Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 900 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 09:48 am: | |
Dé Sathairn 12 Aibreán 1608, bhuail ár gcairde amach ó Milan. Ba ghnáth le Aodh ceann a bhaint le aistear Dé Domhnaigh, i ndiaidh aifrinn, is dóigh, ach féach go ndeir an Cianánach linn go raibh 243 theach pobail i Milan, seans nach raibh faitíos ar Aodh nach mbeadh teach pobail ar a ghaobhar áit éigin san Iodáil Dé Domhnach |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 390 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 09:53 am: | |
Bail ó Dhia ar na tuairiscí. Cá bhfaigheann tú an t-eolas seo go léir? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 901 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 10:57 am: | |
An bail chéanna ortsa! Ar léigh tú na poist ar fad, nó cén tuairisc go sonrach atá i gceist agat? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 391 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 07:26 am: | |
Na postanna ar fad atá i gceist agam. Bíonn siad lán le heolas neamhghnách |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 903 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 07:32 am: | |
Bhain mé an t-eolas ar fad as leabhair éagsúla staire agus léitheoireacht eile |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 395 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 07:42 am: | |
Bhuel, bail ó Dhia ortsa agus ar do chuid oibre leis na leabhair staire. Ba chóir dhuit blag a thosnú chun iad go léir a bhailiú le chéile. Blag nua aimseartha ar nós "blag" Uí Chianáin fadó |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 904 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 07:52 am: | |
Tá blaganna as dáta anois nach bhfuil? B'fhéidir go gcuirfinn ceol leo agus iad a chanadh agus a dhamhsadh ar Iú Túib ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 396 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 07:59 am: | |
"Tá blaganna as dáta anois nach bhfuil? " Athraíonn na rudaí atá galánta agus sa bhfaisean i gcónaí. Tiocfaidh sí ar ais aríst!!! "B'fhéidir go gcuirfinn ceol leo agus iad a chanadh agus a dhamhsadh ar Iú Túib ;-)" Bheadh sé sin togha. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3641 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 11:10 am: | |
Bheadh... má tá glór deas agat. Mura bhfuil, faigh amhránaí, spéirbhean nó fear óg tarraingteach más féidir, len iad a chur os comhair an domhain. An tseift a bhí ag Manchán lena phopamhrán atá mé a rá. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 905 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 11:19 am: | |
Ó 'dhiabhail. Tá thiar orm cheana ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 910 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 01:09 pm: | |
D'fhág Aodh an Lombaird agus chuaig sé isteach fearann Diúc Pharma. Inné, bhí ceiliúradh ann cionn is go raibh mac an Diúic ag filleadh abhaile le iníon Diúic Sabhoidh mar bhean chéile aige. Lean Aodh ar aghaidh is shroic sé fearann na Pápachta. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 915 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 10:48 am: | |
Tá Aodh anois in Ancona cois na mara Adriadaigh. Luann an Cianánach an líon caisleáin ag an pápa sa mhéid is nach ndéanfadh an Turcach dochar ar an Iodáil "Iomat do thoraip dessa daingne ar brú na fairrge ag in pápa d'imfhaitchess na tTurcach do thecht do dénamh urchóide na h-Edáille." |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 922 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 08:40 am: | |
Chaith ár gcairde dhá lá i Loreto ag déanamh a n-anama agus inniu 23 Aibreán 1608, rinne siad ar an Róimh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 927 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, April 25, 2008 - 11:13 am: | |
Ar shroisint Foligno, d'imigh cuid dár gcairde ar leataobh le cuairt a thabhairt ar Assisi: "Eirghiss in t-íerla agus an barún, Maguidir agus mac Uí Domnaill, drong do daoinibh uaissle dia gcoimhiteacht, do dénomh oilithre agus turaiss ótá Fulino gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier chomhainm Assidhis, airm i n-a ffuil corp in naoimh-érloimh uassoil oirrdirc adhamra oirdnide, id est, Sanctus Fransiscus, dier comhlán in chrístaighecht go huilide dia shupáilcip agus fertoibh agus mírbailip, for ar mhuidhset cóic créchta a ffidhair agus a fforaithmet páisi Críst agus na gcóic n-áladh do shonnrad." |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 931 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, April 28, 2008 - 08:30 am: | |
Inniu, 28 Aibreán 1608, tháinig Peadar Lombard, Ardeaspag Ard Mhaca is Príomháidh na hÉireann as an Róimh faoi dhéin ár gcairde le cóistí. Chuaig 17 gcóiste lán ár gcairde isteach sa Róimh is thug siad na h-áiteacha beannaithe orthu fhéin, Ardteampall Pheadair san Uaiticán san áireamh. Ansin chuaig siad go palós a chuir an pápa ar fáil dóibh mar aíocht. Bhí 1600 Km de thaisteal bóthair curtha díobh ó d'fhóg siad an Lóbháin i dtús an Earraigh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 941 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 04, 2008 - 10:10 am: | |
Ar ais chuig Lúnasa 1599 , d’fhág Cliford Áth Luain ag buaileadh ó thuaidh. Ach fan nóiméad: bhí dhá fhéilire i bhfeidhm in Éirinn ag an am seo. Faoi 1575, mhol an Pápa go ndéanfadh athchóiriú ar an bhféilire a bhí i bhfeidhm ó aimsear Iúil Caesar cionn is nach raibh sé de réir gluaisne na cruinne. An Féilire Iúlach a bhí ann. Tháinig an fhéilire úr i bhfeidhm ar 4 Deireadh Fomhair 1585 .i. rinneadh 15 Deireadh Fomhair 1585 de .i. sciorr an fhéilire thar 11 lá is chuaigh ar aghaidh uaidh sin. Seo an fhéilire Ghregóireach atá i bhfeidhm san Iarthar anois. Dar ndóigh níor ghlac na tíortha Protastúnacha leis an moladh pápúil seo go dtí i bhfad níba déanaí. Mar sin, in Éirinn 1599, bhí na Gaeil de réir na féilire nua agus na Gaill de réir na seanfhéilire. Nuair a thug Aodh Rua a óráid, a luigh mé cheana, is ar lá Fhéile Muire Mór an tSamhraidh a thug sé é .i. 15 Lúnasa, ach de réir na Gall, 4 Lúnasa 1599 a bhí ann. Sin an lá a thug na Gaeil faoi Sior Coniers Cliford is a chuid saighdiúirí |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 942 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 08:12 am: | |
Cuspóirí Chogaidh Aodha Mhóir a bhfuil an dáta Samhain, 1599 leo: http://www.ucc.ie/celt/published/E590001-003/index.html |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 412 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 10:18 am: | |
an raibh sé scríofa i mBéarla? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7188 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 10:24 am: | |
Is dócha go raibh, ó tharla gur ar Sacsain a bhí sé dírithe. No Laidin, seans. Níl sé soileir ón méid eolais atá ag CELT faoi. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 413 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 11:20 am: | |
is suimiúil nach bhfuil tagairt dá laghad don Ghaeilge i gcuspóirí Aoidh Mhóir! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7189 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 03:33 pm: | |
