Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4319 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 22, 2008 - 03:25 pm: | |
Siúlann an duine seo isteach i leabharlann i nGlaschú. Deir leis an leabharlannaí, “Gabh mo leithscéal, a bhfuil leabhair ar bith agaibh ar fhéinmharú?” Tar éis é a bhreathnú ó bhun go barr deir sí leis, "Focáil leat. Ní thabharfaidh tú ar ais é!" "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7818 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 22, 2008 - 03:37 pm: | |
Go deas. Ach nath chomh garbh sin ag leabharlannaí? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4320 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 22, 2008 - 04:32 pm: | |
Is dóigh liom gur cuid den ghreann é an chodarsnacht idir gnáthíomhá an leabharlannaí agus focail na mná seo. ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7821 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 23, 2008 - 06:07 am: | |
Greann albanach? Ar chuala tú an ceann faoi baintreach úr a chuir glaoch ar an Stornoway Gazette chun fógrá bás a chuir ann: "Fuair Alan Mac Domhnaill bás" Dúirt an cléireach lei go raibh fiche focail dlíte di ar an bpraghas is lú ar fógra An ea?, ar sise: Mar sin, cuir isteach "Fuair Alan Mac Domhnaill bás. Tarracóir agus trucaill feirme le díol" |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4321 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 23, 2008 - 11:44 am: | |
Chuala. Ceann clasaiceach. :-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|