mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Volapük « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4248
Registered: 02-2005


Posted on Monday, November 03, 2008 - 02:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo rud nach dtuigim ar chor ar bith, saghas "cognitive dissonance". Deir an leagan Béarla de Wikipedia, s.v. "Volapük", nach bhfuil ach 20-30 cainteoirí Volapük ar domhan inniu:

http://en.wikipedia.org/wiki/Volapük

Ach deir an príomhleathanach go bhfuil níos mó ná 100,000 alt ar Wikipedia sa teanga sin:

http://www.wikipedia.org/

An bhfuil míniú ag éinne? Agus, dála an scéil, conas a deirtear "cognative dissonance" i nGaeilge?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 05:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Do léas in áit éigin go bhfuil clár ríomhaire acu a léann na haltanna atá sa Bhicipéid, agus a dhéanann iad a aistriú go Bholaipiúc go huathoibríoch, agus dá dhroim seo, nach bhfuil sna haltanna Bholaipiúc seo go léir ach na síolta gan aon fhorleathnú déanta orthu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4259
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 10:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

agus a dhéanann iad a aistriú go Bholaipiúc go huathoibríoch

Saghas spam atá ann mar sin. Agus droch-Volapük freisin, gan dabht, mar bharr ar an donas. Go raibh maith agat as an míniú.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antain
Member
Username: Antain

Post Number: 40
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 12:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Dennis, a chara

Tugtar 'míréir chognaíoch' agus 'díshondas cognaíoch' ar www.focal.ie Is fearr liom an chéad cheann (sílim go dtugann an dara ceann an iomarca ómóis do shanas an téarma agus do chúrsaí fuaime). Is cinnte go n-oireann 'míréir chognaíoch' do réim na hacadúlachta agus an oideachais ach caithfidh sé go mbeadh nath níos tíriúla ann a chuirfeadh an coincheap in iúl.



©Daltaí na Gaeilge