Author |
Message |
Gaeilgeoir
Member Username: Gaeilgeoir
Post Number: 11 Registered: 04-2005
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 12:10 pm: | |
Lá amháin, bhí fear ag siúil trasna na sléibhte nuair a tháinig tart air. Stad sé in aice le sruthán. Ó nach raibh buideal ná rud ar bith eile aige, rinne sé cupán lena lámh agus thosaigh sé ag ól an uisce as an tsruthán. Ag an am chéanna, bhí feirmeoir beag ag teacht anuas ón chnoc lena chuid chaoraigh. Chonaic an feirmeoir beag an fear eile agus ghlaoigh sé “Hóigh! Ná hól an t-uisce sin, níl sé glan.” Thóg an fear eile a cheann ach ní raibh sé á chluinstin go ceart agus chuaigh sé ar aghaidh leis an uisce ól. Shiúil an feirmeoir go socair i dtreo an fhir eile agus scairt sé arís “Ná hól an t-uisce sin, tá sé iontach salach.” Ach níor thug an fear eile aird dó. Ansin, shiúil an feirmeoir díreach chuige agus ars seisean “Níorbh chóir duit a bheith ag ól an uisce sin ar chor ar bith, nach bhfuil fhios agat go ndéanann na caoraigh an cuid chaic sa tsruthán thuas ar mullach an chnuic ?” “I’m dreadfully sorry my good man, I couldn’t understand a word you said” ars’ an fear eile, agus blas fíneáil Sasanach ina ghlóir. "Oh I see" ars’ an feirmeoir, "I was just saying, erm……… if you use both hands you can get more in..." Aithnítear cara i gcruatán. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 12:27 pm: | |
NíL Sé SIN COTHRAMACH AR CHOR AR BITH, AGUS NA CAINTEANNA SA TUAISCEART AG DUL AR AGHAIDH......... Tá AN Lá SIN THART ANOIS! FéACH AR AGHAIDH, Ná FéACH SIAR! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 918 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, April 02, 2007 - 12:33 pm: | |
An-mhaith ar fad.. ^ Druid siar céim, níl an saol chomh dáiríre sin! ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 244 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 06:50 am: | |
Scéal maith ach rud beag claonchiníoch! |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, April 07, 2007 - 07:39 pm: | |
Tiens a chara! I mbaile i bhfad siar, níor chuireadh “ceart go polaitiúil” mar ualach ar fheirmeoir ó dhúchas!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 249 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 24, 2007 - 09:24 am: | |
Ní bhíonn claonchiníochas ceart riamh. Ní bhaineann polaitíocht leis. |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, April 26, 2007 - 11:25 pm: | |
I mbaile i bhfad siar a gcomhraiceann na teangacha-Gaeilge agus Béarla—Tá! Tá! –Bhain,baineann, agus bainfidh polaitíocht leis…!...buíochas le Rí Shasana, Anraí V111!! Mar eolas duit a fheirmora ó dhúchas, tá ráiteachas “Striapach cheannmhosach” mícheart go polaitiúil ar na saolta seo!!! I gcuntas Dé!?! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 263 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, April 27, 2007 - 06:46 am: | |
Joselito, estas loco de atar. ;-) !Nada de eso! |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, April 28, 2007 - 06:18 pm: | |
!Vaya!Por estárme loco hoy,no me volveré insano mañana! Mura mbeinn as mo mheabhair anseo inniu, rachainn as mo chiall amárach! Tiens! B’mhinic a d’éirigh Fios Feasa as gealtacht ghlan! !Qué te vaya bien! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 560 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, April 29, 2007 - 05:01 pm: | |
Ach cár chuir sé faoi, sin an cheist, a dhuine feasach. |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 01, 2007 - 04:51 pm: | |
