Author |
Message |
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 147 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, November 06, 2008 - 02:40 pm: | |
Coiste Dála an lae inniu in ar cíoradh ceist mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais, craoladh blaisíní de ar TG4 ar ball beag. Focal Gaeilge amháin ní raibh le clos ann. B'fhearr nach dtabharfaí aird dá laghad ar aon choiste a mbíonn iompar dá chineál ar siúl aige. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7645 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 07, 2008 - 09:04 am: | |
Cén coiste? Ní bhfuair mé faic faoi ag www.oireachtas.ie |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 151 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, November 16, 2008 - 04:26 pm: | |
Faoi Education and Science a Aonghuis, anseo: http://debates.oireachtas.ie/DDebate.aspx?F=EDJ20081106.xml&Node=H2#H2 Cúig leathanach Béarla atá ann, rud a chomharthaíonn nár bhuail aon taom Gaeilge duine ar bith acu nuair nach raibh an ceamara air. COMHCHOISTE UM OIDEACHAS AGUS EOLAÍOCHT JOINT COMMITTEE ON EDUCATION AND SCIENCE The Joint Committee met at 10 a.m. MEMBERS PRESENT: Deputy Margaret Conlon, Senator Fidelma Healy Eames, Deputy Frank Feighan, Senator Cecilia Keaveney, Deputy Beverley Flynn, Senator Brendan Ryan. Deputy Seán Ó Fearghaíl, Deputy John O’Mahony, Deputy Ruairí Quinn, DEPUTY PAUL GOGARTY IN THE CHAIR. The joint committee met in private session until 10.13 a.m. Second Level Teaching Standards: Discussion with Department of Education and Science. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7708 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 06:21 am: | |
Más buan mo chuimhne (agus seans nach buan), ní bhíonn aistriúchán ar fáil ag Coistí an Oireachtais gan socruithe caoi a bheith déanta roimh ré. Bheadh roinnt den gcliar thuas, agus maorlathaigh na Roinne Eadócháis, ar bheagán Gaeilge. Pé scéal é, feictear dom gur chuir Fidelma Healy Eames ach go hairithe na ceisteanna cearta ar an mandarins. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 152 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 08:16 am: | |
Is aisteach mo dhearcadh gan a bheith dearfach, b'fhéidir, a Aonghuis, ach measaim gur dochar amháin is féidir a dhéanamh le ceisteanna i mBéarla san Oireachtas nó in áit ar bith, go fiú nuair is ag tagairt don teanga, sa méid gur mó an dochar ná an mhaith a dhéanfaidh sé, Teachta a bheith ag teachtaireacht i mBéarla. Feicfidh muintir na Gaeltachta í agus feicfidh an saol mór í chomh maith, go bunúsach ag tabhairt droim láimhe do labhairt na Gaeilge in ionad poiblí cumhachta. An gnás, nó an normálú, mar a thugtar air, sin é a theastaíonn go géar. Sin an rud a bhí suntasach faoi Cowan ar a chéad éirí amach ina Thaoiseach; an Ghaeilg a labhairt mar theanga. Tá Gaeilg ag FidHEames, is dóigh liom. An dream a bhfuil an Ghaeilg acu, caithfidh siad í a labhairt. Is é an céatadán Gaeilgeoirí nach labhraíonn í atá á cniogadh ó na caogaidí i leith. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7709 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 08:22 am: | |
Is fíor dhuit. Ní raibh i gceist agam ach na constaicí a léiriú. Ach deacracht a bhí riamh ann an neamh aird a rinneadh ag na meáin orthu siúd a labahir Gaeilge snan Oireachtas - Pól Ó Foighil, abair, nó Trevor Sargent. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 153 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 09:48 am: | |
Tá a fhios agam. Is cuimhin liom feachtas na beirte sin go deimhin. Bhíodar fágtha ar a n-ábhar féin ag na meáin ceart go leor. B'fhiú dóibh an teilifís a bhodhrú le Gaeilg nuair a bhíonn a leithéid ag taifeadadh. "Táimid ag feitheamh leis an Aire tosaigh ar ...." a dúirt fear RTÉ éigin, de réir mar a chualas, nuair a bhí Aire éigin i mbun cainte i nGaeilg sa Dáil níos túisce i mbliana. Níor mhiste an feitheamh san a bheith orthu níos minice. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7711 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 10:34 am: | |
Bhuel, tá bunús an méid a scríobh tú thuas curtha mar litir agam go dtí an Irish Times. Seans go bhfoilseoidh siad é. De réir Alt 6 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla: 6. —(1) Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díospóireachtaí nó in aon imeachtaí eile sa Teach sin nó de chuid coiste de cheachtar Teach, comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sórt sin. (2) Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin a dúradh ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid. Tá an cheart acu, mar sin. Níl ann ach feidhm a bhaint as. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 155 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 11:58 am: | |
Mo cheol thú a Aonghuis as a bheith chomh tionscanta san. Sin é an chaoi le rudaí a dhéanamh, nár lagaí Dia do lámh. |
|