Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2440 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 08, 2008 - 09:36 pm: | |
Haigh a chairde Ceist agam ar a’ chuid agaibh atá eolach ar na canúintí: bhfuil’s agaibh cá háit don Ghaeltacht a n-abartar "fuígfidh mé" in áit "fágfaidh mé" agus "d’fhuígfinn" in áit "d’fhágfainn" srl ? Chualaidh mé sin in amhrán (Ansacht na nAnsacht, ag Aoife Ní Fhearraigh), agus ar tús shíl mé gur rud Ultach a bhí ann, ach chan fhuair mé trácht ar bith ar a’ phointe sin in leabhar ar bith fá dtaobh do Ghaeilg Uladh, mar sin níl ’s agam. Bhfuil a fhios agaibhse? Go rabh míle maith agaibh roimhe ré. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3936 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 09, 2008 - 01:52 am: | |
Tá "faoigfidh" le fáil i Nua-Ghaeilge Chlasaiceach, agus tá trácht ar "fuígfidh" anseo mar chuid de Ghaeilge Uladh: http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/cruinneas/irrverbs.htm "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2441 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, June 09, 2008 - 02:08 pm: | |
Ok, go rabh míle maith agad, a chara. Char chuimhneach liom gur luaigh Ciarán Ó Duibhín an stuif sin. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3940 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 10, 2008 - 12:26 am: | |
Tá sampla sách luath de "go bh-fuigfeadh" (= go bhfágfadh) againn sa leabhar staire ar a dtugtar "Leabhar Oiris" (= leabhar na gcroinicí): ... do gheall féin go bh-fuigfeadh Brian & fiche céad leis do Mhuimhneachaibh... Tá sé seo suimiúil toisc gurbh é údar Muimhneach, ní Ultach, a scríobh an leabhar sin. Dála an scéil, is é an "Brian" atá i gceist anseo ná Brian Mac Cinnéidigh, aka Brian Bóroimhe / Bóraimhe / Bóramha / Boru, a raibh muid ag caint air thuas lá nó dhó ó shin. Is dócha go bhfuil an scéal taobh thiar den leasainm sin ar eolas agaibh uilig. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2442 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 10, 2008 - 02:29 am: | |
I dtús na 20ú haoise bhíodh briathra neamhrialta Mhúscraí agus Dhún Chaoin iontach cosúil le cuid Thír Chonaill fosta, mar a tchíthear leis an tseanleagan do TY Irish (gheibhim, le "faighim" a ráidht, srl). Simplíodh le linn an chéid sin iad, do réir achan chosúlachta. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
|