I lár Mí Feabhra, chuaigh mise is m'iníon mhór ó Seattle go Chicago. Nuair a thuirling an eitleán, thugamar faoi deara go raibh Aerfort O'Hare an-chiúin, beagnach follamh. Ní raibh ann ach na daoine ónár n-eitleán féin bailithe thart timpeall ar na gluaisbhoird bhagáiste. Bhí sé ag cur sneachta go trom. Sin an fáth go raibh gach eitilt eile anonn is anall curtha ar ceal. Bhí an focal 'cancelled' scríofa ar an gclár in aice le gach eitilt seachas ár n-eitleán féin a bhain an t-aerfort amach gan dua.
Chuamar amach ar an tsráid agus shuíomar i mbus a bhí follamh. Thug an bus go hoifig Hertz muid. Bhí an oifig beagnach follamh. Ní raibh custaiméirí ann ach muidne. Fuair mé carr agus thosaigh é a thiomáint. Tá fánán an-ghéar ag bealach amach an gharaiste, agus é cludaithe ag oighear agus sneachta. Ní raibh imní ormsa, áfach, mar nach raibh carr ar bith eile ann ar an mbóthar. Ní raibh ach sneachta agus oighear i ngach áit.
Ar an mbóthar amuigh sa dorchadas, ní raibh mé in ann an sliosbhóthar isteach don charrbhealach mór (Interstate a thugtar air i Chicago) a fheiceáil toisc go raibh na fógraí folaithe ag an sneachta. Thar éis fiche nóiméad dom a bheith ag tiomáint i gciorcail, chonaic mé an tslí suas agus thosaigh ar an mbealach go Milwaukee.
Thuit an sneachta go trom an bealach ar fad. Lean mé trucaileacha móra agus céachtaí sneachta le bheith in ann an bóthar a fheiceáil ar éigean agus a leanúint.
Sa deireadh, bhaineamar Milwaukee amach slán. Bhí na gardaí ina gcarranna ar taobh an bhóthair gach míle sa chathair. Chonaic mé 'Holiday Inn Wauwatosa' agus chas an carr isteach san áit pharcála. Chuaigh an carr i bhfostú sa sneachta ansin. Ach an mhaidin dar gcionn, tháinig beirt fhear mhór óga ghorma agus bhrú siad amach mé.
Ar an núacht ar an teilifís an mhaidin sin, chuala me go raibh tuairim is 800 - 1000 carr greamaithe ar an gcarrbhealach mór thar an oíche. Bhí an bóthar coiscithe ag dá thrucail nach raibh in ann dul suas thar cnoc beag.
Seo chugat a thuilleadh sonrai má tá suim agat iontu:
http://www.winonadailynews.com/articles/2008/02/08/wi/01wi0208.txt An bhfuil scéal geimhridh ag duine eile?