Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3990 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 20, 2008 - 12:03 pm: | |
"An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7236 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 20, 2008 - 03:34 pm: | |
hmm. Go deas, ach níltear do do mholadh. Agus aontaíom leo! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3992 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 20, 2008 - 03:49 pm: | |
Ba chóir dom freagra a scríobh ar an mblag sin. Aontaím leo freisin mar gheall ar an meáchan agus ar an gcumas iompair a chaill mé. Tuigim go han-mhaith nach mbeadh sé "glas" ar chor ar bith dá mbainfinn feidhm aisti go rialta le dul go Portland nó go California -- rud a rinne mé ó am go ham 6-8 mbliana ó shin. Tiománaim dhá mhíle nó trí gach tríú lá anois í, agus siúlaim beagnach chuile áit na laethanta eile. Ar mhaithe leis an maise a chuir mé na bláthanna inti... mar chraic, sin an méid. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 20, 2008 - 06:19 pm: | |
Tuigim duit. An ceart agat. Tugann sé deis don duine eile meabhrú ar a gharraí féin is a bhfuil le déanamh amuigh ann! |
|