Tuige? Ní raibh gá leis. Ní raibh sa Bhéarla ach teanga logánta san ré sin. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 943 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 10, 2008 - 10:42 am: | |
"is suimiúil nach bhfuil tagairt dá laghad don Ghaeilge i gcuspóirí Aoidh Mhóir!" Ag féachaint ar chúrsaí an 16ú Aois le súil an 21ú aois arís, a Mhise fhéin?. Teanga maith idirnáisiúnta a bhí sa Ghaeilge ag an am, í a labhairt "ó Chataibh go Ciarraí" .i. idir IarThuaisceart na hAlban go hOirDheisceart na hÉireann. Comh maith le bheith ina theanga an mhóraimh in Éirinn, bhí sí ina theanga an mhórimh in Alban, thar seanLochlainnis na noileán Arca is na Seallainne, thar Albainise is Béarla ar an mórthír. Bhí sí fós a labhairt in Manainn faoi dhlinse na Sasanach. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 944 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 10, 2008 - 10:51 am: | |
Ach ar ais go Connachta faoi lúnasa 1599. Chuir Ó Donaill an cúl ar Conars Cliford, gobharnóir Chonnacht an bhlian roimhe sin, is bhuail sé isteach i dtuaisceart Chonnacht. Chuir sé léigear faoi dún Uí Chonchubhair Shligigh i gCúil Mhuine, a bhí ar thaobh na Sasanach. D'ordaigh Eisics do Chliford cúnamh a thabhairt dá chomghuaillí. D'ordaigh Cliford do Tiobóid na Long de Búrca, mac Gráinne Uamhail, arm Sasanach a thabhairt ó Ghailleamh go Sligeach ar mhuir chun a chúl a bhaint de Ó Domhnaill, fhad is a chuirfeadh sé arm ó Ath Luain go Cúil Muine le aghaidh a thabhairt ar Aodh Rua. Fuair Aodh Rua fáisnéis an scéil |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 945 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 10:02 am: | |
D’fhág Aodh Rua léigear Uí Chonchubhair Shligigh faoin a chol ceathair Niall Garbh agus 300 fear. Chuir sé 600 fear go baile Shligigh le cosc a chur roimh Tiobóid na Long agus thug sé Corrshléibhe na Seaghasa air féin agus 1500 dá chuid fear go dtabharfadh sé aghaidh ar “ghobhanóir” Chonnacht. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 946 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 10:06 am: | |
"í a labhairt "ó Chataibh go Ciarraí" .i. idir IarThuaisceart na hAlban go hOirDheisceart na hÉireann" a scríobh mé thuas. Maith an rud nach léann éinne an stuif seo. Shíl mé a scríobh: "í a labhairt "ó Chataibh go Ciarraí" .i. idir OirThuaisceart na hAlban agus IarDheisceart na hÉireann" Á, ní riabh léamh compáis agam riamh!!!!!!!!! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7206 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 10:47 am: | |
Ó Teach Móire go Donncha Dí a deirtear d'Éireann. (litriú?) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 948 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 10:49 am: | |
Litriú nó baint ag a scríobh tú lena scríobh mé? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7208 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 05:11 pm: | |
Bhíos éiginnte faoi litriú na háite úd in Aontroim. Ag lorg nath uait, den chineál céanna, chun críocha Gael uilig a chlúdach a bhíos. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 949 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 13, 2008 - 06:19 am: | |
"críocha Gael uilig a chlúdach"? Cathain is cad chuige ar fhág Gaeil na hÉireann Gaeil na hAlban is na Manainne ina ndiaidh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7213 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 13, 2008 - 08:27 am: | |
Níor dhein. Táim cinnte go bhfuil nath éigin ann do na críocha go léir, ach níl sé agam. Bhíos ag súil go mbeadh ag duine éigin eile. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 951 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 13, 2008 - 09:52 am: | |
Tuigim! Ag iascaireacht a bhís! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 952 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 13, 2008 - 10:31 am: | |
In éineacht le clann Diarmada is muintir Ruairc, shocraigh Aodh Rua “fáilte” roimh Cliford lena 1500 coisí is 200 marcach. An leagan amach catha a shocraigh na Gaeil, bhí sé ar aon dul nach mór le cathanna Aodha Mhóir agus lucht Chill Mhaintáin ar na Gaill. Feadh máirseáil na nGall, choinnigh na Gaeil naoscaireacht leo, á gciapadh is súil a choinneáil orthu ag deimhniú a dtreo. Nuair a fuair Aodh Rua scéal go ndeachaidh na Gaill thar Mainistir na Búaille, chuir sé a chuid saighdiúirí ina gcuid post. Bhí crainn leagtha le moill a chuir ar na Gaill is muscaedóirí, lucht sleá is lucht bogha réidh le amais a chuir ar na Gaill agus iad ag cur na driseacha cosáin dá slí. Sna sléibhte os cionn na Sasanach bhí móramh na nGael á bhfeitheamh , lucht na bpící is na dtua is eile. Ar a ceathair a chloig sa tráthnóna ar 15 Lúnasa 1599, shroich colún Cliford bun na sléibhte, i ndiaidh máirseáil feadh an lae, tuirse is ocras orthu. Bhí fáisnéis ag Cliford nach raibh cosaint ag na Gaeil sna sléibhte is chrom sé ar an mám a chuir díbh roimh tuitim na hoíche. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 415 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 09:02 am: | |
"Tuige? Ní raibh gá leis. Ní raibh sa Bhéarla ach teanga logánta san ré sin." Ach bhí dlíthe ag Sasanaigh ina haghaidh ag an am sin. "Teanga maith idirnáisiúnta a bhí sa Ghaeilge ag an am" Bhí an "Roman religion" ina creideamh maith idirnáisiúnta ag an am freisin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7226 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 10:40 am: | |
Ach bhí cogadh bunaithe air an athrú creidimh faoi lán seoil, ar fud na hEorpa. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 957 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 10:43 am: | |
Bhrúigh Cliford chun tosaigh agus níorbh fhada gur shrois sé chéad chosc Aodha Rua. Tugadh faoi na Sasanaigh le tine gunna agus diúracháin. Tréigeadh an cosc ag na Gaeil go tapaidh, le go meallfaí na Sasanaigh amach ar an sliabh isteach sa chúnglach,is dócha. Chrom na Sasanaigh dul i ndiaidh na nGaeil cé gur treiseadh ar na hionsaithe orthu. Faoi dheireadh bhí troid seasta a mhair uair go leith go nídeadh púdar urthosach na Sasanach. Bhí ag dul de Alaistar Radclif, ceannaire urthosach na Sasanach, smacht a choinneáil ar a chuid fear. Ghabh scaoll orthu is chas cuid acu ar ais ar phríomhchorp an cholúin. Leath an scaoll orthusan is briseadh ar a n-ord is theith cuid acu. Chuaigh Radclif i gceann ionsaí ar na Gaeil leis na fir pící a bhí fágtha. Mharfadh é. Bhí bunáite coisithe na nGael i bhfolach ar an taobh eile den chúnglach is d’ionsaigh siad ansin is thosaigh an troid aghaidh le haghaidh leis na Sasanaigh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 959 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 05:52 am: | |
