Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 810 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 06:21 am: | |
Níor bhlais mé riamh in Éirinn an deoch ar a nglaotar an scailtín, ach chuala mé trácht air tráth. Bláthach agus min choirce a bhíodh ann de réir mar a dúradh liom, théití é agus d'óltaí é mar leigheas. Bhain mé triail amháin as (bíodh is nach raibh oideas agam dó, cé chomh casta is a d'fhéadfadh sé a bheith gan ach dhá ábhar ann?) agus caithfidh mé a rá nár thaitin sé liom. Níor leigheas sé an slaghdán a bhí orm ach oiread. Anois tá mé ag léamh cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin agus tá seisean á chaitheamh go mionmhinic: in éineacht le tae, le leann, le fíon pórt. An é go mbíodh síorshlaghdáin ar mo dhuine, nó an mbíodh sé mar ghnáthdheoch ag daoine sa taobh sin tíre seachas mar dheoch leighis? Arb é an rud céanna é ar chor ar bith? Ceist eile: an bhfuil rún a dhéanta ag éinne? Thabharfainn seans eile dó, is dócha, dá mb'amhlaidh nár rinne mé i gceart é an chéad uair. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7281 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 06:28 am: | |
Is dóigh liom gur sórt deoch seachas deoch áirithe atá sa scailtín. Tá breacchuimhne agam go bhfaca mé cuir síos air i leabhar cócaireachta de'm chuid. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 421 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 06:41 am: | |
Sílim go bhfuil cur síos sa leabhar ar cad is scailtín ann, agus más buan mo chuimhne tá uisce beatha te agus rudaí eile ann. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 811 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 06:54 am: | |
Rud nach raibh i m'iarrachtsa air, go deimhin! Saghas puins the a bheadh ann, ab ea? Leanfaidh mé orm ag léamh. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 27 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 07:29 am: | |
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 991 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 08:17 am: | |
Nach mbainfeadh duine agaibh blas as gach oideas acu agus tuairisc a thabhairt dá réir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7283 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 08:43 am: | |
Is fearr liom m'fhuisce glé, glan! Ach géillim do fhuisce té mar leigheas, caithfidh mé triail a bhaint as scailtín nuair atá slócht orm arís. Uisce na beatha, agus mil agus bainne. Bíoblata amach is amach. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 812 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 11:48 am: | |
quote:Nach mbainfeadh duine agaibh blas as gach oideas acu agus tuairisc a thabhairt dá réir? Ní féidir domsa - tá sé de gheis orm an braon crua a sheachaint - ach más spéis leat féin é...! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7286 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 25, 2008 - 06:12 am: | |
Is i leabhair de chuid Diarmuid Uí Mhuithile a chonaic an plé ar scailtín. Fuisce, uibheacha, im agus praiseach mairteola atá ann dar leis an leagan siúd. Agus moltar dul díreach a leabaidh ach é bheith ólta agat! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 817 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, July 27, 2008 - 06:45 pm: | |
Úúú. Rachadsa díreach a luí roimh é a bheith ólta agam, mura miste leat! Chríochnaigh mé cín lae Amhlaoibh an lá cheana (nó a bhfuil de sa leagan a chuir Tomás de Bhaldraithe in eagar) agus ní fhaca mé aon chur síos beacht ar an scailtín a bhí aigesean, ach tá tagart amháin aige do "uisce beatha déanta ina scailtín." Sílim go raibh an ceart agat ón tús a Aonghuis .i. gurb é "deoch scallta" is bunbhrí leis. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 422 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, July 28, 2008 - 05:47 am: | |
Tá cur síos air sa fhoclóir ag deireadh an leabhair. Tá uisce beatha ann agus mil agus im |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 995 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 28, 2008 - 12:47 pm: | |
"Ní féidir domsa - tá sé de gheis orm an braon crua a sheachaint - ach más spéis leat féin é...!" A Abagail, nach bhfuil "cuntoir taighde" agat? Nil a leitheid de gheis ormsa ach ni bhlasfainn uisce beatha de rogha...ach ta me fiosrach.... Le teacht an gheimhridh, b'fheidir go rachainn i mbun turgnaimh!!! |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 12 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, July 28, 2008 - 01:41 pm: | |
Maith thú, a Abigail - is maith liom plé ar bith ar ólachán. De réir FGB is 'Hot whiskey (with various ingredients)' atá sa scailtín. 'Scaillín' an focal atá ag Ua Duinnín air: 'a tansey, a mixture of boiled whiskey, butter, sugar and hot milk as a cure for a cold in the chest, rum often takes the place of whiskey.' Chuirtí póitín in ionad an uisce beatha de réir an chuntais seo ó Dhún na nGall ar an suíomh breá Gréasán Gaeilge ( http://homepage.eircom.net/~gfg/s.htm): 'Poitín te le im agus siúcra, ..pandaí lán poitín, ..ar an teinidh, agus gnidhead siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus sláman siucra síos air.. ' Suíomh breá eile ná www.hiberno-english.com, áit a bhfuil an sainmhíniú seo: scailtín, scawlteen, scaultheen: n. hot whiskey (sometimes flavoured with butter, caraway seed, etc.), whiskey punch < Ir. 'You're wet through -- that scawlteen will do you good', 'Every time I have a scailtín it always reminds me of Christmas -- we used to drink loads of them on Christmas Eve'. Tá mé ag tnúth go mór leis an Nollaig! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7290 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 28, 2008 - 02:51 pm: | |
Is fearr liomsa gan m'uisce beatha a thruailliú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 997 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 06:24 am: | |
"Fuisce, uibheacha, im agus praiseach mairteola " Seo béile breá gan dabht! Cá luaitear na comhábhair seo? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7293 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 09:01 am: | |
Cnuasach Focail de chuid an Mhuirthiligh. Sonraí ar ball, níl an leabhar le lámh agam. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 999 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 09:40 am: | |
Sea! bhí mé ag iarraidh déanamh amach an snáithíneacht agus béile a bhí ann, nó béile as féin. Ar thug sé míniú ar "phraiseach mairteola"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7295 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 10:40 am: | |
I mBéarla ata an rud an fad, agus sin an chúis nar chuir mé gach rud anseo. Botún ar rinne mise is ea "praiseach" [ó, a dhiabhail, tá sé ina phraiseach anois] - "broth" atá i gceist. Sórt anraithe mar chuid de Bhéile. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1001 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 12:17 pm: | |
Tá mearbhaill fós orm i dtaobh an bhroit seo: feoil beirithe nó friochta nó rósta roimh ré? uibheacha fuara? cathain a chuirtear an uisce beatha air? Ach fós is inspéise an oideas é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7297 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 04:55 pm: | |
Irish Words & Phrases Gill & Macmillan ISBN 0-7171-3372-9 Cuir Leath bhuidéal fuisce, dhá ubh bhuailte, agus cnap ime le pionta go leith anraith scagtha mairteola gan salann. Téigh, ach gan é beiriú. Caith. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1002 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 30, 2008 - 05:29 am: | |
Anois, cé a leomhfadh? Maith thú, a Aonghuis |
|