Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 209 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, February 09, 2008 - 08:56 am: | |
Bhí cruinniú ag dream ar a dtugtar Fondúireacht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le déanaí. Tá téacs léacht Dhonncha Uí Éallaithe ag an gcruinniú seo le leamh ar: http://anghaeltacht.net/ctg/080203fnag.html Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 815 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 11, 2008 - 03:34 pm: | |
An-suimiúil. Sílim go bhfuil béim ag an iris nua sin Nós* ar an óige, agus sílim freisin go bhfuil an dearcadh sin ag bord nua Fhoras na Gaeilge. Ach faraor, ní léann daoine óga na laethanta seo, pé teanga atá i gceist. Ceapaim féin go ndéanfar níos mó dul chun cinn dá dtabharfaí ríomhairí agus ceangal leis an idirlíon do gach Gaeilgeoir ná aon rud eile. Bhaileofaí lucht scaipthe na Gaeilge le chéile mar a dhéantar anseo. An bhfuil baint agatsa leis an eagras sin Fondúireacht na Gaeilge? Cad é do thuairisc ina leith? |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 211 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, February 20, 2008 - 12:22 pm: | |
Níl baint ar bith agam leis FnaG...bhí mé ag caint le Donncha agus bhí sé an tógtha leis an mbunsmaoineamh faoi chiste a chur le chéile, a bheadh neamhspléach ar an Stát, le tabhairt faoi thograí agus tionscnaimh mhóra, ar mhaithe leis an nGaeilge. Is maith an smaoineamh ríomhaire agus ceangailt leis an idirlíon ach faraoir cé go bhfuil sé éasca riomhairí fháil níl sé éasca an ceangail leis an idirlíon (leathan bhanda atá i gceist agam!) fháil sna ceantreacha Ghaeltachta...thóg sé breis is cúig mbliain ormsa a bheith ceangailte (féach http://anghaeltacht.net/bandaleathan chun an scéal 'fháil!!) Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 845 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 10:18 am: | |
In ainm Chroim, a Eoin, tuige nach gcuireann tú scéalta ar do láithreán sa mhéid gur féidir liom iad a bhaint anuas le léamh. Ní maith liom rilimintí a léamh ar scaileán. Is fiúntach a chuireann tú suas ach níl dul agam ar a léamh. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 219 Registered: 10-2004
| Posted on Friday, February 29, 2008 - 02:16 am: | |
Brón orm.. Ach is féidir an leathanach atá thuas agam a "phriontáil" comh maith! Tá seans ann go bhfuil an alt áirithe seo le h-íoslódáil ó shuíomh nua Foinse. Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 846 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, March 03, 2008 - 09:50 am: | |
Nár lige Dia thú, a Eoin. Bainfidh mé anuas é agus déanfaidh mé mo mharana air |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 848 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 05, 2008 - 05:18 am: | |
A Eoin, B'inspéise léacht Uí Eallaithe ceart go leor, cé nach údar dóchais go hiomlán na figiúirí ann. Ní féidir é a lochtú ach an oiread de dhroim na tuairime aige nach bhfuil cultúr déagóirí Gaeilge ann. Tuige a mbeadh: is mian le gach déagóir bheith ar a mhalairt dóigh agus a thuistí. Le teanga mionlaigh, teichfidh siad chuig an mórtheanga. Is trua nach bhfuil léamh socheolaíoch ag Donncha ar a mbíonn ag tarlú. Ar an láimh eile, is iomaí dea-threith le léamh ó na figiúirí agus sin bunshraith le tógáil air. Maith thú as an léacht a chur ar ár súile |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 09:03 am: | |
nil mo gaeilge an-mhait ach is aoibhinn liom gaeilge ach is fuath liom an cursai gaeilge.. ta ach seacht ag deanamh ard leibheil i mo scoil. go dti go teann mary hannafain agus na muinteorai gaeilge teacht le cheile plean nua shucru beidh gaeilge cailte.. ni do liom go bhfuil daoine oga sasta stair na gaeilge no danta a deanu nilimid ag caint foai na rudai sa la ata innui |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 08:39 pm: | |
Seo do sheans anois, a dhuine gan ainm. Téir go dtí an suíomh úd atá fógraithe sa bhfóram seo, www.nosmag.com chun blaiseadh a fháil den tsaol nua-aimsire. Seanfhear |
|