Bhí ag dul dian ar na Sasanaigh is chaill Cliford smacht ar a chuid fear. Shocraigh sé áfach, tabhairt faoi na nGael is mharaíodh é i mbarr píce. Thug na marcaigh Shasanacha faoi na Gaeil, áfach: cuimhnigh go raibh na Sasanaigh thíos i gcúnlach idir dhá thalamh ard chreagacha, is choinnigh siad cúl ar na Gaeil ar feadh meandair. Sior Grifin Marcam a bhí i mbun na marcach is bhí Deon Harington orthu, eachtránaí is scríobhneoir. “I verily think that the idle faith which possesses the Irishry, concerning magic and witchcraft, seized our men and lost the victory", a scríobh mo dhuine. Anuas ar sin, scríobh sé murach crógacht na marcach, agus é orthu, gan dabht, go gcaillfadh an Sasanach a thuilleadh toisc gur thug na marcaigh: “gave a desperate charge upon the hill, among rocks and bogs, where never horse was seen to charge before”. Deir na hAnnála gur chailleadh na mílte Gall, ( ní raibh ach 1 500 fear faoi Cliford ), ach de réir figúirí eile chailleadh 241 Gall sa troid ( 10 oifigeach san áireamh) cé gur dócha gur mharadh a oireadh sin arís, lucht gonta ar an láthair troda cionn is gurb é nós na haimsire sin. Ní fios lion na nGael a chailleadh, ach meastar gur beag é. Lean na Gaeil na Sasanaigh ar ais go Mainistir na Búille áit a bhfuair na Sasanaigh fothain sa mhainistir. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7230 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 10:30 am: | |
Feicim colún faoi Droichead an Diabhail acu san IT inniu. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 416 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 06:31 am: | |
"Ach bhí cogadh bunaithe air an athrú creidimh faoi lán seoil, ar fud na hEorpa." Tá tú ceart. Ach tá sé suimiúil fós go raibh an Ghaeilge á brú faoi chois timpeall na tíre ach ní raibh sé mar chuspóir ag "Tyreon" í a chosaint, nó a leagadh síos mar chuspóirín fiú amháin. Níor bhreathnaíodh ar an teanga mar rud cultúrtha tábhachtach don tír agus dona daoine. B'fhéidir go raibh an meon céanna, beagnach, ag O'Neill is a bhí ag O'Connell i leith na Gaeilge. Agus ba le linn na tréimhse seo a bhí an "Roman Religion" á ionannú le hÉireannachas go fíochmhar. Rud atá fós linne sa lá atá inniu ann. Buile mharfach don teanga ab ea é seo freisin, óir, thug an "Roman Religion" in Éirinn -Maigh Nuad- a dhroim láimhe don teanga go fíochmhar . (Message edited by Mise_Fhéin on June 18, 2008) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7232 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 08:29 am: | |
quote:á brú faoi chois timpeall na tíre ? Ha? Ní raibh smacht ag Sasanaigh ach ar sciar fíor bheag den tír. Ní raibh feidhm le dlí Shasana, dlíthe i gcoinne na Gaeilge chomh maith, ach i sciar fíor bheag den tír. Ní raibh aon bhaol le feiscint don Ghaeilge. Maidir le Má Nuad, níor bunaíodh an an chliarscoil go dtí tús an 19ú céad, ag Rí Shasana, d'aon ghnó chun smacht a chuir an an chliar. http://www.newadvent.org/cathen/10087b.htm Tá tú ag "telescóipáil" stair thar a bheith casta. San ré atá idir chamáin anseo, b'iad an chliar (ar an dá thaobh, ní mór a rá) is mó a rinne a gcion ar son saoícht ár sinsear. Mar shampla, lucht an Lobháin http://www.louvain400.eu/ |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 963 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 08:39 am: | |
Baineadh a chloigeann de Cliford is tugadh do Aodh Rua é. Ní raibh Aodh Rua páirteach sa troid. Thug seisean é ar ais do Ó Conchubhair Shligigh i gCúil Mhuine a bhí fós faoi léigear ag Niall Garbh is dúirt leis go mbeadh an chinniúint chéanna i ndán dó muna stopfadh sé bheith i bpáirt na Sasanach. Ghéill Ó Conchubhair Shligigh. Ní shílim áfach go ndeachaidh Ó Conchubhair Shligigh i bpáirt na nGael go hiomlán choíche . Is iontach a deir na hÁnnala i dtaobh anbhás Chliford: Ní raibh móramh na nGael sásta leis cionn is go raibh an gobharnóir Sasanach “fial” leo riamh. Chuaigh Brian Óg Ó Ruairc is a mhuintir sa troid cionn is gur thug Éilís Shasana bás a athair. Níl mé cinnte tuige a raibh Clann Dhiarmada ann, ach is léir go raibh móramh na nGael i gConnachta ar thaobh na nGall nó ar a laghad “neodrach". |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 417 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:24 am: | |
Aonghus Is fíor duit, ní raibh mé ach ag iarraidh smaointe a fhorbairt ar cén fáth gur fhág sé an teanga as a chuspóirí, bhíos ag déanamh neamhaird d'aon ghnó don fhíric go raibh an teanga á labhairt ag chuile Ghael. Géillim, mar sin. (Message edited by Mise_Fhéin on June 18, 2008) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 966 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 10:51 am: | |
A Mhise Fhéin, Molaim duit arís, mar a mhol Aonghus, gan a bheith staid 1599 a mheas agat,mar an 21ú aois nó fiú an 19ú aois, Aois Mhá Nuad. Léigh arís a scríobh mé i dtaobh foilsiú leabhar Gaeilge faoi choimirce na nGall: An Tiomna Nua in 1603 agus Leabhar na nUrnaí Choiteann 1608. Bhí Aibidil Ghaeilge is Chaitiosma le Seán Ó Cearnaigh foilsithe ceathrú céid roimhe seo. Iad ar fad foilsithe faoi choimirce na nGall. Rud iontach má shíleann tú "go raibh an Ghaeilge á brú faoi chois timpeall na tíre" .Na leabhair Gaeilge nach raibh faoi choimirce na nGall, is in Alban a bhí siad a bhfoilsiú. Cé gur pointe bailí agat é seo, sílim nár bhain éinne leis an cheist cionn is go raibh Gaeilge ag beagnach gach duine is ainneoin dlithe na nGall, nach raibh rith fada acu, bhí an Ghaeilge ina neart agus níorbh léir baol di. Díol spéise a raibh ar siúl i dtír eile ó thaobh a teanga de ag an aimsir seo, is má fhágtear deis agam pléfidh mé é sin amach anseo. ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 969 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 07:46 am: | |
Fillimis ar ais go Aibreán 1608 tamall. Tá Aodh is a ndrong ag trasnú na hIodáile ag déanamh ar an Róimh ach tá Sior Cathaoir Ó Dochtartaigh, in Inis Eoghain Thír Chonaill, nach raibh ach 21 blian aige ag an am, ag bualadh bob is ag marú Sasanach roimhe. Bhí an mhuintir seo Uí Dhochartaigh ciúin go leor le linn Cogadh an Dá Aodh, fiú, d'fhéadfá a rá go raibh said ar thaobh na Sasanach, ach anois, cúig bliana i ndiaidh deireadh an chogaidh is sé mhí i ndiaidh imeacht Aodha Mhóir, buaileann an Taoiseach óg seo amach le gobharnóir Sasanach Dhoire Cholm Chille a mharú. Má ba mhall a éirí amach ba spéisiúil a oirbheartaíocht is an chaoi a sheachain sé troid oscailte lena aidhmeanna a bhaint amach |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 970 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 10:18 am: | |
Shíl mé nach raibh dúnta ag na Sasanaigh ar Loch Feabhail roimh Chogadh an Dá Aodh ach bhí, de réir dealraimh - ceann faoi muintir Hobhanden, an teaghlach chéanna a thug tabhairt suas do Aodh Mór i mBaile Grifín Bhaile Átha Cliath. Ar aon nós, bhí taoisigh Uí Dhochartaigh ceanúil ar na Sasanaigh, Cathaoir is a athair roimhe, a bhí ina thaoiseach chomh maith. Fiú amháin, bhí Ó Dochartaigh i bhfeidhil ceann de na caisleán timpeall 1600, agus é ag dul crua ar na Sasanaigh. Nuair a tháinig Domhcra, an Gall, is chuir bun faoi Doire Cholm Chille mar bhaile mór Shasana, bhí Cathaoir mór leis. Fiú deineadh Iústas Síochána de ag na Sasanaigh. Sílim nach raibh muintir Uí Dhochartaigh mór leis na Dálaigh riamh |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7244 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 10:42 am: | |
