Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4307 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 29, 2008 - 08:29 pm: | |
Bhí grúpa Yahoo darbh ainm "Muskerry" ann go dtí le déanaí, ach deir Yahoo nach bhfuil sé ann níos mó. An bhfuil sé sin ceart? Céard a tharla? An teachtaireacht dheireanach a fuair mé ó Google (cached) ná an ceann seo a scríobh David Webb Dé Luain, 17 Samhain, 2008: quote:Is this conversation over Lughaidh? If it isn't you will be put on moderation. None of your arguments make any sense at all. They are just hard left politics "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 251 Registered: 10-2007
| Posted on Sunday, November 30, 2008 - 06:14 am: | |
Is amadán é David Webb, tá grúpa nua ann gan an David sin agus tá sé cuid mhaith níos fearr. http://groups.yahoo.com/group/munster_irish/?v=1&t=search&ch=web&pub=groups&sec= group&slk=2 gaeilgeoir.blogspot.com |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 193 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, November 30, 2008 - 06:32 am: | |
... tá sé cuid mhaith níos fear. Is maith liom a chlos, grma. Ní miste an cheist a chur, an bhféadfadh aon mhaith theacht as leagan truaillithe Béarla a bhaisteadh ar bhuíon idirlín Gaelainne? Ba cheart leaganacha ar nós mooskry, muzkree srl a chur bealach an gharraí. Bainid le saol an chos ar bholg agus leis an am atá thart agus an té a shantaíos a leithéid, is mithid dó iad a leanacht sna leabhair staire agus acadúla Béarla ar fud dorchlaí seanleabharlann, ach a gcoinneáil as amharc an idirlín! |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 649 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 04:02 pm: | |
Do scríobh Dennis: "Bhí grúpa Yahoo darbh ainm "Muskerry" ann go dtí le déanaí, ach deir Yahoo nach bhfuil sé ann níos mó. An bhfuil sé sin ceart? Céard a tharla?" Tá an grúpa san marbh -- mar Jonestown gan an Kool-Aid. Tá na marthanóirí thall anso: http://groups.yahoo.com/group/munster_irish . . . agus anso leis: http://groups.yahoo.com/group/TYIMunster http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4310 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 07:48 pm: | |
Chomh gránna sin? Ach tháinig tú slán as. "Ní gnáth orgain cen scéola." http://www.sengoidelc.com/node/262 "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 650 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 08:54 pm: | |
Ach tháinig tú slán as. Ó, níor ghlacas páirt insan ghrúpa. Ní rabhas ach im' bhreathnóir, ag súil leis an dtubaiste dosheachanta. http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4311 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 01, 2008 - 11:58 pm: | |
Is maith liom do phictiúr nua, dála an scéil. An-ealaíonta. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 651 Registered: 05-2005
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 06:47 am: | |
GRMA. Tugaim "Gamal Feicthe ó Spéaclaí Glasa, Cuid 4" air. http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7769 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 08:26 am: | |
Duine uasal feicthe tríd Spéaclaí Glasa? Is glas iad na gamaill i bhfad uainn? |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 652 Registered: 05-2005
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 08:58 am: | |
Is glas iad na gamaill i bhfad uainn? Is breá liom é! http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 42 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 10:58 am: | |
Is cuimhin liom ceannlíne ar léirmheas leabhair in Foinse. 'The Greening of the White House' an leabhar a bhí á léirmheas. An cheannlíne: 'Is Glas iad na Boic i bhFad Uainn.' Is breá liom a leithéid d'imeartas focal. Is é a locht a laghad. |
|