Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 12:55 pm: | |
Cúpla seanfhocal a bhfuil “Sláinte” ann: Is fearr an tsláinte ná na táinte Go bhfága Dia do shláinte agat Sláinte! Sláinte mhaith chugat Sláinte an bhradáin;croí folláin agus gob fliuch Caithfidh gach éinne deachú na sláinte a dhíol Tosach sláinte codladh;deireadh sláinte osna Sláinte na bhfear is go maire na mná go deo Cúpla leagan eile: Beir leighiste sara bpósfair!! An trí ghreim is measa amuigh: Arthach gan ancaire, Bás gan sagart, Nó sconna buinní i lár sráide!!! |
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 06:05 pm: | |
Tá mé ag leagan amach a Joselito, go raibh tú ag faire ar an tseanmhír scannáin le Clint Mac an Oirchoille ar fógra anois é do TG4? |
Míshásta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, June 28, 2008 - 06:01 pm: | |
Sláinte chugat is cabhair is dealbh go deo ná rabhair is go bhfása an clúmh ar do ghabhal chomh fada le meigeal an ghabhair. Prost |