Comharsain tuaithe agus spiteanna feamainne? Nach raibh cleasaíocht éigin i gceist nuair a gabhadh an Dálach óg agus an Néilleach agus iad ag ól fíona ar long Sasanach - agus go dtáining Dochartach slán? Ní cuimhin liom na sonrai. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 971 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 11:04 am: | |
"Ní cuimhin liom na sonrai." Faigh iad nó bí id thost ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7245 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 02:58 pm: | |
Níl an leabhar le lámh. Endurance Dermot Somers. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 972 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 06:08 am: | |
Cad é seo: Béarla ag an Somarsach? ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 973 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 06:09 am: | |
Bhí bagairt ann ó Rialtas na nGall go ngabhfaidis talamh ó gach duine a bhí páirteach sa Chogadh agus talamh eile ar mhaithe le “plandáil”. Cé go raibh muintir Dhochartaigh ceansa leis na Gaill, bhí bagairt orthu. Faoin am seo bhí Damhcra marbh agus gobharnóir nua ar Dhoire, Sior Seoirse Paulet. Bhí seiseann i gcónaí ag spochadh as Cathaoir ag súil le siocair a chuid talún a ghabháil is dócha. Níl mé cinnte an polasaí Bhaile Átha Cliath é seo, nó binib phearsanta idir an bheirt. Deirtear fiú gur thug an Pauletach paltóg ar leiceann Cathaoireach. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 974 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 01, 2008 - 07:31 am: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé: Bhí gobharnóir Dhún Chúil Mhóir, gar do Dhoire Cholm Cille, ina rúnchara ag Cathaoir, i ndomhnach, bhí Cathaoir ina athair báiste ag páiste óg an ghobharnóra. Bhí féasta ag Cathaoir lá ina chaisleán is tháinig an gobharnóir, a bhean agus agus a pháiste. I ndiaidh an dinnéara, thóg Cathaoir an gobharnóir ar leathaobh, is dúirt go mbeadh a dhíoltas aige ar Phaulet is go raibh an cáisleán uaidh. “Géill an caisleán, nó beidh an bás agat, ag do bhean is ag do pháiste.” Ag an am seo, rith bean an ghobhnóra is bean Cathaoireach isteach is thósaigh an chaint, an impí is an tathaint. Ní ghéillfeadh an gobharnóir. Chuir Cathaoir an gobharnóir amach as an seomra faoi dhianchoimeád a chuid ceithearnach. Dúirt Cathaoir le bhean an ghobharnóra: “A bhean uasail, imigh leat anois díreach leis an díorma ceithearnach seo go Dún an Chúil Mhóir, déan cinnte go ligfear isteach sa chaisleán go síochánta iad nó beidh an bás ag do fhear is do pháiste. Ghéill sí. Chuaigh an díorma go dtí an caisleán. Dúirt sí leis na fairitheoirí gur bhris a fear a chos. Ligeadh isteach iad. Ghabhadh an caisleán is rinne slad ar an garasún. Íorónta go leor, seo an lá chéanna a shocraigh rialtas gallda Bhaile Átha Cliath gach tailte an Dhochartaigh a choigistriú air |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 975 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 02, 2008 - 04:59 am: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé: Is léir go raibh dul ag ár laoch ar chaisleáin a ghabháil agus gan aige ach 21 bliain. Ghabh sé Caisleán na dTuath a bhí faoi na Gaill sa tráth seo freisin. Chuir sé an buachaill a bhí i bhfeidhil na mbó ar ais don chaisleán a rá go raibh mic tire ag ba an chaisleáin. Tháinig daoine amach le ruaig a chur orthu a sciobtha is a d’fhéadfadh said agus dar ndóigh ghabh ceithearnaigh Cathaoireach isteach ar an ngeata oscailte. Rinneadh slad ar an ngarasún. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 976 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 02, 2008 - 02:24 pm: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé: Ghabh Cathaoir Cathair Dhoire ansin is bhain sé a dhíoltas amach ar Phaulet, an gobharnóir, mharaigh sé é is an garasún in éineacht leis. Deirtear nár mharaigh sé lonnaitheoirí Gallda Dhoire Cholm Cille. Ghabh Cathaoir bean an easpaig ghallda is chuir sé í i ngéibheann i gcaisleán Bhurt, gar do Dhoire. Rinne na Gaill léigear faoin áit is dúirt na Gaeil go gcuirfeadh siad an bhean ar na ballaí aon áit a raibh na Gaill ag caitheamh leo. D'fheagair an ceannaire gallda go m'ba mhór leis urraim an Rí agus go gcaithfí níos mhoiglí lei ná le aon bhean saolta..... Íorónta go leor, ghabh na Gaill bean Cathaoireach nuair a ghabh siad an caisleán. Theith Cathaoir is a chuid fear cé go ndeirtear go raibh míle fear faoi ag an am seo |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 977 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 03, 2008 - 06:16 am: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé: Snoigh amach na Gaill “condae” in iarthar Uladh in 1585 ar mhaithe lena “riarachán”. Dún na nGall a ghlaoigh said air, ach ina litriú fhéin, dar ndóigh. Bhí sé déanta de seanchríoch na nDálach, Tír Chonaill agus leithinis i bhfad amach ó thuaidh, Inis Eoghain, críoch na nDochartach. Seans nach raibh muintir Dhochartaigh sásta bheith ar aon bhuíon agus cine eile, chaillfeadh said neamhspléachas. Ar scor ar bith, thug na Dálaigh dúshlán géillsinigh Eilís Shasana sna 1590achaí, d’fhan Séan Ó Dochartaigh ag cuimilt meala leo. Fuair Aodh Rua, Taoiseach na nDálach bás sa Spáinn sé bliana ó shoin is tá Taoiseach nua acu, Ruairí Ó Domhnaill. Tá mac Shéain i gceann na nDochartach anois. Tá Rí nua ann i Sasana i ndiaidh Eilíse, Albanach a bhfuil Séamas air. B’fhéidir go bhfuil Ruairí ag iarraidh mil a chuimilt leis na Gaill anois, agus ag iarraidh a chuid talún a choiméad, ach ligeann sé do lonnaitheoirí Albanacha cur futhu ina thalamhsa.( Tharla seo roimh na "plandálacha". )Deirim a thalamhsa ach, ach tugann sé talamh idir Loch Feabhail is Loch na Maoile Rua dóibh, talamh a mhaíonn muintir Dhochartaigh gur leo é. Ar son nós, duine acu, Sandy Ramsey, fuair sé talamh faoi choimirce Ruairí is thóg sé bádhún ann dona bhean is a pháiste is chrom sé ar feirm a reachtáil. Le éirí amach Cathaoireach, thug sé faoin bhádhún seo, ghoid sé na ba is mharaigh sé an bhean is an páiste. Ní raibh an tAlbanach fir timpeall. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 980 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 08, 2008 - 08:29 am: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé: Ó, sea! Agus chuir Cathaoir teach an Albanaigh ar bharr lasrach. Bhí chuile rud caillte ag an Ramsíoch ach a ghunna seilge is a mhiodóg. Ní raibh breith ag an Sasanach ar Chathaoir, é i measc a mhuintir fhéin i ndúthaigh a raibh doicheall roimh an tSasanach ann. Chuireadh 500 marga mar airgead éirice ar chloigeann Cathaoireach ag an Sasanach. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 981 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 10, 2008 - 08:53 am: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé Sealgaire maith a bhí san Albanach is shocraigh sé gnáthóga Cathaoireach a thaobhú le teacht air. Ceann díobh siúd a b’ea Carraig an Dúin, seanáit sealbhaithe na Rithe faoi Tír Chonaill, atá gar do Chill Mhic Réagáin. Áit iargualta ab ea é agus doghrainneach teacht uirthi. Ach fuair an tAlbanach isteach is d’fhan sé ar a dheis. Tháinig sé. Déardaoin seachtain mhór na Cásca 1608 a bhí ann. Agus bhí an tAlbanach i bhfolach san áit sin. Chonaic sé fear ar a shuimhneas ar aghaidh soir na Carraige. D’aithnigh an tAlbanach é “ as a hata Spáinneach is cleite corr éisc ann”. Scaoil an tAlbanach is thit Cathaoir ina chorp marbh ar an láthair. Theith na daoine a bhí timpeall air a silstan gur mórionsaí Gallda a bhí ann . Anonn leis an tAlbanach is bhain sé an cloigeann den chorp, d’fhill sé in éadach é is thug sé Baile Átha Cliath air féin |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 420 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 10, 2008 - 11:26 am: | |
D’aithnigh an tAlbanach é “ as a hata Spáinneach is cleite corr éisc ann”. Nach raibh stíl galánta ag Cathaoir? go dtí gur chaill sé a chloigeann ar ndóigh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 982 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 10, 2008 - 11:50 am: | |
Ní éirí amach go héirí amach galánta!!!! murb ionann is na héirthe amach atá ag dul na laetha seo!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 983 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 11, 2008 - 07:43 am: | |
Deirtear gur mar seo a tharla sé Ar a shlí go Baile Átha Cliath, stop an Ramsaíoch ag teach Thadhg Uí Ghallchóir ag áth na Finne. D’ith sé a chuid is chuaigh sé a luí. Ach bhí an Gallchóireach fiosrach i dtaobh an mhála fuilsmeartha a bhí ag an Albanach. Le linn codladh an Albanaigh, d’oscail an Gallchóireach an mála is thit ceann Cathaoireach amach. D’athain an Gallchóireach é ar an spota is dúirt leis féin go b’fhearr an airgead éirice aige fhéin seachas ag eachtranach. Léim sé ar a ghearrán is bhain seisean Baile Átha Cliath amach. Deirtear gur eisean a bhain an 500 marga amach. Níl na leabhair staire ar aon fhocal ar luach an mharga ag an am seo cionn is gur tháinig athrú air timpeall an ama seo: Meastar áfach suim éigin idir $50 000 is $500 000 a bhí ann |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 984 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 16, 2008 - 06:31 am: | |
Bhí an dá Aodh i gceann cogaidh ar feadh naoi mbliana is fós níor ghabh siad dún Gall. Bhí cailliúintí mhóra ag Aodh Mór nuair a shíl sé dúnfort na hAibhne Móire a ghabháil. Cathaoir, ní raibh sé ach ráithe i gceann cogaíochta is ghabh sé dúin, cé gur chaill sé iad chomh tapadh. Is deacair gan meas áirid a bheith air, é chomh óg, chomh slíthánta, ( tugann na Francaigh Ruses de Guerre ar a léithéid ), chomh éifeachtach, comh meargánta, chomh dásachtach, chomh cliste is a bhí sé. Dhéanfadh sé oifigeach maith faoi Aodh mar ghinearáil is thaidhleoir. Deirtear go bhfuil sé curtha, bhal, an corp gan an cloigeann, san áit ar thit sé, Carraig an Dúin, áit inshealbhithe ríthe Thír Chonaill |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 986 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 17, 2008 - 09:42 am: | |
I rith an ama seo áfach, tá Aodh Mór is a chamthaí ag cigilt dromlach na hIodáile ag déanamh ar an Róimh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 989 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 22, 2008 - 09:11 am: | |
Is dócha nár bhfuair Aodh mór fios scéil Cathaoireach go dtí i bhfad ina dhiaidh. Rinne Aodh Mór cinnte go mbeadh fear den a chlann mic ar chornalacht na Reisiminte Éireannaigh in arm na Spáinne agus bhí an Reisimint seo lonnaithe san Isiltír Spáinneach. Bheadh teacht is imeacht na nÉireannach idir An Lóbháin is Éireann, sagairt is ábhair sagairt is daoine ag éalú ó na Gaill agus lucht tráchtála. Bheadh cumarsáid idir an Lobháin is an Róimh. Is dócha go raibh Aodh Mór ar an eolas i dtaobh cúrsaí na hÉireann a fhad is a bhí sé ann. Is trua nach ligeann An Cianánach níos mó eolas linn i leith a bhí Aodh Mór ag plé agus ag súil leis rith an ama. Is dócha nár spéis leis “an pholaitíocht” dáirire. Ní dheachaidh Aodh Mór tríd an Tuscáin ar a shlí go dtí na Róimhe. Níor bhain an Tuscáin le críocha na Pápa ná Rí an Spáinne. Ach dá bhliain ní ba dhéanaí, 1610, bhí Aodh mór fós faoin Róimh, agus chuir ArdDiúc na Tuscáine ceist ar chomhairleoir leis, ceist bhí ag déanamh scime dó. D’iarr sé ar an gcomhairleoir a ríomhadh amach tuige i gcluiche a imrítear le trí dhísle go naimsítear áireamh a deich níba mhinice ná áireamh a naoi. Rinne an chomhairleoir a mhanama: Rinne sé amach go raibh seacht ndóigh fichead le teacht ar áireamh a deich le trí dhísle ach nach raibh ach cúig dhóigh fichead le teacht ar áireamh a naoi le trí dhísle. Seo chéad riail na dóchúlachta: Go bhfuil dóchúlacht teagmhais ag braith ar an lion dóigheanna le teacht ar an teagmhas. Ainm an chomhairleora: Galileo. Is dócha nár chas Aodh Mór agus Galileo ar a chéile riamh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7277 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 22, 2008 - 10:43 am: | |
Nach mór an trua san! Agus nach mó an trua gur fhág an bhris nach raibh ár nGalileo Gaelach féin againn. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 990 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 08:15 am: | |
Sílím go raibh ár nGalileo Gaelach féin againn. Míle bliain roimhe sin, an naomh úd a shocraigh Cáisc na nGael agua a thug dúshlán an phápa ina chuid ríomhadh seisean. Ní cuimhin liom a ainm, luadh é ag comhdháil eolaíochta in Éirinn le déanaí. Beidh fáil agatsa air gan dabht. Bheadh fios gluaisne na reanna neimhe de dhith agus ríomhadh lena dtuaradh. Bhí an siocair chéanna ag scoláirí Ioslaim timpeall na haimsire chéanna agus bhain siad éachtanna matamaitice amach. Sílim nach é bris chultúrtha an 17ú Aois a ba bhun le cur ar gcúl na healaíne seo in Éirinn, ach tabhairt isteach is luigh faoi tuairimí na Róimhe sa 7ú aois! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7282 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 08:35 am: | |
Ní ghlacaim le do léamh. Bhí manaigh Éireannach i Lobháin, Prág agus rl ag dul do na heolaíochtaí fós. Tá dréachtaí eolaíochta, mar shampla, i ndíolaimí an Doibhlinnigh. Ach nuair nach raibh na patrúin Gaelacha ann, chuaigh na heolaíochtaí Gaelacha ar gcúl leis na Dáin eile. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 992 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 08:53 am: | |
Ní raibh ach an t-aon Gailileo amháin ann, tuige a bhfuil tú ag cur manaigh (uile?) Éireannacha na meanaoiseanna lena ais? Níor scríobh mé nach mbeadh staidéar ar bun ag manaigh, ach ceannródaíocht, sin scéal eile. Thug mé le fios muna raibh socracha acu .i. aimsiú na Cáisce ag an Gael, nó aimsiú Ramadain nó aird Meice ag an Muslamach , nár chaitheadh dua lena cheannródaíocht. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7284 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 09:51 am: | |
Bhí an ioliomad ceannrodaí ann seachas Galileo. Níl ann ach gurbh bolscaire níorbh fearr eisean ná roinnt eile. An teileascóp féin, d'airg fear eile é. Agus bhí Copenicus roimhe ó thaobh na teoirice de. http://space.about.com/cs/basics/a/spacefaq12.htm |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 993 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 24, 2008 - 10:41 am: | |
