Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 150 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, December 29, 2008 - 06:35 pm: | |
Lá amháin bhí fear, a bhean chéile agus madra an teaghlaigh amuigh ar thuras sa ghluaisteán nuair a chonaic an fear ainmhí beag amach roimhe ar an mbóthar. Ar éigin ar dhein sé an coscán a fháisceadh agus an gluaisteán a stopadh go díreach roimh an ainmhí. Amach as a ghluaisteáin agus chun tosaigh leis an bhfear chun fiosrú a dhéanamh faoi cad a tharla. Laistíos den tuairteoir tosaigh bhí frog ina shuí ar an mbóthar agus nuair a chuala sé an fear ag teacht ina threo bhreathnaigh sé suas chuige. “Táim an-bhuíoch díot,” arsa an frog, “tá tú díreach tar éis mo bheo a shabháil.” Ní nach ionadh, bhain sin geit as an bhfear. “A Dhia na Bhfeart,” arsa an fear, “cad atá anseo romham, frog a bhfuil cumas cainte aige?” “Sin é go díreach,” arsa an frog, ”is frog draíochta mé agus os rud é nár thiomáin tú an gluaisteán isteach ionam tabharfaidh mé aon uair amháin mar luach saothair duit cibé rud is mian leat.“ “Bhuel,” arsa an fear agus mhachnaigh sé tamaillín ar an rud, “tá seó madraí ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn ar an mbaile againn agus ba mhaith liom go mbainfidh an madra sin atá sa ghluaisteán agam an chéad duais amach.” “Go hiontach,” arsa an frog, “taispeáin dom an gaidhrín mar sin agus roimh i bhfad beidh do thoil déanta agam duit.” Leis sin d’oscail an fear cúldoras an ghluaisteáin agus d’fhéach an frog isteach chun an madra a iniúchadh. Bhuel, istigh sa ghluaisteán roimhe ar an suíochán cad a bhfaca sé ach beithíoch droch-chruthach gránna le smut mosach cam agus leicne fliucha silteacha aige. Níorbh fhada gur mhothaigh an frog an misneach ag sleamhnú uaidh. “Gabh mo leithscéal anois,” arsa an frog go náireach, “ach ní dóigh liom go bhfuil an draíocht agam cumhachtach go leor chuige sin. Ach," arsa an frog go dóchasach, "b’fhéidir go bhfuil rud eile ag teastáil uait?” Mhachnaigh an fear ar an rud uair amháin eile. “Tá comórtas, comórtas áilleachta ban ar siúl ar an deireadh seachtaine dar gcionn,” dúirt sé tar éis tamaillín, “agus ba mhaith liom go mbuafaidh mo bhean chéile an chraobh ann.” “Maith go leor,” arsa an frog, “eireoidh sé sin liom gan amhras.” Agus leis sin ar aghaidh leis an bhfrog - agus léimeanna beaga á gcaitheamh aige - i ndiaidh an fhir. Nuair a shroich siad doras shuíochán tosaigh paisinéara d’oscail an fear an doras agus d’fhéach an frog uaidh isteach sa ghluiasteán mar a raibh bean chéile an fhir ina suí. Tar éis tamaillín dó a bheith dá hiniúchadh chas an frog go mall thairis chun an fhir agus d’fhiafraigh de go cúthail: “Ar mhiste leat an madra a thaispeáint dom arís?“ (Message edited by ormondo on December 29, 2008) (Message edited by ormondo on December 29, 2008) (Message edited by ormondo on December 29, 2008) (Message edited by ormondo on December 29, 2008) (Message edited by ormondo on December 29, 2008) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4330 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 29, 2008 - 08:58 pm: | |
An fear bocht (gan trácht ar a bhean agus ar a mhadra)! Tá duais éigin ag dul duitse freisin as an méid uaireanta a chuir tú eagar ar an scéilín! Is féidir an fógra sin "Message edited..." a scriosadh an chéad uair eile a dhéantar athrú ar an teachtaireacht. Is é sin le rá, ní gá go mbeadh níos mó ná cóip amháin den fhógra sin le feiceáil ag bun na teachtaireachta. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 151 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 08:43 am: | |
Táim buíoch díot as an nod, a Dhennis. B'fhearr liom mo pheacaí, nó rianta mo bpeacaí, a choimeád faoi cheilt - nuair a bhíonn an rogha agam! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |