Author |
Message |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 217 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, March 22, 2007 - 08:51 am: | |
Bhí Seán ar cholbha na leapa agus a athair ag saothrú an bháis. "A mhic ó!", arsa an seanduine, "coinnigh id cheann i gcónaí nach dtagann sonas de dhroim na maoine" "Is eol dom, a athair. Ach lig mo bhreith is mo dhá rogha agam i dtaobh na buartha is mó is ansa dom" |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 73 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, March 22, 2007 - 11:11 am: | |
á, 19 go 22. Tuigim an patrún anois. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 220 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, March 22, 2007 - 11:28 am: | |
Maith an fear! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2924 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 22, 2007 - 11:52 am: | |
Scaoil an rún mar sin! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 221 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, March 23, 2007 - 02:21 pm: | |
Mínigh an cás do Dhennis, a Mhise_fhéin, mar fhear maith. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2935 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 23, 2007 - 03:15 pm: | |
An dtabharfaidh tú dom na huimhreacha ar fad ó thús go deireadh? Ní cuimhin liom iad ar fad anois. B'fhéidir dá mbeidís uilg os mo chomhair amach... "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 23, 2007 - 03:35 pm: | |
A Dhinnis, ná bí chomh leisciúil. tá siad uile ós do chomhair thíos ;-) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 226 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, March 23, 2007 - 03:39 pm: | |
Ó! Mise a scríobh é sin! Cad d'imigh ar m'ainm, ní mé? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 77 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 09:30 am: | |
cheap mé go raibh patrún ann ach anois sílim go raibh dul amú orm. An bhfuil patrún ann a Fhirn. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 274 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 11:19 am: | |
Ó tá cinnte. Tá sé simplí go leor... ach mar sin féin ní fhéadaim an céad uimhir eile a thuaradh! (Sin leidín daoibh.) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 81 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 11:48 am: | |
scaoil amach é a chailín |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 275 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, March 26, 2007 - 12:38 pm: | |
Seo thuas "Scéilín.22" - féach an dáta ar ar breacadh é! Sin an patrún atá ar siúl (ó scéilin 7 i leith, ar aon chaoi.) Sin an fáth nach féidir liom an céad uimhir eile a thuaradh - bíonn Fearn istigh is amuigh orainn agus níl a fhios agam beo cén uair a bhfaighidh muid an chéad scéilín eile uaidh. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 230 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, March 27, 2007 - 07:24 am: | |
Lánmharcanna agat [arís], a Abigail. An cleas(!) a bhí ann, dar ndóigh go raibh DHÁ phatrún ann, ceann i ndiaidh a chéile. Leagann tú amach an darna patrún go paiteanta .i. dáta ( an lá ) a chuir mé an scéilín suas: sin uimhir an scéilín. Agus cad é an chéad phatrún? Ní hansa: Bhí an chéad scéilín gan uimhir (mar ní raibh uimhreacha im cheann). Le scríobh an darna scéilín, chuir mé DÓ leis mar uimhir, ní nach ionadh. Le scríobh an treas scéilín,(más buan mo chuimhne), chas mé ar an darna patrún mar sochastacht |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 616 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 22, 2007 - 10:34 am: | |
Cuireann Dia forrán ar Ghearmánach. "Cogar, a mhic, ar mhaith leat tacar Aithne?" "Cad is Aithne ann?" deir sé. "Bhal: Ná déan marú, mar shampla", deir Dia. "Ní mhaith" arsa an Gearmánach. Ansin cuireann Dia forrán ar Iodáileach. "Cad iad sin?" arsa an tIodáileach. "Bhal: Ná déan goid, mar shampla", deir Dia. "Ná bac leo" arsa an tIodáileach. Ansin cuireann Dia forrán ar Fhrancach. "Agus cad is Aithne ann, in ainm Chroim?" deir sé. "Bhal: Ná saintigh bean do chomharsan, mar shampla", deir Dia. " I dtigh Diabhail thú", arsa an Francach. Ansin cuireann Dia forrán ar Mhaois. "An mó atá orthu, na nithe seo, a dhia?" arsa Maois. "An mó?, saor in aisce iad, a mhic" deir Dia. "Beidh deich gcinn agam." arsa Maois |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6366 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 22, 2007 - 04:39 pm: | |
Agus an mbeidh scéilín breá mar seo uait ar an 22ú as seo amach? Nó an mbeidh feithimh seacht mhí orainn arís? |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 617 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 08:14 am: | |
Cuir uait an féilire sin, a aonghuis, is lig dod chroí labhairt amach! ;-) |
|