Author |
Message |
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 3 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, December 10, 2008 - 09:50 am: | |
Léigh mé na moltaí a bhfuair an Rialtas na hÉireann de réir phlean na stratéise do 20 bliain. Dar liom, is é an moladh seo atá an-úsáideach mar atá cuireadh ar bun ceantar Ghaeltachta i mBÁC. Dhéanfainn moladh níos faide: ceantair Ghaeltachta sna cathracha uilig! Bímid ionraic: Ní maith le uile dhuine maireachtáil amuigh faoin tuath, go háirithe na daoine óga. Agus is ceantair amuigh faoin tuath iad na Gaeltachtaí traidisiúnta. An lá inniu tá timpeallachtaí Gaelacha sna cathracha uainn sa gcaoí gur féidir le na Gaeilgeoirí a bheith ag mhothú mar sa bhaile ansiúd chomh maith. Ar a laghad is fiú eagrachtaí a bhúnú mar "Gaillimh le Gaeilge" i ngach cathair. An lá inniu tá an saol Gaelach na gcathracha an-thábhachtach don toghchaí na Gaeilge. Slán agus beannacht, Alex |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 871 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 10, 2008 - 12:44 pm: | |
Nach ndearnadh a leithéid i mBéal Feirste? An mbeadh buntáiste ann (an bhfuil?), nó an mbeadh ghettónna ann? |
|
Alexderfranke
Member Username: Alexderfranke
Post Number: 4 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, December 10, 2008 - 02:22 pm: | |
Dhearna siad é i mBéal Feirste. Tá sé ceart. Agus bíonn an Ghaeilge beo ansiúd an lá inniu! D'éirigh leo an Ghaeilge a chur ar bun mar theanga dúchais de chuid na ndaoine. Agus ní dhearna an Stát aon rud. Bhí ar thuismitheoirí a chogadh don Ghaelscoil in aghaidh na Breataine Móire. Cén fáth nach mbailítear na Gaeilgeoirí le chéile sna cathracha eile! Níl eolas agam an bhfuil neart le gettó ann nò nach bhfuil. Ach ní féidir liom a shamhlú go bhfuil gettó ann mar atá faoi na heachtrannaigh i gcathracha móra Eorpacha a bhfuil an choir faoi bhláth eatarthu. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 872 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 11, 2008 - 10:45 am: | |
"ní dhearna an Stát aon rud" - Sin réiteach na ceiste - rinne na daoine an beart! Is í an chonstaic is mó roimh dhul chunn cinn na Gaeilge ná go mbraitheann gach éinne ar an Stát chun rud ar bith a dhéanamh. Aon uair go mbíonn fíorfheabhas ann, ní hé an Stát is cionsiocair leis, dar liomsa. Ach is Meiriceánach cantalach mé. |
|