Author |
Message |
Mícheál Ó Coimín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, December 22, 2008 - 04:33 pm: | |
An bhfuil a fhios ag aoinne cad is téama don ghearrscéal so? Tá sé ana-chasta, dar liom. Ar an gcéad dul síos, cathain a fhuair an t-athair bás? Titeann sé isteach sa Chaol ach ansan tugann a mhac tae dhó sa leaca cúpla lá ina dhiaidh. B'fhéidir go bhfuil an mac as a mheabhair . . . Agus cad is brí leis an t-alt deireanach, a bhaineann le "tosach maith". |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 204 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, December 23, 2008 - 05:32 am: | |
Tá tú ag léamh ceann de na gearrscéalta Gaeilge is fearr ar fad a Mhícheáil. Molaim duit gan a mhilleadh ort féin. B'fhearr liom gan an scéal a roinnt leat anseo ach go dtiocfá air tú féin. Téigh ar ais chuig an tús agus léigh go mall leis an bhfoclóir arís é. Bí foighdeach leis agus tar aniar tríd arís agus tabhair brí gach focail leat. Is an-scéal é a Mhícheáil. Ní casta atá sé, ach tá sé an-chliste. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 881 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, December 23, 2008 - 09:41 am: | |
Ba chóir dom é a athléamh, mar ní cuimhin liom é. Ach is scríbhneoir den chéad scoth é Mac Mathúna, cinnte. Léigh mé an dá leabhar gearrscéalta dá chuid, agus thaitin siad liom (cé go bhfuil cúpla ceann an-ait ann, cinnte). |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4322 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 23, 2008 - 11:03 pm: | |
Spreag an snáithe seo mé leis an scéal a léamh arís, scéal a léigh mé den chéad uair fiche bliain ó shin, nó níos mó. Hmmm. Is maith an scéal é sa mhéid is gur choinnigh sé á léamh mé. Ach caithfidh mé admháil nach raibh mé sásta go huile is go hiomlán leis an deireadh, an paragraf deiridh ach go háirithe. A Mhíchíl, níor thit an t-athair san abhainn ar chor ar bith: Ar feadh soicind amháin stop an Caol Dubh le tnúth ach ghabh sé [an t-athair] tharam go ramharbhrógach, boladh an leanna [as an athair] ag meascadh le boladh na meatachta [as an mac]. Scaoileas an bolta agus theilgeas an creatlach adhmaid [.i. an droichead] isteach sa chuilithe. Shlog an Caol é [an droichead] is scaoil cúpla bolgóid aníos. Agus seo abairt, an dara ceann thíos, nár thuig mise ró-mhaith: Bhuaileas isteach chuig Joe Hassett cúpla uair. Chuireadh sé le gealaigh mé nuair a deirinn: ‘A leithéid seo, a Joe.’ "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4323 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, December 24, 2008 - 01:07 pm: | |
Aguisín: nuair a dhúisigh mé ar maidin agus mé i mo luí fós tháinig íomhánna as an ngearrscéal seo chugam. Caithfidh gur cumhachtach an saothar é mar sin! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 207 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, December 25, 2008 - 07:47 pm: | |
Measaim go ngoilleadh sé air nuair a bhriseadh Hassett an scéal air ag an bpointe sin agus thosaíodh sé ag magadh air in áit éisteacht leis. Theastaigh uaidh labhairt le duine éigin, ach ní thugadh Joe an deis sin dó riamh. Dála an scéil a Dennis, is mise an diabhal a bhí ag scríobh chugat i nGaeilg amuigh i measc na gCaibíl ar shuíomh eile. Tá tú siúlach, bail ó Dhia ort. Agus scéalach, cinnte. Tá drogall orm an scéal a mhilleadh ar Mhícheál thuas maidir le deireadh an scéil. Ná léigh síos a thuilleadh mar sin a Mhícheáil, má theastaíonn uait cíoradh aniar ón tús le brí an scéil a thabhairt leat níos fearr. Chuaigh sé i gcionn orm féin. Ar nós Travolta ar an staighre (sa scannán nach cuimhneach liom a ainm!) a leag a lámh thart ar chaol a dhroma féin is a thuig go raibh sé ar shlí na fírinne cheana féin. Tá blaiseadh den chleas sin ann, ach cuimhnigh i nDing go bhfuil mac an tí beo ag an bpointe seo. Chonaic sé a athair tráth dá raibh, san áit a bhfuil seisean anois. Bheadh a fhios aige níos fearr ná an t-athair a mbeadh le titim amach sa chuid eile den scéal go fóill. Bheadh Hassett ag iarraidh cos a chur i bpoll leis-sean! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4327 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 25, 2008 - 11:16 pm: | |
Tusa a bhí ann!?! Tuigim anois. Is ionann Seosamh agus Yusuf. Ag fanacht leo-san a bhfuil an teanga sin (Kabyle) acu atá mé anois. Tá súil agam go bhfuil cuid acu ann dáiríre. Dála an scéil, an bhfuil aithne agat ar cheol Idir ar chor ar bith? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 209 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, December 26, 2008 - 08:05 am: | |
Is maith liom é go deimhin. Tugaim sciuird isteach ar Dailymotion le blaiseadh de chultúir éagsúla. Is ansin a chuala mé Idir don chéad uair. Is deas a bheith in ann imeacht ar cuairt idirlín chuig na háiteanna sin ó am go chéile. Chonaic mé, le utube, na cainteanna agóide a bhíos acu i lár an tsráidbhaile, ag clamhsán faoi easpa seirbhísí srl. Ní thuigim focal ach is deas gabháil ann ar camrian. Is léir gur dream láidir fiúntach iad muintir Chaibíle. An amuigh ansiúd anois tú a Dennis nó an le muintir na áite sin, thart in aice leat sa bhaile atá tú? |
|