Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 08:40 am: | |
Tá carnán mór leabhar bailithe agam, agus ceal spáis, ba mhaith liom cuid acu a dhíol. Arbh fhearr dom iad a dhíol ar ebay, nó iad a dhíol chuig litriocht.com, más féidir. Cad é an dóigh is fearr, dar libh? GRMA. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 310 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 09:31 am: | |
Aon seans go thairiseofá anseo iad? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1055 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 09:32 am: | |
Bheadh spéis agamsa ann.. Ní dóigh liom go nglacfadh litríocht leo A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 296 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 10:43 am: | |
Agamsa freisin. Cén sórt leabhra iad? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 11:30 am: | |
Seo chugaibh na cinn ar mhaith liom a dhíol: Cóta Bán Chríost - dráma le Críostóir Ó Floinn- - ar fheabhas Gort na Mara agus scéalta eile - Seán Mac Cumhaill Na Scríbhinní Liteartha le Pádraig Mac Piarais, Séamas Ó Buachalla. An Bealach 'na Bhaile, Cathal Ó Searcaigh. (Cnuasch 39 dán) New Irish Grammar by the Christian Brothers Gaoth an Fhocail, Breandán Ó Doibhlin. Tá seo ar na leabhair is mó úsáid agam, tá mé á dhíol ó tharla go bhfuil dhá chóip agam. Stairsheanchas Ghaoth Dobhair, Cáit Nic Giolla Bhríde. Adios, Tarlach Ó hUid, úrscéal an-suimiúil ar fad. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 297 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 12:15 pm: | |
Glaoimse ar "Gaoth an Fhocail"! Níor mhiste liom "Gort na Mara" agus scríbhinní an Phiarsaigh a cheannach uait ach oiread, ach r-phost a chur chugam leis an méid atá tú ag iarraidh orthu. (Ar ndóigh, má tá aon spéis ag Fearn nó Domhnall sna leabhra céanna sin géillfidh mé dóibhsean, mar is iad is túisce a d'fhreagair thú.) Rinne mé dearmad ar mo sheoladh r-phost a chur ar fáil. Seo é mar sin: (Message edited by Abigail on May 16, 2007) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 312 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 04:51 am: | |
B'fhearr liom na táillí a bheith luaite agus meastachán postais is pacáiste. |
|