Má tá tú ag déanamh pointe i dtaca lena scríobh mé, a Aonghuis, is cinnte nach dtuigim é |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7285 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 25, 2008 - 06:10 am: | |
Cúpla pointe a bhí fúm a dhéanamh: Nach í an Eaglais Rómhanach is cúis le easpa eolaithe ag scríobh i nGaeilge - tá tráchtas realteolaíochta ón 14 aois ag CELT i nGaeilge, mar shampla, i bhfad in ndiaidh do na hEaglaisí in Éirinn géilleadh d'údarás Ard Mhacha agus na Róimhe. Nach raibh Galileo chomh ceannródaíoch is a maitear. Go mbeadh eolaithe móra le Gaeilge againn murach briseadh Cionn tSáile agus Imeacht na nIarlaí. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 994 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 28, 2008 - 10:16 am: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7291 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 28, 2008 - 02:56 pm: | |
Go deimhin, togha fir ab ea é, ach go bhfios dom níorbh eolaí é fhéin. Diagaire, agus fear crua, ar féin agus ar dhaoine eile. Patrún neamh oifigiúil de chuid an AE, más buan mo chuimhne. Agus patrún oifigiúil lucht gluaisrothair! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 996 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 06:21 am: | |
"Cúpla pointe a bhí fúm a dhéanamh: "Nach í an Eaglais Rómhanach is cúis le easpa eolaithe ag scríobh i nGaeilge - tá tráchtas realteolaíochta ón 14 aois ag CELT i nGaeilge, mar shampla, i bhfad in ndiaidh do na hEaglaisí in Éirinn géilleadh d'údarás Ard Mhacha agus na Róimhe." Luaigh mé an Eaglais Rómhánach agus an "Eaglais Mheiceach". Múineann gá seift. Muna bhfuil an gá ann, is annamh a mbíonn seift leis. Níor luaigh mé eolaithe, luaigh mé beart matamaticiúil: gá a chuireadh roimh Gailileo is a sheift. Chuir mé sin le hais an gá a bhí in Éirinn leis an Cháisc a aimsiú. B'fhéidir go bhfuil an chraobh ag dul do duine anaithnid, ach fós, bheadh éacht ag baint leis, ceannródaíocht, b'fhéidir, agus seans go raibh an Ghaeilge aige, cá bhfios? "Nach raibh Galileo chomh ceannródaíoch is a maitear." Bhí sé ceannródaíoch i dtaca leis an bheart a luaigh mé. "Go mbeadh eolaithe móra le Gaeilge againn murach briseadh Cionn tSáile agus Imeacht na nIarlaí." Cá bhfios? Is cinnte nach bhfuil fhios agam: ach seo ábhar do shnáth eile! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7294 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 09:04 am: | |
quote:Bhí sé ceannródaíoch i dtaca leis an bheart a luaigh mé. . An é ríomh dóchúlacht an bheart atá i gceist? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 998 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 09:37 am: | |
Bhal, ceartusáid a bhaint as toise dochúlachta. "Seo chéad riail na dóchúlachta: Go bhfuil dóchúlacht teagmhais ag braith ar an lion dóigheanna le teacht ar an teagmhas." |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7296 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 10:45 am: | |
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1000 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 12:13 pm: | |
Bhal, cad é do thuairimse i dtaobh a bhain Galileo amach do ArdDiúc na Tuscaine le linn Aodh Mór bheith faoin Róimh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7298 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 04:55 pm: | |
Tá mearbhall orm ó tharla scéal Phascal agus an Chevalier de Mere a bheith beagnach focal ar fhocail le scéal Ghailileo agus an ArdDiúc. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7299 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 29, 2008 - 05:00 pm: | |
Hmm. Tá scéal seo na dílsí níos casta fós, agus lámh ag Iodálaigh eile sa cheist. http://www.maa.org/devlin/devlin_03_04.html |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1003 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, July 30, 2008 - 05:37 am: | |
Agus níl fhios agam fiú an raibh Aodh Mór tugtha do na díslí. Ar aon nós, b'é sin An Tuscáin in 1610. Fuair an Dochartach bás dhá bhliain roimhe, in 1608, nuair a shrois Aodh Mór an Róimh. Ach ar ais linn go Lúnasa go 1599 agus tá Aodh rua i ndiaidh briseadh ar na Gaill ag cath an bhealaigh mhóir taobh le Corrshliabh na Seaghasa. An raibh an Gall ar ballchrith eagla dá bharr? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1004 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 06:53 am: | |
Mheas Sior Robert Cecil, "PríomhAire" Eilís a hAon i Londain go raibh briseadh seo an Bhealaigh Bhuí ( Bealach Buí a b'áil liom a scríobh thuas ), agus an briseadh i gCill Mhántáin, a tharla timpeall an ama chéanna ar an bristí is mó Gall in Éirinn. Ní raibh Eisics páirteach in ceachtar acu, ach thug an Cecileach le fios go raibh sé cionta as na bristí |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1006 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 11:01 am: | |
Le chogaíocht Aoidh Rua, ní raibh baol ionsaí a thuilleach ó Ghaill Shligigh, na Gaillimhe ná Ath Luain cé nach raibh na Gaeil ag iarraidh mórán cabhrach a thabhairt dó. Agus bhí súil a choinneáil ag Aodh Mór ar an cósta thuaidh, bhí longa ag na Gaill nach raibh ag na Gaeil,agus chuir sé siar gach iarracht Gallda ar talamh aneas agus anoir. Bhí an dá Aodh ina neart. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1007 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 01, 2008 - 06:43 am: | |
Dar ndóigh i dtéarma an tsaoil mhóir, ní mór na cathanna a bhí an dá Aodh ag cur ar Ghaill. Mar shampla, dhá mhíle bliain roimhe sin, chuir Ailistear Mór, Rí na Macadóine agus 45 000 saighdiúir faoi, cath ar Dharias, Rí na Peirse agus 500 000 saighdiúir faoi. Bhí cáil ar arm na Peirse agus "arm rí-éifeachtach" acu : carbaid agus sparraí ghéara fhada ag gobadh amach ar mholanna na rotha orthu. Thiomántaí na carbaid isteach i measc coisithe an namhaid is leagfaí gach duine le moimeinteam an charbaid is fágfaí marbh nó beoghointe an namhad roimh buille. Ach tháinig clisteacht Ailistir Mhóir timpeall an airm seo. Nuair a bhí na carbaid á n-ionsaí, d'iarr sé ar a chuid fear sa líne tosaigh bearnaí a dhéanamh. Rachadh capaill de réir nádúir isteach sna bearnaí seachas isteach i mballaí sciatha. Sna bearnaí dóibh, thug na capaill go raibh siad i gcúnlach is bhainfeadh siad a siúl luasrach díbh de réir nádúir. Bhainfadh sin an moimeantam de na carbaid agus bhí sé rí-éasca a ngabháil ansin. D'éirigh go mór le plean Ailistir Mhóir. Bhris Ailistear Mór ar arm 500 000 le 45 000 saighdiúir |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1008 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 10:40 am: | |
Leathmhilliún saighdiúir i gceann catha! Leoga! Níor tharla sé riamh in Éirinn, déarfainn. Fiú amháin agus Cogadh an Dá Ghall faoi lántseol beagnach céad bliain níba dhéanaí, ní raibh ach 20 000 ar gach taobh ag Briseadh an Eachdhroma. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4078 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 08, 2008 - 09:29 am: | |
quote:Leathmhilliún saighdiúir Cé chomh iontaofa agus atá uimhir mar sin? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1009 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 12, 2008 - 08:14 am: | |
