Author |
Message |
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 68 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 07:02 am: | |
Tá toghchán Seanad Éireann faoi lánseol faoi láthair. Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag seasamh ar phainéal Ollscoil na hÉireann. Tá ardán láidir polasaithe ag Dáithí: féach www.daithi1.ie. Seoltar páipéir bhallóide tríd an bpost chuig céimithe na hOllscoile náisiúnta. Ní mór iad a bheith ar ais roimh mheánlae an 24ú Iúil. Iarraim ort tacú le Dáithí agus an scéal a scaipeadh. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 171 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 08:14 am: | |
Conas is féidir liom vótáil don Seanad Éireann? táim cláraithe don olltoghchán agus is iarchéimí mé, 'bhfuilim ródhéanach? |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 70 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 08:52 am: | |
An bhfuil tú cláraithe do thoghcháin an tSeanaid? Is féidir a fháil amach trí ghlaoch a chur ar 01 4392424 nó trí ríomhphost a chur chuig . Tá seans réalaíoch ag Dáithí agus má éiríonn leis a shuíochán a bhaint amach is i nGaeilge amháin a bheidh sé ag caint. Beidh sé ann chun leasa na Gaeilge. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1158 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, June 22, 2007 - 09:37 am: | |
Fear mór. Go n-éirí an bóthar leis! Dála an scéil, cathain a bheidh an toghchán? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 72 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, June 25, 2007 - 05:39 am: | |
Cuireadh na páipéir bhallóide amach an tseachtain seo caite, a Dhomhnaill. Tá thart fá thrí seachtaine acu siúd a bhfuil vóta acu an vóta a chur ar ais. Déarfainn go bhfuil seans maith aige. Dá bhrí sin, má tá aithne agat ar dhuine ar bith a bhfuil vóta acu tabhair moladh maith dó. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1160 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, June 25, 2007 - 06:22 am: | |
Déanfad sin! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Laethanta Saoire (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 06:00 am: | |
Tá m'urlár dubh le litreachaí na Seanaide, agus níl aon pointe leo! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5755 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 28, 2007 - 08:34 am: | |
Fuair mé litir i nGaeilge ó Brendan Ryan, bunaithe ar m'ainm agus seoladh a bheith i nGaeilge ar clár na dtoghtóirí. Is cosúil go dtuigeann seisean go mbeidh tabhacht le vóta na gaeilgeoirí.... |
|