Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 602 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 06:34 am: | |
Táim ag iarraidh na "Dánta Grádha" a chnuasaigh Tomás Ó Rathallaigh a léamh ar na mallaibh. Taitníonn siad liom (cé go bhfuil focla anseo is ansiúd nach dtuigim.) Ach ba nós le cuid de na filí ainmneacha a gcéadghránna a chur i gceilt sna dánta, agus tá an fhiosracht do mo chiapadh! Seo thíos ceann de na tomhaiseanna céanna a bhfuil ag teip orm é a réiteach: "Coll is nion go nuaghloine, is dá choll ar n-a gceangal, ruis is coll go cruadhshnoighthe, ainm na mná so dom mhealladh. "Gibé bhias re síorthuigse, atá an sloinneadh re leanmhain mar ainm ar shruth fhíoruisge thiar isan Mumhain meadhraigh." Is dóichí ná a mhalairt gurb é "Ní Laoi" ba shloinne don ainnir - ach maidir leis an rann eile de, táim nach mór caillte. Déanaim talamh slán de go mbaineann sé leis an oghamchraobh: coll = C nion = N ruis = R Glacaim leis freisin nach bhfuil aon tábhacht leis an "nuaghloine" (= "nuaghlan"?) ná leis an "cruadhshnoighthe" ach amháin ar son na meadarachta. Nílim chomh cinnte céanna faoin dá choll a bheith "ar n-a gceangal" áfach - an dóigh gur cur síos ar chruth litreach eile atá ann? Ach ní mé cén litir í féin más ea. C-N-?-R-C ...sin má luaitear san ord ceart iad sa dán ar aon chor, rud nach eol dúinn ar ndóigh. Tuairimí ar bith ag éinne? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 95 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 07:37 am: | |
Nílim chomh cinnte céanna faoin dá choll a bheith "ar n-a gceangal" áfach - an dóigh gur cur síos ar chruth litreach eile atá ann? Ach ní mé cén litir í féin más ea. .... Tharlaíodh cc = g go minic. C Ní (cC=)G r c? Agus 'Nuala' as nuaghloine? Ní Mheadhra as meadhraigh? (Sruth fíoruisge = uisce beatha / meadh) |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 96 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 07:39 am: | |
Nic Con Mara; Uisce ina dheireadh sin chomh maith. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 97 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 07:42 am: | |
Más Fionnuala Nic Con Mara atá i gceist, cuirfidh mé spéis ar leith sa dán mar tá spéis ar leith agam inti sin. Bhí sí i ndán eile den chineál ceann faoi thom sin. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 604 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 09:09 am: | |
Hmm... ní thabharfainn féin "sruth" ar an muir, ach b'fhéidir é. Is maith liom an "c C" ann, ar aon nós. Cuirfidh mé an dán uilig suas anseo nuair a ghabhfas mé abhaile anocht mar sin. Ní cuimhin liom anois ach b'fhéidir go mbeadh leid eile ann (dath a foilt, cuirim i gcás) a thacódh leis an tuairim s'agatsa. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 676 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 10:21 am: | |
Á! Nach trua nach raibh mé i mo scoláire riamh! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6458 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 10:44 am: | |
Narbh ea? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 677 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 10:59 am: | |
Creid é nó fág i do dhiaidh é ! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6460 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 01:12 pm: | |
Chuige seo atá mé: ní gá freastal ar Ollscoil le bheith i do scoláire. Ná ní hionann freastal ar Ollscoil agus bheith i do scoláire! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 100 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 01:37 pm: | |
