Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3668 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, April 19, 2008 - 12:49 pm: | |
Ar léigh éinne anseo an leabhar seo le Biddy Jenkinson fós? Feicim gur thaitin an t-úrscéal An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin go mór le hAongus: http://aonghus.blogspot.com/2007/06/sr-tionscadal-mhic-shiomin.html Tá leabhar suimiúil i nGaeilge ag teastáil uaim! Is maith liom na scéalta le Jenkinson atá léite agam. Ní dóigh liom gur léigh mé aon rud leis an Síomónach fós. Moltaí? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 734 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:02 pm: | |
Léigh mise é. Leabhar breá. Ná bí ag súil le fírinní móra an tsaoil á léiriú ann, ach tá sé taitneamhach greannmhar. Ó thaobh teanga de, tá sé simplí go leor - d'fhéadfadh foghlaimeoir nó dalta Ardteiste tabhairt faoi, déarfainn - ach tá nathanna cainte scaipthe thríd a chuir mé i dtreo fhoclóir an Duinnínigh arís freisin, agus ní den donacht é sin. Tá mé féin tar éis "Peig" a chríochnú cúpla lá ó shin, ach is dócha go bhfuil sé léite agat le fada. Leabhar eile a thaitin liom le déanaí ná "Crann Smola" le Seán Ó Dúrois - an bhfuil sé sin léite agat? Scéal bleachtaireachta é atá suite i mBéal Feirste i lár an ochtú haois déag. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3680 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:16 pm: | |
Léigh mise é. Leabhar breá. Ná bí ag súil le fírinní móra an tsaoil á léiriú ann, ach tá sé taitneamhach greannmhar. Díreach an rud atá ag teastáil uaim! Go raibh maith agat as an léirmheas! Tá mé féin tar éis "Peig" a chríochnú cúpla lá ó shin, ach is dócha go bhfuil sé léite agat le fada. Sea. Bhí mé ann, rinne mé é, fuair mé an T-léine. Leabhar eile a thaitin liom le déanaí ná "Crann Smola" le Seán Ó Dúrois - an bhfuil sé sin léite agat? Tá! Thaitin sé go mór liom. Léigh mé Rashoomon: Gearrscéalta le Akutagawa Ryuunosuke arna aistriú ag Seán Ó Dúrois freisin. Is deas an rud é deis a bheith againn clasaiceach idirnáisiúnta a léamh i nGaeilge seachas i mBéarla. Dála an scéil, is lách an duine é an Dúroiseach. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6973 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 04:23 pm: | |
Níl an leabhar úd léite agam fós, ach tá sé ar mo liosta dom lá breithe! De réir mo thuiscint, is cnuasach de ghearrscéalta atá ann, agus tá roinnt acu leithe agam, agus taitneamh bainte astu agam, i bhFeasta, mar shampla. Is maith liom an consaeit. D'fheilfeadh níos mó treabhadh d'iomaire na gcérinnecháin i nGaeilge. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3683 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 09:24 pm: | |
quote:iomaire na gcérinnecháin Ní thuigim. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 736 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 04:46 am: | |
cérinneachán = whodunit, ab ea? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6976 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 05:57 am: | |
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 737 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 08:31 am: | |
quote:Sea. Eins, sitzen! Agus anois is mé nach dtuigeann! Tuigim na focla, ar ndóigh, ach níl mé cinnte cén bhrí a bheadh leis an nath. An é an saghas rud a déarfaí le gasúr scoile a thug freagra ceart, .i. "go to the head of the class" mar a deir an Béarla? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6977 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 08:38 am: | |
Sin é go díreach Eins = an marc is airde bainte amach agat - Sitzen - suí síos arís agus lig do scíth! |
|