Má aontaíonn tú leis an achaine seo téir ag:
http://www.petitiononline.com/cosain7/petition.html ============================================
Chuig: Páirtí an Lucht Oibre (English version below)
Tá bille á bhrú ag Urlabhraí na Gaeilge i bPáirtí an Lucht Oibre chun scrúdú béil agus riachtanas Ghaeilge do dhlíodóirí a chur ar ceal.
Iarrann na daoine thíosluaite ar Pháirtí an Lucht Oibre a aithint
1. Go ndéanfaidh an bille seo dochar do stádas agus d'úsáid na Gaeilge go ginearálta, agus go háirithe do stádas na Gaeilge sa chóras dlí.
2. Go mbeidh sé dodhéanta ag cainteoirí Gaeilge a gcearta a fháil i gcúirteanna na tíre seo, ma ghlactar leis an mbille seo.
3. Gur chóir go mbeadh cásanna agus seirbhísí Ghaeilge á dtairiscint i ngach cúirt sa tír, chun comhionannas a thabhairt do chainteoirí Gaeilge, seachas a bheith ag moladh go mbainfí cearta uathu.
4. Go mbeidh bagairt ar chearta Bunreachtúla na Gaeilge i gceist leis an mbille seo, ós í an Ghaeilge ár gcéad teanga náisiúnta. Beidh impleachtaí ann chomh maith do stádas na Gaeilge san Eoraip, áit a bhfuil éileamh ar dhlíodóirí le Gaeilge.
5. Go mbeidh impleachtaí ann freisin do neamhspleáchais na tíre. Má chuirtear an scrúdú béil Ghaeilge ar ceal, agus riachtanais na Gaeilge do dhlíodóirí na tíre seo, beidh ár gcóras dlí in ann sleamhnú isteach faoi chóras dlí Shasana arís, mar a bhí roimh 1921. Is ait an bille é seo ag teacht ó pháirtí atá ag maíomh go leanann siad Séamuis O Conghaile, agus go seasann siad do chosmhuintir na hÉireann agus do mhuintir na Gaeltachta.
Iarrann muid ar Pháirtí an Lucht Oibre an bhille seo a tharraingt siar.