Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3396 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 20, 2007 - 05:43 pm: | |
Leabhar scolártha úr-nua dóibh siúd a bhfuil spéis acu i Rí Artúr agus in eachtraí ridirí an tábla chruinn: http://www.oxbowbooks.com/bookinfo.cfm/ID/62808//Location/DBBC Tá ard-mheas agam ar an údar, John Carey. Bainim an-taitneamh as cibé rud a scríobhann sé. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 754 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 09:15 am: | |
Sea, léigh mé giotaí as an scéal ceart go leor. Bhí Gaeilge a chur ar an scéal sa 13ú/14ú aois, más buan mo chuimhne |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 778 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 09:35 am: | |
"Sea, léigh mé giotaí as an scéal ceart go leor. Bhí Gaeilge a chur ar an scéal sa 13ú/14ú aois, más buan mo chuimhne" Bhuel, bhí tú an-óg ag an am... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 755 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 09:59 am: | |
Thug mé samhraidh i dteannta Sir Lamsalóid uair agus sinne ag marú dragan ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3401 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:22 am: | |
Sea, aistríodh leagan Béarla den scéal go Gaeilge sa chúigiú céad déag faoin teideal Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhth. Ach is éard a mhaíonnn Carey ná go bhfuil fréamhacha scéal Artúir le fáil sa lámhscríbhinn Cín Dromma Snechtai, .i. gur scéal Gaelach a bhí ann ó thús. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 757 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:24 am: | |
Á bhal, ní lia ollamh ná teoiric! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 780 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:26 am: | |
Cheap mé riamh gurbh ón mBreatain Bheag Artúr agus na scéalta faoi. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6700 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:30 am: | |
Bhí an Bhreatan mór tré chéile faoin Breatainaigh (seachas Alba) san ré úd. Ach is iomaí corr a chuir scéal Artúr de ó shin. Agus d'imir leaganacha tionchar ar a chéile. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3402 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:52 am: | |
Ba chóir dúinn -- nó duine againn -- leabhar Charey a léamh. Cuirfidh mé ar mo liosta é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 760 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 12:45 pm: | |
$30? Ró-dhaor domsa! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3406 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 05:42 pm: | |
£19.95 atá air sa Ríocht Aontaithe. Pé scéal é, ní mórán $30 na laethanta seo más euro nó sterling atá agat. Deirtear go bhfuil Nua-Eabhrac lán le siopadóirí Eorpacha faoi láthair! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3408 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 21, 2007 - 06:25 pm: | |
Gabh mo leithscéal: "lucht ceannaithe" a bhí i gceist agam. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 763 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, December 22, 2007 - 06:22 am: | |
Deir mo thaighde liom gur scríobh Robert de Boron "La Quete du Saint Graal" sa bhliain 1220, agus gur chuireadh leagan simplí Gaeilge ar fáil timpeall 1450: ach beidh mé ag léamh cuntas na scoláirí mar chuireann siad a scéal thuas anseo. "ní mórán $30 na laethanta seo ": Is mórán muna bhfuil sé agat ;-) Sea, laghdú luach an dolaer le hais airgeadraí eile faoi láthair is cúis leis an ráchairt seo . |
|