An ollscolaíocht, ní i ngar ná i ngaobhar é don scoláireacht an chuid is mó den lá. Creid uaim é. Comhartha sóirt na scoláireachta is ea an té sin nach mbíonn cláraithe ar aon chúrsa a fheiceáil ag crochadh thart is é i ngleic leabhair. D'fheicinn é sin 20 bliain ó shin, go minic. Ina áit sin anois, feicim scoláirí óga buartha faoi ghruaim ag seachtain a deich sa timpeall ar na saolta seo. 'Dreach sheachtain a deich' is féidir a thabhairt uirthi. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 606 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 02:27 pm: | |
A bhean na gcíoch gcórrsholas, noch do chonnarc ó chianaibh, mo bheith ag coill th'óghachta badh aoibhne leam 'ná iarlacht. Mairg do nocht im ghoire-se th'ucht is do chíocha corra; mó do threaghd mo chroidhe-se mar do fhéachamar ortha. A Dhé, is beag dom dhonas-sa i measg an tighe uile féachain ar th'ucht solas-sa ré ndul dom leabaidh luighe. Níor chollas uair d'éanoíche, ó tharla mh'aire ar th'fhéachain, gan osna nó éagcaoine fád cheann-sa, a dhreach dhéadla. Mé d'fhéachain ar th'aolucht-sa -- truagh nár dalladh mé ruimh; mór do ghearr dom shaoghal-sa féachain an ochta gil-se. Ní tug cú dá céadchuaine, ná lacha do linn uisge, ná bean d'fhear na héanuaire oiread mo ghrádha dhuitse. Bím le hiomad t'ionmhaine ag tuile bhróin dom báthadh; mh'fhortacht, a chúl fionnbhuidhe, ní thiocfa do shíol Ádhaimh. Mar bhím gan do radharc-sa, ní fhuilngim bheith it éagmhais; bheith trian uaire it amharc-sa ní fhéadaim, a shaor shéaghain. Mo chroidhe do roghortaigh méad mo ghráidh dod dhreich gcoimhthe dóthain phrionnsa d'osnadhaigh do-géabhthar uaim gach n-oidhche. Bím ag iarraidh uaigneasa mar fhortacht mór dom aigneadh; do bheith ort ag smuainteaghadh ní fhéadaim cách do chaidreamh. Ní chreidim uaidh aonluighe, gé madh eólach é ortsa, domh dá ndearbhadh aonduine nách tú is áille san domhan. Ni chreidfinn ó phríomhfháidhibh go dtáinig do shíol Ádhaimh aonainnir ba fíoráille ná thusa, a throigh bhántais. Go ríomhthar na réaltana, nó drúcht ar féar faichthe, trian mo ghrádha éagmhaise go brách ní fhéadfainn d'aithris. Snámh i n-aghaidh tréantuile, nó is cur gaid um ghainimh, cur rem leigheas d'éanduine ón toil don mhnaoi do radas. Nách nár don mhnaoi shéaghain-se bheith dom mhealladh gan adhbhar 's nár mheallas féin éanduine do mhnáibh ná d'fhearaibh talmhan. Mar táim d'éis a grádhaighthe, uaidh muna fhaghar fortacht, deimhin damh go háirithe go dtiocfa dhe mo dhochar. Coll is nion go nuaghloine, is dá choll ar n-a gceangal, ruis is coll go cruadhshnoighthe, ainm na mná so dom mhealladh. Gibé bhias re síorthuigse, atá an sloinneadh re leanmhain mar ainm ar shruth fhíoruisge thiar isan Mumhain meadhraigh. Bean do-ní mo dhochar-sa ó nach lamhaim a guidhe, mé d'fhortacht ón rothoil-se sirim ar Oighre Muire. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 678 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 13, 2007 - 08:33 am: | |
A leithéid de shearc!!! An fear bocht cráite! |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 05:56 pm: | |
A Aonghuis Vis-à-vis “Ní gá freastal ar Ollscoil…ní hionann freastal ar Ollscoil agus bheith i do scoláire…”…dhéarfainn go bhfuil tú oilte ar ghnóthai na scine, abair…magairlí a bhaint de dhuine(murúch fir é, b’fhéidir!!) go cleasach!!! Scig! Scig!! |
|