Catherine Curtin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 01, 2007 - 12:56 pm: | |
Ar chuala sibh riamh faoin "Comhrá Gaeilge," atá á eagrú ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann? Is eol do chách gur eagraíocht den scoth don cheol traidisiúnta í Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ach níl a fhios ag a lán daoine go bhfuil sí mar aidhm acu: "An teanga Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú gan teip" freisin. Cúpla bliain ó shin, fuaireas amach go bhfuil comórtas Gaeilge iontach á eagrú ag CCÉ mar chuid de na Fleadhanna Cheoil- an Comhrá Gaeilge. Is mór an trua nach bhfuil níos mó airde ar an gcomórtas, im'thuairimse,mar is comórtas fíor-thaitneamhach é. Tá cúig aois-ghrúpa sa chomórtas- fé 9, fé 11,fé 13, fé 15 agus fé 18. (Ar mhí ámharaí an tsaoil, ní comórtas do dhaoine fásta atá i gceist)! Agus, ar ndóigh, tá an caighdeán sa chomórtas bunaithe ar an aois-ghrúpa atá i gceist. Caitheann na hiomaitheoirí caint futhú féin, agus tá 55 marc ar fáil bunaithe ar an líofacht, an fóclóir agus an cruinneas a léirítear sa chomhrá sin. Ina dhiaidh sin, cuireann na moltóirí ceisteanna orthu mar gheall ar na heagraíochtaí Gaelacha difriúla atá ar an bhfód. Cuireann siad ceisteanna ar pháistí faoi 9 mar gheall ar Chomhaltas. Bítear ag tnúth le heolas faoi Chomhaltas agus faoin gCumann Lúthchleas Gael ag iomaitheoirí faoi 11 agus faoi 13. Ansin, bíonn dúshlán mór ag na hiomaitheoirí faoi 15 agus 18, toisc go mbítear ag súil go mbeidh eolas acu ar Comhaltas, an Cumann Lúthchleas Gael, Conradh na Gaeilge, RnaG, TG4 agus Údarás na Gaeltachta. (25 marc ar fáil don roinnt sin.) Agus, sa deireadh, caitheann na hiomaitheoirí dán a ra nó scéal a insint do na moltóirí (le 20 marc ar fáil). Is comórtas fíor-thaitneamhach atá i gceist- molaim go hard é. Ghlac mé páirt dhá bhliain ó shin (táimse ró-shean anois!) agus nílimse in ann cur síos cothrom a dhéanamh ar an méid taitnimh a bhain mé as. Is comórtas iontach é chun féin-mhuinín a thabhairt duit féin, agus braitheann tú i bhfad níos compórdach ag caint Gaeilge ina dhiaidh freisin. An rud is fearr áfach (bhuel, im'thuairimse ar aon nós!)á go bhfaighidh na cáilitheoirí ag an bhFleadh Cúige) scoláireacht chuig an Scoil Éigse i rith na seachtaine roimh Fleadh Cheoil na hÉireann. Chuaigh mé ann- bhuail mé le cairde nua agus bhíos ag foghlaim Gaeilge ag an am céanna. Bhí sé go hiontach. Bhuel, sin an méid atá le rá agam, agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ag glacadh páirt sa agus ag baint taitnimh as an gcomórtas sa todhchaí. |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 729 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, October 01, 2007 - 01:42 pm: | |
Maith thú. Má scríobhann duine alt suntasach faoi do Lá Nua nó fiú Beo, beidh a fhios ag níos mó daoine go bhfuil an comórtas seo ar siúl. Agus cén fáth nach mbeadh tusa á scríobh? |