Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 234 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 28, 2007 - 08:08 am: | |
"Bhfuil fhios agat," arsa Nuala, "má sheasaim sa doras agus féachaint díreach ar aghaidh m'fhear chéile, bíonn fhios agam a bhfuil sé ag inse bréaga?" "Conas san?" d'fhiafraigh mé. "Má tá a bheola ar bogadh, tá sé ag inse bréaga!" |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 313 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, March 28, 2007 - 06:57 pm: | |
Chuir sin scéal i gcuimhne dom. Roinnt bliana ó shin, bhí córas stealladóra uathoibríoch againn amuigh ar an bhfaiche. Is maith le m'fhear faiche dheas ghlas. Ar an lámh eile, toisc gur mise an té a lomann an féar, b'fhearr liomsa i bhfad faiche ghearr dhonn. Bhí comhrá eadrainn, agus d'aontaigh m'fhear liom faoin stealladóir. Gheall sé dom nach gcuirfí ar bun é. Go luath i ndiaidh sin, thart ar an meánoíche, chuala mé uisce á stealladh amuigh. Bhreathnaigh amach tríd an bhfuinneoig sa dorchadas agus chonaic uisce ar an talamh. An oíche dar gcionn, chuala mé uisce á stealladh arís ag an meánoíche. Bhreathnaigh amach arís agus chonaic an stealladóir ag spré uisce i ngach áit ar an bhfaiche. Cheap mé gur inis sé bréag dom, agus d'ísligh mo chroí le brón. An chéad lá eile, chuaigh mé ag caint leis. Bhí comhrá an-aisteach eadrainn. Mheas mise go raibh sé ag insint bréag dom, agus mheas seisean go ndeachaigh mé as mo chiall. Tharla go raibh easpa leictreachais i lár na hoíche, agus chuir sin amadóir an stealladóra ar bun ag an meánoíche. Níor inis sé bréag dom. Ní raibh mé ag dul as mo chiall. Tá sé rí-dheacair comhrá réasúnta intuigthe a fháil idir bean is fear atá pósta le chéile. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 236 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, March 29, 2007 - 06:53 am: | |
"...Níor inis sé bréag dom. Ní raibh mé ag dul as mo chiall. Tá sé rí-dheacair comhrá réasúnta intuigthe a fháil idir bean is fear atá pósta le chéile." Is fíor dhuit, a Liz: agus sna abairtí thuas tá an fhadhb is a réiteach go paiteanta agat |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, April 03, 2007 - 03:20 pm: | |
Fearn Re:Scéilín.28 Mar a bheadh súil leis…Is Polaiteoir é! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 247 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, April 04, 2007 - 07:14 am: | |
cainteoir = bréagadóir = polaiteoir (????????) |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, April 05, 2007 - 09:32 pm: | |
Nuair a bhíonn ‘beola ar bogadh,’…ná clois a gcloisfidh tú! …greamaigh do shúil sna shúile an chainteora! Briseann an bhréag trí shúile ann!! |
|