Bhí Einstein ar mire…ach d’aimsigh sé Teoiric na Coibhneasachta/Cothromóidí Chomhathraitheacha, agus an Teoiric Adamhach agus araile…ach níor raibh féidir leis ‘ceadúnas tiomána’ a fháil i Nua-Gheirsí!!! Bhí na filí na hÉireann ar buile…ach baintear beaucoup Fios Feasa as a gcuid dánta…agus tá ‘File ar buile’eile(comhaimseartha!!) ar siúl…ach sin é scéal eile!! Agus mise féin…Táimse ar buile, cinnte!...ag scríobh seafóide go leor…ach baintear beaucoup Fios Feasa as mo chuid rámhaille, nach ea!?! An té nach bhfuil acmhainn grinn agus croí éadrom aige, Ní mhairfidh sé i bhfad!! Le meas, |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 277 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 02, 2007 - 05:12 am: | |
"acmhainn grinn agus croí éadrom"? An é sin an Ghaeilge ar bheith as do mheabhair? le dea-mheas... Bhí Einstein ar mire? Inis dúinn faoi. |
|
Gaeilgeoir
Member Username: Gaeilgeoir
Post Number: 12 Registered: 04-2005
| Posted on Wednesday, May 02, 2007 - 01:52 pm: | |
Bhabh...'sé iontach a fheiceáil chomh fhad a théann an chomhrá tar éis scéal grinn amháin nuair nach raibh ach píosa tongue in cheek ann... Ach aontaím leat, a Joselito; spot on. Seo é an chéad uair a bhuail mé le Gaeilgeoir Laidineach; Cé as thú? :-) (i gcónaí)Le meas, Maidhc Aithnítear cara i gcruatán. |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 03, 2007 - 06:46 pm: | |
An dá chúram a dhéanamh in éineacht: Admhaím é…Bhí mo theanga ina leathphluc agam;áfach, bhí Einstein gan sméaróid i ndiaidh na gcailíní óg! Sa bhliain 1919, dhealaigh sé uaithi-Mileva Maric-agus phós sé ag Elsa Lowenthal, a chol ceathrar!! Idir mise agus Einstein-Tá cosúlacht againn le chéile: Deich n-uaire gach oíche a chaitheamh go sámh i gcnap codlata gan bhuaireamh!! Sin é an rún chun ‘Iontais na Cruinne’ a bheartú go soiléir!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 281 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 04, 2007 - 10:50 am: | |
tongue in cheek = inchinn ar strae ? ;-) |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 05, 2007 - 05:03 pm: | |
Tongue in cheek=inchinn ar strae?? A’bhfuil tú chugam anseo …maidir liom féin!??Scig!! Alors!Is beag dá strae atá ort, a chara…tusa i do mháistir leis…Ni thuairimíonn tú gan a bheith do theanga ina leathphluc agat!! Is olc an óinseach atá ag aoir ar an amadán!! Scig!Scig! !Qué te vaya bien! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 282 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 07:12 am: | |
Bhal, shíl mé gur Tongue in Cheeky Girls, dia idir sin is an tubaiste, a bhí ionat. Sé sin ghur thit tú le Slip of the Tongue agus gur baineadh Tongue Twist asat. Agus i do leith fhéin, a Joselito, Forked Tongue atá agat, is dócha. Tongues of Fire a scread an Cincíseach, nach agatsa atá an Cheek ;-) |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 09, 2007 - 08:42 pm: | |
GRMA a Shaoi as do mholadh ó na fiacla amach a rinne tú ormsa anseo!! Scig!! Cuid iontais is mó!...-Theip ort “Tongue in Cheeky Girls” a scríobh i nGaeilge!! ? Mar sin-Aríst i nGaeilge led’thoil a Shaoi! Ba mhaith liom ráiteachas anghrách mar seo a fhoghlaim!! Go maire i bhfad las señoritas descaradas!! Is mise, |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 284 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 10, 2007 - 07:04 am: | |
!...-Theip ort “Tongue in Cheeky Girls” a scríobh i nGaeilge!! ??????????? Níl Gaeilge ag na Cheeky Girls go bhfios dom, cé gur thug Seáinín Mhicilín Mhachmaid an leabhar gur thug cheeky girl leadhb a teangasa dó ar chúl tigh Mháirín na Bolgaigh Francaigh, lá na rásaí trá anuraidh. Tongue nó Tongueacha eile atá acu. ;-) Is annamh a thagann teip roimh iarracht ;-) |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 11, 2007 - 08:17 pm: | |