Bhal, chuirfinn geall go bhfuil cuid di ní b'iontaofaí ná a chéile. I mo leith fhéin, ní raibh leathmhilliún de aon rud riamh agam,(agus ní bheidh go deo, is baol), mar sin, ní heol dom an bhfuil an uimhir seo ann dáiríre |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4090 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, August 12, 2008 - 12:49 pm: | |
Leathmhilliún? Nach bhfuil? Agus céard faoi na baictéir i do phutóga? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1010 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 12, 2008 - 12:54 pm: | |
Hí hí! Ná bí dolba ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1011 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 12, 2008 - 01:23 pm: | |
Dar ndóigh is i dtaca le cathanna eile atá mé ag cur cathanna an Dá Aodha ina suí. 1876, beagnach trí chéad bliain ar aghaidh agus cath eile, cé gur i bhfad níos lú daoine a chailleadh a mbeatha ann. Thug na bundúchasaigh “Fadaghrugach” ar cheann an airm. Roimhe seo, nuair a tháinig Fadaghrugach ar lonnaíocht na mbundúchasach agus na hóglaigh ar iarraidh, bhain sé “gaisneas” as na mná is páistí mar “sciatha daonna”, cleas chogaidh aige a raibh toradh air. Faoi Meitheamh na bliana seo, maidin, tháinig sé trasna lonnaíocht mar seo. Is beag óglach a bhí le feiceáil. Shocraigh sé ar ghialla a fháil a bhainfeadh údar íonsaí as na hóglaigh ar fiannas. Ach casadh an lá sin, gur chodail na hóglaigh amuigh cionn is go raibh óiche go maidin acu an lá roimhe. Thug díorma beag “Fhadaghrugaigh” faoi campa a bhí lomlán de óglaigh. Rinne na bundúchasaigh slad is sléacht ar mharcshlua nua-aimseartha. Custer a bhí ar “Fhadaghrugach” ina theanga fhéin 268 saighdiúr a chailleadh i dtaobh le 36 nó 136 bundúchasach ( ag braith ar fhoinsí) http://www.friendslittlebighorn.com/LBH%20Warriors.pdf |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1012 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 13, 2008 - 07:17 am: | |
Agus ar ais in Éireann faoi Meán Fomhair, 1599, bhuail Ó Néill le Roibeard Deibhriús, (Eisics), mar a luadh cheana, tháinig sos cogaidh i bhfeidhm is d'fhill an Deibhriúsach ar ais do dtí a bhanríon, a bhain a cheann de in am tráth. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1013 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 13, 2008 - 12:55 pm: | |
Agus an raibh sochaí Shasana ar bhallchrith eagla i ndiaidh na gcathanna a chuir an dá Aodh ar a gcoilínigh? “The Irish Wars go slowly and will not so soon be ended as was thought” a scríobh Sir Anthony Paulett. “It is forbidden , on pain of death , to write or speak of Irish affairs”, a scríobh George Fenner. Dúirt Francis Cordale nach bhféadfadh sé “send no news of the Irish Wars, all advertisements thence being prohibited and such news as comes to Council carefully concealed”. Ach i ndiaidh sin is uile, dúirt sé “for our part has had little success, lost many captains and whole companies, and has little hopes of prevailing”. Ní inné ná inniu a chuireadh tús le cinsireacht. Ach cheal scéala a raibh ar iontaoibh, b’iomaí ráfla a bhí sa timpeall: Ghabhadh Harry Davis i Rye Shasana as ucht arm Shasana a thréigint in Éirinn. Dúirt sé go raibh “ Earl of Essex travelling from Waterford to Dumdarricke(?) in a wood was met withal by the wild Irish and set upon, where he lost fifty thousand men and the Earl himself was wounded in the right arm in such sort as he was like to lose his arm” Deargbhréaga, dar ndóigh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1014 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 20, 2008 - 08:14 am: | |
"Be that as it may, however, we are afforded a most interesting picture of the Great O'Neill's family circle towards the end of Mac Caughwell's [Aodh Mac Aingil]tenure of office in an account written by an Englishman, Sir William Harrington, on the occasion of a visit to O'Neill's castle by Sir William Warren and himself in October 1599: Posing his two sons in their learning and their tutors, which were one Father Nangle, Franciscan, and a younger scholar whose name I know not, and finding the children of good, towardly spirit, their age between 13 and 15, in English clothes, like a nobleman's sons, with velvet jerkins and gold lace, of good and cheerful aspect, freckle-faced, not tall of stature, but strong and well set, both of them speaking the English tongue, I gave them (not without the advice of Sir William Warren) my English translation of Ariosto, which I got at Dublin, which their teacher took very thankfully and soon after shewed the Earl, who called to see it openly, and would needs hear some part of it read, I turned (as it had been by chance) to the beginning of the 45th canto and some other passages of the book. -(Harrington, Nugae Antiquae, ed. Park, emphasis mine) " http://alecbanmacconaill.co.uk/adobe/Contrib.pdf Bhí sos chogaidh i bhfeidhm i ndiaidh an socrú le Eisics faoi Meán Fomhair 1599, agus is de shuimiúlacht an cuntas thuas ó Dheireadh Fomhair 1599. [Ghoid mé an dréacht thuas ó “Sheán Bán Mac Conaill”, gan a chead.] |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7402 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 20, 2008 - 08:32 am: | |
Séamus de Napier alias Alec Bán Mac Conaill atá i gceist agat! Cheapfainn go bhfuil sin cludaithe ag "úsáid chóir" a nótaí. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1018 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 21, 2008 - 08:52 am: | |
Sea, a aonghus. Scríobh mé é le iarracht bheag iaróine! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 424 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, August 21, 2008 - 12:06 pm: | |
"in English clothes, like a nobleman's sons, with velvet jerkins and gold lace, of good and cheerful aspect, freckle-faced, not tall of stature, but strong and well set, both of them speaking the English tongue" Suimiúil go deo, agus domsa taispeánann sé aríst meon O'Neill i leith na Gaeilge dúinn. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1020 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 21, 2008 - 02:05 pm: | |
Sílim gur talainn agat meonta an 16ú Aois a léamh, a mhise_fhéin ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7410 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 21, 2008 - 02:29 pm: | |
Tógadh an Niallach sin i Sasana, agus é ina Ghiall ag Ghallaibh, más buan mo chuimhne. Ach ná dearmad gur bolscaireacht cogaidh atá á léamh agat, a MhF. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 427 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 06:18 am: | |
Scríobh Aonghus: "bolscaireacht cogaidh" Má bhí a leithéid de bholscaireacht cogaidh cultúrtha chomh-thábhacht sin cén fáth nár luaigh O'Neill an teanga ina chuspóirí cogaidh? Scríobh Fearn: "Sílim gur talainn agat meonta an 16ú Aois a léamh, a mhise_fhéin" Is bua ar leith é ;). Ach i ndáiríre nach gcreideann sibh go dtaispeánann sé meon O'Neill dúinn. Agus mar a dúirt Aonghus, tógadh i measc na Sasanach é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7419 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 06:31 am: | |
