí, seachas á húsáid. Is féidir gur cuimhin le Dennis mé fadó, agus mé ag foghlaim ar Gaeilge-H/B/A, go raibh sé ar intinn agam an teanga a fhoghlaim ionas go mbeinn in ann rudaí a dhéanamh léi. Agus i mo chas féin, is iomaí rud a rinne agus a dhéanaim. Cuireann sé ionadh agus díomá orm go bhfuil suim acadúil amháin ag an móramh sa teanga. Sílim i gcónaí, dá mbeadh cúrsaí níos suimiúla agus níos taitneamhaí ar shuímh a bhíonn as Gaeilge amháin, bheadh ní ba mhó daoine sásta páirt a ghlacadh sa saol sin (seo). Tarlaíonn sé uaireanta.

Tá sé slán a bheith ag caint faoin teanga. Is é an t-aon rud amháin a bhfuil suim againn go léir ann. Agus níl sé conspóideach ach nuair a bhíonn canúint X chun sárú ar an gcaighdeán nó mar sin. Is fíor le Taghgín an méad a scríobh sé. Ach de réir mo thaití féin ar chúrsaí, a) is breá le daoine an chonspóid b) Is deacair le daoine rudaí conspóideacha a phlé gan a bheith maslach agus ag dul thar fóir. Agus an saol mar atá, déantar ionsaithe pearsanta seachas argóintí ciallmhara go rí-mhinic. Dar liom, sin an fáth nach bhfuil na sean-liostaí r-phoist beomhar ná suimiúil níos mó. Ina n-ionad, tá na blaganna ann (www.caomhach.blogspot.com, mar shampla). Agus bíonn plé ann uaireanta. Is an-deacair cúrsaí a choimeád faoi smacht ar chlár plé mar seo. Tá mo thaithí féin agam ar sin, freisin, ar beo.ie agus scoilgaeilge.org/liosta. Ní raibh éinne ann chun ionsaithe a chosc ar beo, den chuid is mó, agus cé go raibh sé spraíúil, chuaigh daoine thar fóir agus scriosadh an clár plé sin le fada. Agus mise i mbun an liosta scoilgaeilge, tar éis an t-aon uair amháin a scrios mé teachtaireachtaí, chun smacht a choimeád ar na maslaí srl., ní raibh aon iontaobh ag na daoine a bhí ag troid liom ionam, agus stadadh an plé. Ní bhímid ach ag plé cúrsaí neamhurchóideacha as sin amach, déarfainn. Tá daoine sásta gach ábhar a phlé ar beo fós, ach ní bhíonn ach cúpla duine ann. Táimid scapaithe óna chéile sa lá atá inniu ann.

Cad é an réiteach? Sin an cheist. Is iomaí duine a le Gaeilge líofa a d'fhág saol Gaeilge an idirlín, gan táisc ná tuairisc orthu, agus sílim gur imigh roinnt mhór díobh mar gheall ar chonspóidí áirithe. An chuid eile againn, bímid inár gcúinní éagsúla féin, agus níl aon bhaile lárnach againn.

Seo an snaidhm gan réiteach: Is tábhachtach an teanga a úsáid, agus is baolach sin, leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 239
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, January 10, 2009 - 04:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Caithfidh mé seo a rá a chairde. Is léir dom go dtuigeann gach éinne agaibh an scéal bun barr agus níl aon réiteach agamsa ach oiread ar an deacracht. Conspóid nó ciúineas nó an síorchíoradh ar chanúint X.

Mar a luaigh Aonghus thuas, an fuinneamh a threorú bealach eile, más féidir.

Ba cheart dúinn sos a ghlacadh abhus, taobh na Gaeilge, ó am go chéile, in áit sinn féin a thuirsiú glan amach agus imeacht ar throigh gan tuairisc mar a chuaigh daoine eile romhainn, 'gan tásc ná tuairisc orthu' cheana.

Bia anama dúinn, cúpla dreas ceoil is damhsa: http://www.youtube.com/watch?v=EReUt7nmbWI&feature=related

Damhsa na scuaibe: http://www.youtube.com/watch?v=z1j4bWU3YWw&NR=1

agus arís: http://www.youtube.com/watch?v=1n63mJwvbZQ&NR=1

http://www.youtube.com/watch?v=CoE0QUAo81Y&feature=related

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4356
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, January 11, 2009 - 02:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An fhírinne ghlan atá ráite agaibh... faraor.
quote:

Damhsa na scuaibe

Damhsa scuaibe eile: http://vimeo.com/993998

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 892
Registered: 11-2004


Posted on Sunday, January 11, 2009 - 09:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Muise, tá na drugaí láidir in Buenos Aires! An-chliste.

Agus a Smac, an dóigh leat go scuabtar uarlár ar bith agus a leithéid sin ar siúl i gcónaí?

Nuair a léimtear an scuab i Meiriceá, bhuel, nuair a léim daoine gorma an scuab sa deisceart, phós siad.

http://en.wikipedia.org/wiki/Jumping_the_broom

Sea, bíonn an spraoi ar an taobh seo den seomra, a chairde!

(Message edited by Séamas_Ó_Neachtain on January 11, 2009)



©Daltaí na Gaeilge