Is annamh lá nach bhfeicim ‘girseach shoibealta’ go leor faoi shiúl ar an trá anseo!! Cá bhfuil tú i do chónaí, a chara!??- An Fhionlainn?? Sin é an fáth, measaim, nach bhfuil ‘girseach shoibealta’ i do ghluais na Gaeilge agat!! Áfach, tá Gaeilge go maith agat, vis-à-vis ‘ag leamhaireacht/ag fóideoireacht, agus ag teacht thart ar an scéal’! Abair- Is deacair freagra díreach a thabhairt fad a bhíonn do theanga ina leathphluc agat!!! !Níl aon teip ort ach é!!! Ceartúcháin led’thoil, Scig!! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 301 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, May 14, 2007 - 07:44 am: | |
"Is deacair freagra díreach a thabhairt fad a bhíonn do theanga ina leathphluc agat!!! " Mar a dúirt an tseanbhean agus í ag ól a cuid píoba: "Ní raibh ball díreach i mo chorp riamh", agus is ise a thug a scairt gháirí. Dheara, a mhac, i bhfad uaim dailíní de ghirseachaí. bíonn mná níos deise ann ;-) |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 15, 2007 - 12:50 am: | |
A Shaoi mio-Ná lig do chiall dul sa fhraoch ort!! Fainic ‘mná níos deise’ atá tú a iarraidh! Is minic a thagann fraoch feirge orthu! …agus ní spárálann mná fraoigh ar an bhfraoch!!...ná ar an bhfraeic teanga…lena chois!! Dtig!?? Téad dhéanta! No más! !Qué te vaya bien! Is mise, |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 307 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, May 15, 2007 - 05:42 am: | |
A Joselito, Nárbh fhada go gcuirfeá an poc mhearaidh seo uait! !Vay con Dios! |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 16, 2007 - 05:10 pm: | |
Beag an baol a Shaoi!! Tá ‘poc mearaidh’ fite fuaite ionam…le ceart cine!...Éireannach ó dhúchas is mise!! Caoineadh: You think it horrible that lust and rage Should dance attention upon my old age; They were not such a plague when I was young; What else have I to spur me into song?** !Sin é an scéal! !No hay que decir nada más!! **”The Spur” le Willie, 1938 |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 314 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 05:08 am: | |
" Cá bhfuil tú i do chónaí, a chara!??- An Fhionlainn??" Chuir mé ceist ar mo shin shin shean mháthair an raibh mé i mo chónaí san Fhionnlainn. Dúirt sí liom gan a chur isteach uirthise ar a dara bhuidéal bhodca riamh; ansin bhris sí an chéad bhuideál ar mo chloigeann is bhagair sí orm ciall a bheith agam. Nuair a thosnaigh sámhas na dí ag gabbháil luastuas di, mhínigh sí dom go raibh tír ann ina raibh an ghealach ar an spéir i gcónaí, sin An Ghailíl; go raibh tír ann ina raibh an ghrian ar an spéir i gcónaí i rith an lae, sin An Ghraonlainn; agus go bhfuil tír níos faide siar ina bhfuintear an ghrian agus a mbíonn an Gall Fionn ina chónaí ann, sin An Fhionnlainn. Ach monuar, chaill sí a haithne is a hurlabhra sula thug sí ár seoladh poist dom ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 601 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 11:14 am: | |
Cogar - féach lasmuigh den doras, an bhfuil comharthar ar an teach. Nó ar chlúdach litreach ar bith a bhfaighfear sa teach céanna... Níl mé cinnte fiú gur 'fearner' é, a Joselito. ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 315 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 17, 2007 - 11:39 am: | |
Tá mé ró ghnóthach ag cur athrú clúidín ar mo shin shin shean mháthair . Anois an uain chuige ;-) |
|