Meon Harrington. Agus gliceas an Néilligh. Ná dearmad gur polaiteoir glic a bhí ann in ré thar a bheith contúirteach. An mbeifeá ag súil leis cur ar a shúile do tadhlóir/spiaire Sasanach go raibh sé níos dílse don Féinneachas agus don Ghaelachas ná don Choróin? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 430 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 06:40 am: | |
"Agus gliceas an Néilligh. Ná dearmad gur polaiteoir glic a bhí ann in ré thar a bheith contúirteach." An ndéanfadh sé difríocht ar bith dá chúis dá mbeadh a mhic gléasta mar Ghaeil agus ag labhairt na Gaeilg ? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 431 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 06:42 am: | |
Is ionann meon O'Neill agus meon O'Connell ? Dílis go deo dá thír agus a mhuintir ar bhonn chreidimh ach meon is cuma liom faoin gcultúr s'acu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7420 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 08:24 am: | |
quote:An ndéanfadh sé difríocht ar bith dá chúis dá mbeadh a mhic gléasta mar Ghaeil agus ag labhairt na Gaeilg ? Tá mé sách cinnte go raibh siad - nuair a bhí sé oirúnach. Ach táim sách cinnte go raibh sé ag iarraidh cuir in iúl don spiaire Sasanach nárbh aon baol é ag an bpointe sin. Breis eolais anseo: http://www.lynx2ulster.com/UlsterTimeLine/Volume2/02013downfallofessex.php Bí cinnte go raibh siad dhá theangach. Más buan mo chuimhne bhí mathair sasanach acu. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 433 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 08:37 am: | |
Spéisiúil, gura míle as sin |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1022 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 08:37 am: | |
Agus mar a thagair mé dó cheana, faoi Samhain 1599, Chuir Aodh Mór a mhianta polaitiúla in iúl: http://www.ucc.ie/celt/published/E590001-003/index.html |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7423 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 09:01 am: | |
Roinnt acu bainteach leis an bplé seo: paragraph 9 That the lord chancellor, lord treasurer, lord admiral, the council of state, the justices of the laws, queen's attorney, queen's serjeant, and all other officers appertaining to the council and law of Ireland, be Irishmen. paragraph 14 That no children nor any other friends be taken as pledges for the good abearing of their parents, and, if there be any such pledges now in the hands of the English, they must presently be released. paragraph 21 That all Irishmen that will may learn, and use all occupations and arts whatsoever Dearcadh an Namhaid anseo: http://www.ucc.ie/celt/published/E500000-001/index.html Splanc deas amháin ann: quote:For where yee say that the Irish have allwayes benn without letters, yee are therein much deceaved, for yt is certen, that Ireland hath had the use of letters very auncientlie, and longe before England. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 434 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, August 22, 2008 - 09:17 am: | |
Gur fada buan i bhur shaol sibh |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1026 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 10:00 am: | |
Go ma hé dhuit, a mhise_fhéin agus tá súil agam nár imigh tú faoi stailc. Dar ndóigh, tá cuid a luaigh m_f agus Aonghus pléite cheana, ach seo roinnt pointí arís: Ag an am seo meastar go raibh Gaeilge ag 2 000 000 agus béarla ag 5 000 000 go hidirnáisiúnta Sílim go mbeadh an dara chulaith éadaigh ag clann mhac Aodha. Sílim go raibh an clann mhac trítheangach: An Ghaeilge, béarla agus Laidin. Bhí na Gaill ag tathaint ar Aodh oideachas ar chuir ar a chlann mhac sa choláiste nua i mBÁC : Coláiste na Trionóide , nó i Sasana mar a oileadh Aodh féin. Dhiúltaigh sé is cuireadh go Salamanca sa Spáinn iad. Bhí ceithre bhean ag Aodh, mar sin níl mé cinnte cé hí máthair an dís luaite, ach is dócha gur mic do dhrifiúir Henry Baganal ( an Henry a mharaigh Aodh dhá bhliain roimhe seo; seanphléite againn ). Bhí an mháthair seo ar shlí na firínne le ceithre bhliana. Ach seo scéal eile ón tréimhse chéanna: Rugadh Máire Rua Ní Mhathúna i gcaileán Bhun Raite in 1615. Rinne a teaghlach riamh a ngnó dlíthiúil le aturnaethe gairmiúla an Chláir is an Tuamhumhain trí Gaeilge. Phós sí tiarna Gaelach: gach rud i nGaeilge. An tarna tiarna Gaelach a phós sí, bhí gach rud i nGaeilge, ach amháin an inscríobh os cionn geata an chaisleáin, bhí sé i mBéarla. An triú fear a bhí aice, oifigeach airm Chromáil a bhí ann. Thóg sí a gclann mar phrostúnaigh, agus a hoidhre, Donnchadha, thug sé Dennis air féin as sin amach. Fuair sí bás in 1686. Bhí an 17ú Aois corrach do na Gaeil |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7432 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 10:25 am: | |
Bhí an 17ú Aois corrach do chách! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1027 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 10:37 am: | |
Ó sea, agus an Spenserach úd. Fuair sé talamh faoi Phlandáil na Mumhan ( nach méanar dó ), ach bhain na Gaeil ar ais é, is chuir a chaisleáinín ar bharr lasrach. Agus cé go raibh sé críonna go léir ag admháil go raibh a sibhialtacht fhéin ag na Gaeil, bhí sé i bhfách na Gaeil a tabhairt ar a nglúin le ocras is gorta a imirt orthu. Dála an scéil, fuair sé bás ag tús na bliana seo, Eanair 1599 i Londain dó, is d'íoc ár gcara, Eisics, as a adhlacadh. Filí ab ea iad ar aon. Na filí eile a scríobh marbhnaí dó, chaith siad na scrollaí úd in éineacht leis na cleití a scríobh na dáin seo isteach san uaigh leis. Á! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7436 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 10:42 am: | |
quote:chaith siad na scrollaí úd in éineacht leis na cleití a scríobh na dáin seo isteach san uaigh leis Ar choinnigh siad cóipeanna? Mar a deir an seanfhocal: Drannadh madra, Adharc bhó, Crú capaill Nó gáire (nó plámas!) Sasanach. San aois úd ach go hairithe nuair a bhí streachailt na róis fós beo i gcuimhne na ndaoine thall, agus an ríocht thall ag teacht diaidh ar ndiaidh ar shocracht éigin - má le lámh láidir féin a bhain Anraí agus a shíol amach é.... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7437 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 10:44 am: | |
Dála an scéil, bhí tagairt ag Darach Ó Scolaí i bhFoinse na seachtaine seo a bhreagníonn an méid a dúirt mé thuas faoin Néilleach a bheith tóghta i Sasana. Dar le Darach is sa Pháil (ach ag Sasanaigh) a tógadh é. Bhfuil eolas níos cruinne agat a Fhirn? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1028 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 10:54 am: | |
Is ag muintir Hobhandan ag Baile Grifín, a bhí an uair úd laismuigh de Bhaile Átha Cliath a bhí Aodh ar altramas ó bhí sé óg, naoi nó deich, a mheastar daoine. Sílim nach bhfuil eolas cruinn ann i dtaobh an tréimhse sin, ach dá raibh muintir Hobhandan iad fhéin ag dul anonn is anall go mbeadh Aodh leo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7440 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 25, 2008 - 04:30 pm: | |
Tá dealramh leis sin. GRMA. |
|