Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 341 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 03:00 pm: | |
Beidh mé ag freastal ar scoil samhraidh san Iorua an tseachtain seo chugainn, agus tá mé ag iarraidh leabhar nó dhó a fháil le haghaidh na heitilte. Bhí mé ag ceapadh go dtabharfainn "Stair na Gaeilge" liom agus go léifinn cúpla caibidil eile ann - tá mé ag baint idir taitneamh is tairbhe as - ach tá sé ró-throm ar fad le bheith i mo mhála liom gach áit. Moltaí ag éinne dom? Is cuma faoin leibhéal Gaeilge - ní scanraíonn canúnachas mé, agus ní gá dom chuile fhocal a thuiscint nó millfear pléisiúr na léitheoireachta go huile is go hiomlán orm. Cheap mé go raibh "Fontenoy" le Liam Mac Cóil thar a bheith maith. Níor thaitin "An Dochtúir Áthas" leis an údar céanna chomh mór sin liom - d'airigh mé go raibh cleasanna á ndéanamh ar an iomarca leibhéal agus gur theip orm ciall a bhaint astu uilig. (Ar ndóigh, is dócha gurb 'in an pointe! Ach níor thaitin sé ró-mhór liom.) Bhain mé sult as "An tOileánach" ach cheap mé go raibh sé an-tur in áiteanna. Dá mba i mBéarla é is é an chaoi go scimeálfainn na codanna sin, ach níl sin ar mo chumas i nGaeilge. Ba bhreá liom "Cré na Cille". Ba bhreá liom "An Béal Bocht." Bhain mé sult as "Mo Bhealach Féin." Tá dea-rudaí cloiste agam faoi "Rotha Mór an tSaoil" ach níor léigh mé é fós. Níor thug mé faoi "Peig" riamh ach oiread. An chéad uair a bhfaca mé é, bhí sé i bhfad ró-dheacair dom. Ní bheadh anois, is dócha. Níor mhiste liom é a léamh uair eicínt dá mbeadh a fhios agam gurbh fhiú a léamh é - ach bíonn daoine ag síorchaitheamh anuas air. Agus tá an iomad dea-leabhar eile sa leabharlann freisin! Sin an fáth a bhfuilim ag iarraidh comhairle oraibhse. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5587 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 11, 2007 - 04:36 pm: | |
Cuireann Maidhc Dainín Ó Sé léitheoireacht breá éadrom ar fáil. Is fada ó léigh mé Peig - ní fhaigheann sí cothrom na Féinne de bharr go bhfuil an leabhar ar an gcúrsa Ardteiste le cuimhne na gcat. Ach tá machnamh seanmhná agam, agus thaitin sé go mór liom. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 630 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 04:52 pm: | |
An fhadhb is mó an bhíonn ann maidir le Peig ná nach mbíonn an leabhar ina iomlán ar fáil. Faigh an ceann gan aon phíosa de ar lár, agus bainfaidh tú an-taitneamh as. An scéal céanna maidir le Séadna. Is mór an trua nach mbíonn ach eagráin thruaillithe ar fáil díobh. Ba mhaith liom Rotha Mór an tSaoil, ach amháin an deireadh de. Agus molaim Caisleáin Óir, más maith leat rud as canúint Ulaidh a léamh. Mura bhfuil Fiche Bliain ag Fás léite agat, ba chóir duit sin a léamh gan teip. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3074 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 09:36 pm: | |
quote:tá mé ag iarraidh leabhar nó dhó a fháil le haghaidh na heitilte. Is maith liomsa seanscéalta Gaelacha a léamh i dteanga an lae inniu. Tá Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill (fear an fhoclóra) ar fheabhas. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1942. Tháinig an dara heagrán amach i 1996, agus cuireadh athchló air i 2003. Is é Darach Ó Scolaí (údar Cosa Nite) a scríobh an leagan nua de Feis Tigh Chonáin, a nocht sa bhliain 1999. Scéal Fiannaíochta eile is ea é, fada go leor le bheith ina leabhar gairid (94 leathanach) leis féin. Níl a fhios agam, áfach, an mbeidh deis agat ceachtar acu seo a fháil roimh do thuras. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 344 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 12, 2007 - 11:15 pm: | |
Go raibh maith agaibh uilig! Caithfidh mé súil a thabhairt orthu seo nuair a bheas mé sa leabharlann amárach. Dennis, tá an dá leabhar a mhol tú sa leabharlann againn, ach is cosúil go bhfuil "Seanchas na Féinne" faighte ag duine eile faoi láthair. Ach cuirfidh mé ar mo ghearrliosta é don chéad uair eile! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 151 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, June 13, 2007 - 04:27 am: | |
"Is maith liomsa seanscéalta Gaelacha a léamh i dteanga an lae inniu. Tá Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill (fear an fhoclóra) ar fheabhas. Foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1942. Tháinig an dara heagrán amach i 1996, agus cuireadh athchló air i 2003." Sílim go mbeadh suim agam sa leabhar sin, tá súil agam go bhfuil fós ar fáil. gura míle Dennis |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1133 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 12:01 pm: | |
An Béal bocht le Flann O Brien Níor léigh mé féin é go fóill ach chuala mé go bhfuil sé go hiontach! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 346 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, June 14, 2007 - 02:09 pm: | |
Tá sé léite agam. Beidh tú sna trithí gáire! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1135 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, June 15, 2007 - 10:17 am: | |
Oh tá go maith mar sin ;) Bead thíos i mBÁC an8 's amárach, an mbéinn in ann teacht air in easons an dóigh libh nó cén áit? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 188 Registered: 10-2004
| Posted on Sunday, June 17, 2007 - 11:46 am: | |
Leabhar an-mhaith é "An Tionscadal" le Tomás MacSíomóin. Tá sé suite sa Chatalóin agus thaitn sé go mór liom. Foilsithe ag Coiscéim 2007) Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 633 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 09:47 am: | |
Tá an Béal Bocht go hiontach, agus mura mbíonn sé ar fáil in aon siopa mór leabhar in Éirinn, beidh díomá orm (arís). |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 160 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, June 18, 2007 - 09:56 am: | |
tá sé ar fáil |
|
Grg (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, July 01, 2007 - 04:41 am: | |
Céad is bri i: "tá mé ag baint idir taitneamh is tairbhe as"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5788 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 01, 2007 - 07:05 am: | |
tairbhe [ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh] sochar, maith, luach (bain tairbhe as; rud gan tairbhe). taitneamh [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] lonradh, soilsiú, dealramh (an ghrian ag taitneamh); sult, sásamh aigne (bhain sé taitneamh as; níor thaitin sé leis). ag baint idir X ags Y as : ag baint an dá rud as. |
|